Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-06-21

Slí de Buitléar

In onóir do Éamon Óg de Buitléar, an scannánóir dúlra atá an lúb shiúlóid thart ar cheann Bhré ainmnithe. Thart ar uair go leith atá i gceist leis an shiúlóid. Threoraigh mé buíon de na Cnocadóirí air Déardaoin seo a d'imigh thart. Bhuaileamar le chéile ag an Stáisiún DART i mBré, agus seachas dul suas Ceann Bhré i dtosach (mar atá molta agus marcáilte) bheartaigh mé an siúlóid a dhéanamh droim ar ais. Is fearr liom féin fáil réidh le pé siúl ar bhóthair atá le déanamh ag tús na siúlóide! Mar sin shiúlamar tríd Siúlán Ailbhe, feadh Bóthar na Mí agus faid Bóthar na Cuairte Nua go Bóthar Vevay agus an timpeallán ag Bóthar Cros an Deiscirt. Díreach ó dheas uaidh sin tá cosán cúng a ghabhann idir an cumann gailf agus muine, agus a dhreapann go réidh go barr cheann Bhré.
Sara bhfad múchtar gleo na bóithre is an chathair. Ó tharla gur tráthnóna a bhí ann, chuala muid roinnt mhaith cantaireacht éin, agus chuala mé Snag Darach mar a tá le clos sa físeán thíos freisin sa mhuine beag atá gar do bharr an cnoic. Tá radhairc bhreátha le fáil fán mbealach - siar ar sléibhte Cill Mhantáin agus Átha Cliath, agus ó thuaidh ar Bhaile agus Bá Bhré agus Bhaile Átha Cliath - bhí na tinte aitinn ar Beann Éadair le feiceáil againn! Chaith muid seal ag an gCros ar bharr Ceann Bhré go dtí gur chlúdaigh scamall an ghrian agus thosaigh ag éirí fuar. Síos linn ansin go Promenáid Bhré. Tá an cosán síos Ceann Bhré síonchaite go maith agus an-ghéar, is gá bheith cúramach ar na clocha scaoilte.
Bhí greim agus deoch againn ag deireadh san caife Iodálach Campo de Fiori sular scaipeamar abhaile. Siúlóid thaitneamhach atá ann.
Radharc siar ar Sléibhte Chill Mhantáin
Radharc ó Thuaidh
Radharc ó Thuaidh
Ceann Bhré ó Bhóthar Putland
Roinnt Cnocadóirí ar bharr