Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-11-22

Splanc na Beatha agus Cultúr an Bháis

Léigh mé eagrán 1986 de shaothar Viktor Frankl, "Man's search for meaning" le déanaí. Roimhe sin, na blianta ó shin, bhí saothair dírbheathaisnéise Primo Levi Se questo è un uomo (Más duine é seo) agus I Sommersi e i Salvati (na báite agus na slánaithe) léite agam (as Gearmáinis ó tharla nach bhfuil Iodáilis agam), Léigh mé freisin úrscéal Remarque Der Funke Leben (Splanc na Beatha).

Saothair iad seo ar fad atá fáiscthe as taithí campaí géibheann na Naitsíoch - taithí phearsanta i gcás Frankl agus Levi, samhlaíocht i gcás Remarque, a theith go luath i ré na Naitsíoch. (Rud a fhágann a shaothar siúd conspóideach).

Is san uafás a rugadh na saothair seo, ach baineann siad le dóchas, le maireachtáil. Go háirithe i gcás Frankl a lean ar aghaidh lena shaothar i ndiaidh an chogaidh ag cabhrú le daoine dóchas agus brí a aimsiú ina saoil, agus ag maolú fadhbanna intinne ar an dóigh sin.

Ag deireadh a leabhar san eagrán a léigh mé tá nath
Ó aimsir Auschwitz tuigeann muid cad atá ar chumas an duine
Ó aimsir Hiroshima tuigeann muid cad atá i ngeall
Fiú roimh an t-uafás is déanaí i bPáras, bhí mé ag machnamh ar an gceist seo. Tá géarchéim dóchais ann faoi láthair san Iarthar. Léigh mé ar na mallaibh go bhfuil ardú as cuimse i líon na bhfear geal i Meiriceá atá ar bheagán oideachas a chuireann lámh ina mbás féin - agus an bhfíric sin nasctha le mí úsáid alcóil agus drugaí. Tá fadhb forleathan abhus freisin i measc fir óga ach go háirithe.

Caithfidh muid, ar mhaithe linn féin, bealach a aimsiú go mbeidh dóchas agus brí san saol do gach saoránach; tá gach saoránach de dhíth orainn.

Ar ndóigh is creidmheach mé féin, agus faighim dóchas ansin. Ach is tíolacadh atá sa chreideamh a chaithfear glacadh leis agus nach féidir bronnadh ach tríd sampla. Níl aon mhaitheas in eagar seachtrach an phobail a bhfuil cuma an chreidimh air, rud a rinne go leor dochair san tír seo cheana.

Níl fuascailt na faidhbe agam, ach tá fadhb ann ar mithid aghaidh a thabhairt air. Tá sé suntasach dar liom go ndearnadh radacaigh as na fir óga atá freagrach as ár Pháras laistigh d'aimsir an-ghairid; go rabhadar roimhe sin tugtha d'ól agus ragairne. Is léir go raibh parrthás bréige agus cinnteacht lucht Daesh tarraingteach ar dhóigh éigin dona leithéidí - agus go mbeidh tuathghríosóirí eile ag treabhadh sa bhranar daonna céanna agus ag cur fiacla dragan ann. B'fhearr don sochaí sibhialta aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Dlitear dínit do gach duine.