Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-06-30

An Béarla san Eoraip

Chuir mise tús le mo shaol gairmiúil sa Ghearmáin. Tarlaíonn sé gurbh i mBeirlín nó san Gearmáin Thoir a bhí na tograí ar fad - tramanna agus traenacha faoi thalamh - a raibh mé ag obair orthu sna blianta tosaigh. Ba Gearmáinis (agus PL/M nó C, ach sin scéal eile) mo theanga oibre dá réir. Bhí comhghleacaithe liom áfach a bhí ag obair níos faide i gcéin - an tSualainn, An Ungáir, an tSín fiú. Bhí Béarla riachtanach dóibh siúd. 

Ansin cuireadh ag obair mé i dtogra ilnáisiúnta laistigh den gcomhlacht, tar éis cumasc le hollchomhlacht eile. Sualannaigh, Eilvéisigh (Gearmáiniseoirí ) agus dhá ionad sa Ghearmáin a bhí i gceist. Béarla an teanga oibre; iarradh ormsa go sonrach páirt a ghlacadh mar chainteoir dúchais Béarla. Níorbh fhada gur thuig mé nach gá gur buntáiste sin. Bhí Béarla líofa ag na Gearmáinseoirí - ach sár líofa ag na Sualannaigh. Ach Béarla ar leith a bhí ann; tionchar láidir ag a teangacha agus a meoin féin ann. Bhí foclóir níos leithne agamsa gan amhras - ach scaití is míthuiscintí a chothaigh sin seachas bheith ina bhuntáiste. Is cuimhin liom bheith ag cáineadh cáipéis as a chuid "turgid prose" - cheap go leor go raibh mé a spochadh as na hEilvéisigh a bhí lonnaithe in áit darbh ainm Turgi!

Murach Gearmáinis líofa a bheith agam, agus smeadar Fraincise agus Spáinnise, is dóigh liom go mbeadh deacrachtaí agam leis an gcineál Béarla a úsáidtear go gairmiúil san Eoraip.

Ó d'fhill mé go hÉireann agus i bpostanna éagsúla, táim ag plé fós le tíortha ar fud na hEorpa. As Béarla de chineál a bhíonn an bplé sin, ach tá tionchar na dteangacha eile air. (Shamhlóinn gur mó fós sin i gcás Béarla an AE, áit a bhfuil; focail Fraincise fite tríd an "acquis"). Sampla a bhain stangadh asam an gcéad uair a tháinig mé air ná "Responsible" mar ainmfhocal, don té a bhí freagrach as rud. Díreach ón bhFraincis.

Ag deireadh an lae níl i bhfoclóir ach cuid den cumarsáid; tá cultúr agus comhthuiscint i bhfad níos tábhachtaí ná foclóir nó fiú gramadach chun tuiscint a dhearbhú sa chumarsáid.

Tá Béarla ina Lingua Franca, ní hamháin san Eoraip, ach ar fud na cruinne; ní hamháin ag maorlathaigh ach níos mó fós ag aos acadúil agus teicneolaíochta. Botún atá ann áfach talamh slán a dhéanamh de go bhfuil buntáiste ansin don cainteoir dúchais aonteangach Béarla. Níl; is minic a chothaíonn saibhreas a Bhéarla siúd míthuiscint, go háirithe nuair a tharraingíonn sé meafair agus nathanna chuige féin, rud a déantar de ghnáth i ngan fhios, go háirithe ag an té atá dall ar theangacha eile. (Mar a dúirt Goethe, tá an té atá gan eolas ar theangacha eile caoch i leith a theanga féin)

Go deimhin, táthar ann a mhaíonn gur leor Globish - canúint ar leith Béarla nach bhfuil ann ach 1500 focal, don cumarsáid gnó.

Tátal an fhánaíocht smaointe seo? Cothaímis ar gcuid Béarla, ach cothaímis freisin tuiscint ar chultúir eile na hEorpa - agus is deacair sin a dhéanamh gan a gcuid teangacha fhoghlaim.