Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-06-12

An Fuadach

Léigh mé Kidnapped le Stevenson agus mé sna déaga luaithe. Ní dócha gur thuig mé an stair ag an am, ná go deimhin gur pearsa stairiúil é Ailean Breac Stiùbhart, ná gur tharla Marú na hApann atá lárnach sa scéal, dáiríre.
Ní raibh mé ag lorg an uair úd ach pléisiúr na léitheoireachta. Déanta na fírinne sin atá á lorg fós agam.
Ach tá gné ar leith sa leagan seo atá déanta ag Darach Ó Scolaí den scéal gaisce; scéal atá ann dáiríre faoi imeacht as saol - saol na nGael in Albain; agus faigheann muid léargas air tríd súil Ghall óg, a bhfuil col de bharr creideamh agus oideachas aige leis an saol sin, agus é dall ar an gcultúr. Mar sin féin feiceann sé roinnt ar fiú meas a thabhairt dó.
Ach tá an scéal athinste i nGaeilge bhríomhar, ag cuir leis an blaiseadh ar choimhlint na gcultúir, sa mhéid is gur teanga an dreama atá thíos atá á léamh.
Scéal eachtraíochta agus scéal "bóthair" den scoth atá ann, ar ndóigh, Dáibhí Balfúr ag lorg a ghaolta tar éis bás a thuistí, ach é ag aimsiú fáilte fhuar, agus feall. É ag teacht le chéile ansin le hAilean Breac, agus gafa ansin le heachtra Marú na hApann, agus iad araon ag teitheadh ar son a n-anam trasna Gaeltacht na hAlbain.
Cíortar caidreamh Gall is Gael tríd caidreamh thuas seal, thíos seal na beirte, agus an meán aicme nua measúil ag teacht in áit an uaisleacht treibheach feodach.
Scéal den scoth, agus athinsint bhríomhar.
Cuireann na léaráidí le Wyeth go mór leis an leabhar, mar a rinne i gcás Oileán an Órchiste.

Leabhar snasta eile ó Leabhar Breac. Ana léamh agus ábhar machnamh ann. Tá an aistriúchán den scoth, cé go gcothaínn nath Ailean Breac "I bear a King's Name" deacracht, de bhrí nach ionann ainm agus sloinne!

An Fuadach
Robert Louis Stevenson
304 Lch, crua
ISBN 978-1-909907-65-2