Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-24

Aistriúchán, claíomh dhá bhéal

Tuigeann tuismitheoirí go bhfuil sé deacair leanaí a spreagadh chun léamh as Gaeilge. Fiú - mar a bhí i gcás mo mhic - nuair is léitheoirí móra iad i dteangacha eile. Fáinne fí atá ann. Ceal ábhar, is annamh leabhar Gaeilge acu. Fágann siad easpa taithí orthu. Rud a fhágann iad ag ceapadh go bhfuil Gaeilge deacair. Rud a fhágann doicheall orthu Gaeilge a léamh. Rud a chuireann leis an easpa taithí....

Dóigh amháin dul le dul i ngleic le heaspa ábhar ná aistriúchán.

Mar a rinne An Gúm ag tús a ré. Tá míchlú ar an scéim sin toisc go raibh roinnt de na scríbhneoirí móra a bhí fostaithe faoin scéim - na Griannaigh ⁊ Ó Cadhain, mar shampla - thar a bheith cáinteach faoi. Níl aon cheist áfach gur chuir siad ábhar ar fáil i nGaeilge den scoth, agus go raibh cuid de na leabhair féin thar barr. (D'aimsigh mé féin cóip de An Mairnéalach Dubh le Conrad aistrithe ag Seosamh Mac Grianna, ardleabhar). Mheas na scríbhneoirí áfach go raibh fuinneamh á tharraingt óna mbun saothar, agus go raibh siad múchta i maorlathas.

Tá margadh na leabhair Ghaeilge ana bheag dar ndóigh, rud a chiallaíonn go bhfuil pátrúnacht de dhíth. Agus ciallaíonn pátrúnacht stáit maorlathas.

Tá foilsitheoirí na linne seo ag baint feidhm as cúpla modh chun dul i ngleic leis an easpa ábhar, cuid acu ag aistriú as teangacha seachas Béarla.

Ach tá rabharta le déanaí d'aistriúcháin ar leabhra mór ráchairt Béarla - Cúigear Cróga ⁊ Dónal Dána ag Cló Iar Chonnacht, Danny Seaimpín an Domhain ag Leabhar Breac, Dialann Dúradáin ag Futa Fata. Tá na haistriúchán ar ardchaighdeán, Gaeilge shaibhir ghlé. Is léir na buntáistí margaíochta a bhaineann leis an gcur chuige seo. Go háirithe i gcás leanaí a mbíonn tionchar ag a bpiarghrúpa scoile orthu.

Tá dornán úrscéal téagartha aistrithe freisin  - An Hobad, Harry Potter agus an Órchloch, Artemis Fowl, An Leon, An bandraoi agus an Prios éadaigh. Le déanaí Cluiche na Corónach.

Mar a tharlaíonn, bhí na leabhair seo léite as Béarla ag mo chlann i bhfad roimhe. Rinne m'iníon beagán de Harry Potter a léamh.

An deacracht anseo ná nach bhfuil ar fáil ach an gcéad leabhar de sraith. Músclaítear tochas agus níl d'fhaoiseamh ar fáil ach an sraith a léamh as Béarla....

(Mothaím féin an tochas i gcás Cluiche na Corónach).

Tá súil agam go n-oibreoidh an cur chuige chun cur le pobal léitheoireachta na Gaeilge, ach go bhféachfar chuige freisin chuige go mbeidh acmhainní ann do scríbhneoirí bunsaothair agus go ndéanfar margaíocht orthu.

Is maith ann an Club Leabhar agus Aon Scéal ar Raidió na Life. Fáiltím roimh an clár léirmheasa ar TG4 anocht.

Agus sin mo racht go nuige seo.