Píosaí liom in áiteanna eile:

2016-07-16

Gobblefunked

Tá suíomh nua ag plé le litríocht na nÓg ann anois - Gobblefunked. Tá fonn orthu rannóg as Gaeilge a bheith acu, agus cuireadh cogar i gcluas leo go bhfeadfadh mise cabhrú leo. Táim breá sásta sin a dhéanamh agus má bhíonn leabhar i nGaeilge do dhaoine óga á phlé agam is dócha gur thall a bheidh sé le léamh - anseo.
Scríobh mé giota as Béarla dóibh freisin faoi mo thaithí féin ar an nGaeilge agus ar an léitheoireacht.

2016-07-07

An tIriseoir

Tá mé tar éis tosú ar phost nua, nó le bheith cruinn ag filleadh ar phost a bhí agam roinnt blianta ó shin. Fágann sin go mbeidh turas sách fada ar obair agam, ó cheann ceann an líne DART, ó Na Clocha Liatha go Mullach Íde. Bhí fhios ag mo chomhghleacaithe sin, agus bhronn siad Kindle orm mar féirín imeachta. 

Ní raibh mórán suim agam go dtí seo ina leithéidí, ach tá roinnt leabhair i nGaeilge ar fáil anois dó - thapaigh mé an deis An tIriseoir - a bhí ar mo mhianliosta cheana - a cheannach dó agus é a léamh.

Táim sásta go maith leis an taithí léitheoireachta ar an Kindle, (an leagan Paperwhite) atá ann. Ainneoin go bhfuilim freisin ag dul i dtaithí ar spéaclaí fócas céimnitheacha, bhí mé in ann an leabhar a léamh gan aon stró.

Luaigh Eoin P Ó Murchú ina léirmheas siúd go bhfuil an leabhar sách gairid. Aontaím leis! Tá an méid atá ann iomlán agus scéal breá teannais - scéal coirpeach inste ó léargas iriseora a bhfuil a saol teaghlaigh féin fite fuaite san scéal. Ach bhí cor nod anseo agus ansiúd a d'fhéadfaí forbairt a dhéanamh air le cuir leis an scéal. 

Mar chéad iarracht ficsean bhí sé an láidir áfach, agus tuigim nach dtig le mórán scríbhneoirí Gaeilge díriú isteach go hiomlán ar an scríobh cruthaitheach. Go deimhin, murach Scéim na nOidí de chuid Foras na Gaeilge ní dócha go mbeadh an leabhar seo againn beag ná mór - tuilleann Michelle a cuid le hiriseoireacht agus is máistir sách crua ó thaobh ama de an gairm sin. 
 
Tá an scéal bunaithe go hiomlán ar thaithí agus saol iriseora, Bríd, arbh as Gaoth Dobhair di ach atá imithe chun na hardcathrach le fadhbanna ina saol a sheachaint. Seoltar ar ais í áfach chun iniúchadh a dhéanamh  ar scéal faoi dhrugaí. Bíonn an scéal fite fuaite lena saol féin, a caidreamh lena máthair agus lena mac, agus smál agus scáil óna stair ar an gcaidreamh sin. Insítear go maith é - tá máistreacht ag an údar ar an scil "Ná hinis, taispeáin" agus is leor gotha nó nod chun tógáil ar an scéal.


Braithim go bhfuil an ábhar scannáin san leabhar freisin - mionsraith fearacht An Bronntanas nó Corp agus Anam - agus seans go mbeadh deis ansin forbairt agus téagar a thabhairt do na carachtar seachas Bríd, agus doimhneacht a chuir leis na caidrimh is na heachtraí. 

Dála an scéal, chomh maith leis an leabhar cló agus an ríomh leabhar tá an scéal le clos ar Soundcloud (agus is féidir é íoslódáil saor in aisce; cuid de fheachtas margaíochta Cois Life)

Michelle Nic Pháidín
An tIriseoir
ISBN: 978-1-907494-57-4
Foilsithe: 2016