Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-01-24

Marion Gunn: Cloch ar Charn

Níor casadh Marion Gunn orm san fíor saol ach dornán uaireanta agus ní dóigh liom gur mhalairt muid thar leath dosaen focail na huaireanta sin féin. Tá ríomhaithne agam uirthi ó na 1990í áfach, nuair ba téad riachtanach leis an nGaeilge dom an liosta rphoist Gaeilge-A. Bhí cuir amach agam ar a saothar san ríomhaireacht, agus úsáid a bhaint agam as an eolaire a chuir EGT ar fáil (seo blaiseadh ón inneall anallód) Bhí fhios agam go raibh logánú déanta aici agus Michael Everson ar go leor bogearraí don Mac, ach níor bhain mé leis an macshlua riamh. Bhain mé úsáid áfach as na clónna a dhear Michael Everson agus a scaip EGT agus tá diosca 3 1/2 orlach agam fós, ach gan fearas agam lena léamh.

Ach nuair a dhruid Apple doras na Gaeilge ar chúiseanna chostais ghlac Marion páirt san logánú ar táirgí Mozilla. Tá Firefox i nGaeilge in úsáid agam ó tháinig ann dó (táim a scríobh seo ann) - agus tá ceannródaíocht Mharion agus daoine eile aitheanta anois fiú ag comhlachtaí príobháideacha - tá an leagan Windows atá in úsáid anseo agus san oifig agam i nGaeilge.

Ceannródaí de chuid na ríomhlóide a bhí inti, agus ba ar an mbonn sin a d'fhreastail mé ar a sochraid inné. Ba léir an líon dreamanna lena raibh baint aici leo ag an Aifreann céanna. Pádraig Ó Cuill, O.F.M.Cap a cheiliúir an Aifreann, ceann dá comhbhadóirí san Comhdháil Ceilteach. Bhí go leor ó shaol acadúil agus cultúrtha na Gaeilge; agus go leor ó Clann Leathlobhar - a mbrat buí agus dearg siúd a chlúdaigh an cónra. Bhí a comhghleacaithe ó COBÁC ann freisin.

Tugadh aitheantas do na gnéithe siúd ar fad san Aifreann, i nGaeilge don gcuid is mó, ach roinnt i mBéarla ar mhaithe leo siúd gan an teanga a thug Marion a croí di.

Braithfidh muid uile uainn í, ar an mbealaí féin. Go raibh suaimhneas síoraí aici, agus leaba i measc naomh na nGael.