Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-10-27

SLIOCHT – Ag tabhairt scríbhneoirí agus léitheoirí le chéile

Beidh deis ag pobal Oireachtas na Samhna, na Gaillimhe, Luimnigh agus Corcaí scríbhneoirí a fheiceáil ag léamh as a saothar nua sa mhí amach romhainn mar chuid den tsraith SLIOCHT.  Sraith léamhanna ar fud na tíre é SLIOCHT atá á eagrú ag an bhfoilsitheoir agus siopa leabhar, Cló Iar-Chonnacht, atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana.


Théis gach léamh beidh seisiún cainte agus ceiste ina mbeidh cuireadh ag an lucht féachana páirt a ghlacadh sa chomhrá faoi na saothair. Tá cead isteach saor in aisce chuig na himeachtaí ar fad.


Cuirfear tús leis an tsraith ag Oireachtas na Samhna ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair ag a 4.00 i.n. i Svuít Newcastle in Óstán Citywest. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag léamh ag an Oireachtas ná Alan Titley, Anna Heussaff, Micheál Ó Conghaile agus Réaltán Ní Leannáin.


Tiocfaidh SLIOCHT go Gaillimh ar an 4 Samhain ag a 8.00 i.n. i gClub Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, agus go dtí an Siopa Leabhar, Halla Íde, Sráid Thomáis, Luimneach ar an Déardaoin, 5 Samhain ag a 8.00 i.n. Is iad na scríbhneoirí a bheidh ag léamh ag na hócáidí i nGaillimh agus Luimneach ná Micheál Ó Conghaile, Jackie Mac Donncha agus Réaltán Ní Leannáin.


Beidh SLIOCHT i gCorcaigh ar an Satharn, 28 Samhain ag 6.30 i.n. i nGael Taca i gcathair Chorcaí. Is iad na scríbhneoirí a bheidh le feiceáil ag an léamh i gCorcaigh ná Colm Ó Ceallacháin, Pádraic Mac Fhearghusa, Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc.

Na Scríbhneoirí

Micheál Ó Conghaile

As Inis Treabhair ó dhúchas é Micheál Ó Conghaile. Bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht in 1985 agus é fós ina mhac-léinn ollscoile i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh mar atá anois).  Ó shin tá os cionn 600 leabhar agus 300 albam ceoil traidisiúnta eisithe ag an gcomhlacht agus is iomaí gradam scríbhneoireachta atá buaite ag Micheál féin, an Hennessy Young Irish Writer of the Year Award ina measc. Léifidh sé as a chnuasach iontach nua gearrscéalta Diabhlaíocht Dé (CIC 2015) ina bhfuil líníochtaí úrnua leis an ealaíontóir Árannach Seán Ó Flaithearta.

Jackie Mac Donncha

As Cill Chiaráin ó dhúchas do Jackie Mac Donncha. B’as Cill Chiaráin a mhuintir agus chaith an bailitheoir béaloidis Séamas Ennis cuid mhaith ama le clann athar Jackie ag bailiú béaloidis agus ceoil uathu. Thug sé féin faoin scríbhneoireacht den chéaduair in 1990. Is mar chaitheamh aimsire aige a bhí an scríbhneoireacht i dtosach ach níorbh fhada nó gur léir go raibh bua ar leith aige. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a chéad chnuasach filíochta Gaineamh Séidte sa bhliain 2003. Ó shin tá úrscéilín Aileach (CIC 2010) agus cnuasach gearrscéalta Bróga Johnny Thomáis (CIC 2013) foilsithe leis. Beidh cnuasach nua gearrscéalta do dhaoine óga leis á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Réaltán Ní Leannáin

As Béal Feirste ó dhúchas í Réaltán Ní Leannáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá gradaim agus gearrliostáil bainte amach aici dá cuid scríbhneoireachta le blianta beaga anuas. Ina measc, bhuaigh ‘Clic’ an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine sa bhliain 2014, agus bhuaigh an gearrscéal ‘Dílis’ duais i gComórtas Liam Mhic Uistín sa bhliain 2013. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta léi, Turas Ailse, sa bhliain  2011.  Tá a cuid scríbhneoireachta ar fáil freisin ar a blag: turasailse.blogspot.com.. Is é Dílis, a seoladh ag tús mhí Dheireadh Fómhair, a céad chnuasach gearrscéalta.

Alan Titley

Rugadh Alan Titley i gcathair Chorcaí in 1947. Úrscéalaí, gearrscéalaí, scríbhneoir drámaí, colúnaí seachtainiúil le The Irish Times ar chúrsaí reatha agus cultúrtha. Aistritheoir Cré na Cille / The Dirty Dust a d’fhoilsigh Yale University Press in 2015 i gcomhair le Cló Iar-Chonnacht. Ceapadh é mar Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh in 2006. D’éirigh sé as sa bhliain 2011 agus é ina Ollamh Emeritus ó shin. Tá cónaí air i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Is é an t-úrscéal is deireanaí aige ná An Bhean Feasa (CIC 2014).

Anna Heussaff

Ó thosaigh Anna Heussaff ar an scríobh cruthaitheach sa bhliain 2002, foilsíodh cúig úrscéal Gaeilge léi: Bás Tobann (Cois Life, 2004) agus Buille Marfach (CIC 2010), dhá úrscéal mistéire do léitheoirí óga, Vortex (Cois Life, 2006) agus Hóng (CIC 2012), agus úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal (Cois Life, 2007). Bronnadh mórdhuais Chomórtais Liteartha an Oireachtais ar gach úrscéal díobh agus thuill Hóng Gradam Speisialta na Moltóirí Leabhair Pháistí Éireann. I mí na Samhna seolfaidh Cló Iar-Chonnacht a húrscéal nua bleachtaireachta Scáil an Phríosúin, atá suite i gceantar stairiúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath,  Rugadh Anna Heussaff in 1957 agus tógadh le Gaeilge í i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil cónaí uirthi inniu lena fear céile agus a mac.

Pádraig Mac Fhearghusa

Iarmhúinteoir scoile is ea Pádraig Mac Fhearghusa. Bhunaigh sé Scoil Lán-Ghaeilge Mhic Easmainn i dTrá Lí in 1978. Scríobh sé Stair Chonradh na Gaeilge i gCiarraí (Coiste Dúiche Chiarraí de Chonradh na Gaeilge, 1995). D’fhoilsigh An Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980.
Gnóthaigh na cnuasaigh Mearcair (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1996) agus An Dara Bás (Baile Átha Cliath, 2002), príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais. In 1997 a d’fhoilsigh sé Tóraíocht an Mhíshonais (Baile Átha Cliath: Coiscéim), méar ar eolas i nGaeilge ar shíceolaíocht Freud agus Jung. Tá sé ina eagarthóir ar Feasta, míosachán liteartha agus polaitíochta Chonradh na Gaeilge ó 1996.

Mícheál Ó Ruairc

File, gearrscéalaí agus úrscéalaí ó cheantar an Leitriúigh i gCiarraí. Rugadh sa leithinis ar a nglaotar Clochán Bréanainn sa cheantar sin. Is iomaí duais liteartha atá buaite aige i gcomórtais an Oireachtais. Ina measc, bronnadh Duais an Mhaolánaigh ar an ngearrscéal ‘Daoine a Itheann Daoine’ agus príomhdhuais an Oireachtais ar an gcnuasach den teideal céanna a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2010. Bronnadh buanthrófaí Chonradh na Gaeilge i gcomórtas Ráth an Dúin / Dún Laoghaire in 2007 ar a dhán ‘Naomh Caoimhín agus na hÉin’. Bíonn sé ina stiúrthóir rialta ar cheardlanna scríbhneoireachta. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath.

Colm Ó Ceallacháin

Foilsíodh scéalta le Colm Ó Ceallacháin in Comhar, Feasta agus Southword, agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aige ar chuid díobh sin. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain air in 2013 i Litríocht na Gaeilge. Tá cónaí air i gCorcaigh agus oibríonn sé in earnáil na hóige. Is é I dtír mhilis na mbeo, a fhoilseoidh Cois Life in 2017, a chéad chnuasach gearrscéalta.

2015-10-26

1915

Bí ag faire amach d’Aisteoirí Bulfin Bhaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag, nuair a chuirfidh siad an seó is déanaí acu, 1915, ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Aisteoirí Bulfin, Laraedó (2013). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe le haghaidh 1915 go luath! Tá rátaí grúpa ar fáil chomh maith i mbliana. Gach eolas thíos.
 
Ionad 1:           Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8
Dátaí: 2, 3, 4 & 5 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (01) 677 0014 agus www.smockalley.com
 
Ticéid do na léirithe i Smock Alley:   €15 (mic léinn agus pinsinéirí €12; lascainí do ghrúpaí 8 nó níos mó le fáil ach glaoch ar (01) 677 0014 – ráta grúpa €10)
 
Ionad 2:           Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Dátaí: 12 Nollaig
Am: 8 pm
Áirithintí: (028) 9096 4180 agus www.culturlann.ie
 
“Roghnaigh siad an bhliain mhícheart.
Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n‑éirí amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!”
 
Feicfimid ann sibh!
 
Foireann 1915
 
Breis eolais faoin dráma (féach thuas le haghaidh áirithintí):
Facebook: facebook.com/aisteoiribulfinBAC
Twitter: @aisteoiribulfin
Ríomhphost: aisteoiribulfin@gmail.com
Guthán: Méabh Ní Loingsigh (087 2940476) & Sinéad Ní Uallacháin (087 9512831)
 

2015-10-11

Dílis

Trí chinn déag de ghearrscéalta láidre atá sa chnuasach seo le Réaltán Ní Leannáin. Tá craos léitheoireachta déanta agam ó tháinig an leabhar sa phost chugam de hAoine.

Mar a luaigh sí féin in agallamh le Raidió na Life, ó dhearcadh na mban atá na scéalta scríofa, agus anáil láidir a áit dhúchais san Tuaisceart orthu.
Ach is scéalta uilíocha iad; agus iad scríofa go láidir sa chaoi is go dtéann siad i bhfeidhm ar an léitheoir. Le cúpla abairt cuirtear scéalta iomlán inár láthair, ár mbá á mhúscailt leis na carachtar. Luaigh Réaltán nach raibh téama ag baint leis na scéalta, ach mhothaigh mé féin go raibh téad láidir á nascadh - an ghrá ina ilghnéitheacht iomlán - idir leannáin, idir tuismitheoirí agus gasúir, an nasc a iompraíonn teaghlaigh ó ghlúin go glúin, ainneoin drocheachtraí agus míthuiscintí. Is ní gnáth sonas gan donas a bheith ina orlaí tríd, agus ní taise do na scéalta seo é.  Minic go leor tagann deireadh an scéal aniar aduaidh ar an léitheoir, cor ann a nochtann léamh nua ar eachtraí an scéil agus ar na pearsana.

Tá mé ag súil le bheith ann do sheoladh an leabhair ar an Satharn, mar chuid d'Fhéile IMRAM

Dílis
Cló Iar-Chonnacht
Réaltán Ní Leannáin

Tagairt: 9781784441234   

Nóta: Táim buíoch de Chló Iar Chonnacht as cóip léirmheastóireachta a bhronnadh orm.