Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-05-25

Íde na Tine

Bhí mé in amharclann Smock Alley aréir don Tionscadal is déanaí de chuid IMRAM - Íde Na Tine: Tionscadal Joni Mitchell

Ní bheadh sí ar na hoirfidigh a éistim go minic leo, mar sin ní raibh mé ag teacht chuig an taibhe ag dréim le haon rud faoi leith. Gan amhras bhí roinnt de na leaganacha trascruthaithe ag Gabriel feicthe agam agus mé á chuir ar an mblag. Na leaganacha sin maille leaganacha le Liam Ó Muirthile a cuireadh i láthair, amhráin faoi chastacht an ghrá agus saol an cheoil.

Caitríona O'Leary a bhí ag canadh, le tionlacan ó Dick Farrelly (giotár), Nick Roth (saxophone), Dave Redmond (dord) agus Graham Hopkins (drumaí). Níl locht ar bith agam ar an cuir i láthair ó thaobh na teicnice de; bhí sé glan, slachtmhar agus tá guth álainn aici. Bhí an tionlacan snasta, ag treisiú a cuid amhránaíochta gan é a bhá, agus deis an na hoirfidgh a scil a léiriú in aonaráin nuair ba chuí. Bhí léiriú físe Margaret Lonergan fite go cumasach as íomhánna de Joni Mitchell í féin agus íomhánna láidre eile, idir grianghraif agus ealaíon.

Ach bhí splanc éigin ar lár. Níor labhair Caitríona focal ón ardán seachas an méid a chan sí; níor cuireadh na hamhráin i láthair; deis caillte a bhí ansin atmaisféar a chruthú. Níor cabhraigh sé go raibh go leor suíocháin folamh ar gach taobh den ardán.

Bhí an cuir i láthair ró íon b'fhéidir - ní raibh an ceol ag teacht go hiomlán le fiántas an mothúcháin sna liricí. 

Tá mé fós sásta go raibh mé i láthair; ach níor croitheadh mé mar a rinneadh ag tionscadail eile - Marley nó Cohen ach go háirithe.