Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-16

Cérinneachán cumhachtach comhaimseartha cathrach

Bhí mé i láthair san Patriots Inn plódaithe nuair a sheol Aengus Mac Grianna an seod is déanaí seo le Anna Heussaff. Bhí mé ann luath agus thapaigh mé an deis cóip a cheannach agus a fháil sínithe sular tháinig an slua (agus thángadar!)

Ina chuir síos ar an leabhair luaigh Aengus go bhfuil an scéal suite go paiteanta in cumasc chathair ilchineálach Átha Cliath na fiche haonú aoise, go sonrach i gCeantar Cill Mhaighneann. Ceantar ina bhfuil an iliomad teangacha á labhairt, ach a théann siar go tús staire Átha Cliath chomh maith. Is iontach mar a éiríonn le hAnna Heussaff scéinséir ina bhfuil an sean agus an nua seo lárnach a reic i nGaeilge ar bhealach nach gcuireann isteach ar fionraíocht an díchreideamh in aon chor.

Is deacair léirmheas a dhéanamh ar cérinneachán gan barraíocht noda a sceitheadh. 

Filleann roinnt de carachtar Buille Marfach (atá anois ar mo liosta athléamh!) - an t-iar iriseoir Aoife Nic Diarmada, agus an garda Réamonn Seoighe. Cara le hAoife atá dúnmharaithe, agus is ise a aimsíonn í cillín i bPríosúin Cill Mhaighneann, áit a raibh taispeántas staire ag a cara Saoirse. Bhí fios curtha ag Saoirse ar Aoife ó Iarthar Chorcaí, rud tábhachtach le plé léi.

Ar an oscailt pléascach sin tógann Anna cérinneachán den scoth, le caidrimh corraitheacha (agus collaí scaití) idir na carachtar, agus le snáthanna iomadúla fianaise a nochtar dúinn diaidh ar ndiaidh, ach ar dóigh nach bhfeadfá bheith cinnte gur le bréidín an aon scéil a bhaineann siad.

Tá saol na linne seo, agus cathair-dhreach an cheantair fite fuaite i scéal iontach láidir, scéal a bhaineann go cinnte leis an lá inniu. Sa mhullach ar scéal bleachtaireachta den scoth tá cáipéis sóisialta bronnta ag Anna orainn, agus ceisteanna tarraingthe anuas aici arbh fiú machnamh orthu - ar leibhéal an aonaráin agus ar leibhéal an phobail.

Mholfainn an scéal seo d'aoinne ar spéis leo scéinséirí - agus mar a luadh ag an seoladh bíonn Simon, nuachar Anna de shíor ag rá "Táimse ag fanacht ar an scannán". Tá, agus mise leis. Glacaim leis go mbeidh Anna Sweeney, alter ego an Bhéarla ag Anna ag tabhairt faoin leabhar seo a chuir ar fáil do mhargadh an Bhéarla mar a rinne le Buille Marfach (Deadly Intent, Severn House). Bá bhreá liom dá nglacfadh Rosg nó a leithéidí an t-ábhar agus scannán a dhéanamh as roimhe sin!

Scáil an Phríosúin
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht 2015
ISBN 9781784441197