Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-04

Chughainn an Geimhreadh

Bhí drogall orm dul i ngleic le Cluiche na Corónach. Tá caill an fhoiréigin agus na chollaíochta foréigní ar an sraith teilifíse, agus is beag goile atá agam dona leithéidí. Chuala mé rudaí dearfacha faoin aistriúchán seo áfach, agus ar ndóigh níl léamh chomh gáifeach céanna le slaoda fola ar an scáileán.

Thug an Nollaig deis dom an leabhar a cheannach (do mhac liom, mar dheá).

Is annamh úrscéal chomh toirtiúil leis as Gaeilge, mar go bhfuil dua agus am de dhíth, nithe nach bhfuil ar fáil don scríbhneoir ócáidiúil Gaeilge, a bhfuil air nó uirthi beatha a shaothrú ar mhodh éigin eile.

Is mór an éacht an aistriúchán seo, a rinneadh don mórchuid agus Oisín Ó Muirthile ag tabhairt faoin Ardteist.

Domhan feodach le imir de dhraíocht ón alltar atá cruthaithe ag George Martin. Cuireann Ó Muirthile craiceann sochreidte Gaeilge air. D'fhág easpa taithí ar an réimse seo scríbhneoireachta go raibh go leor leaganacha ann nach mbeadh i'm foclóir gníomhach. Ach bhíodar soiléir ón gcomhthéacs, mar sin cé gur dhearbhaigh mé roinnt acu ar ball sa bhFoclóir, níorbh aon dris chosáin dom san léamh iad.

Tá an scéal féin láidir, iomaíocht idir teaghlaigh  do cumhacht i sochaí feodach. Go leor uisce faoi thalamh, éad, amhras agus forneart. Polaitíocht agus lámh láidir in iomaíocht. Roinnt collaíochta freisin, gan amhras, ach níor bhraith mé é bheith gáifeach ná gliúcach don mórchuid. Bhí feidhm leis sa phlota.

Léirítear an scéal ó dearctha éagsúla, agus go deimhin gineadh bá ionam do na carachtar ar fad a bhí ag iarraidh an rud cuí ceart a dhéanamh i domhan casta gur minic go raibh an ceart doiléir.

Tá fadhb anois agam, ar ndóigh. D'fhág deireadh an leabhar go leor scéalta gan réiteach. Tá fonn orm fáil amach cad a bhain do na carachtar a bhfuil gean éigin orthu ginte ionam orthu. Ach de réir mo thuisceana, bhí ríchíos ard i gceist le cearta aistriúchán a bhaint amach, agus níl aon chinnteacht go leanfar leis an aistriúchán.

Mar a tharla i gcás Harry Potter, Artemis Fowl agus (go dtí seo cibé) Narnia - agus iadsan dírithe ar mhargadh léitheoireachta atá níos fairsinge ná margadh na daoine fásta.

Tréaslaím a shaothar le Oisín Ó Muirthile agus Leabhar Breac. Tá súil agam go mbeidh ar a gcumas cuir leis.

Cluiche na Corónach
George R. R. Martin

€18.00

800 lch; clúdach bog;
ISBN 978-1-909907-83-6