Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-01-30

Diostóipe ár linne

Tuairiscítear go bhfuil borradh faoi díolaíocht 1984 George Orwell mar thoradh ar theacht in oifig Trump agus an flosc atá faoi.

Úrscéal faoi diostóipe ina bhfuil Sasana - Airstrip One - ina chuid de dheachtóireacht amháin ollsmachtachais. Tá an páirtí faoi cheannas Big Bother i réim i ngach gné de shaol cách, seachas an daoscarshlua - na proles - nach baol iad dá bhflaitheas. Tá an domhan roinnte ina trí chuid a mbíonn cogadh síoraí eatarthu. Tá namhaid inmheánacha ann, aghaidh tugtha dóibh trí duine a ainmniú mar cheannaire. Samhail an tsaoil atá ag teacht, dar le Orwell - buatais mhíleata ag satailt aghaidh daonna, go deo.
Sóisialach ab ea Orwell, a chonaic go soiléir an bóthar a raibh an Aontas Sóibhéadach ag glacadh faoi Stailín. Bhí taithí phearsanta aige - bhí an grúpa Sasanach a raibh sé leo i gCogadh Cathartha na Spáinne nasctha leis na hainrialaithe. Chonaic sé conas mar a mhúch Stailínigh iadsan le linn an chogadh le Franco - cogadh cathartha laistigh de chogadh cathardha.

Tá an tuar tagtha ar dhóigh faoi thairngreacht Orwell, ach ní páirtí ollchumhachtach atá ag síor faire agus ag mí-ionramháil mothúcháin, ag cruthú naimhde seachtracha agus inmheánacha, ach coimpléasc ar chumasc d'ollcomhlachtaí, gluaiseachtaí pholaitiúla agus olagarcathaithe atá ag baint feidhm as an saibhreas atá acu chun críche feachtasaíochta- innealtóireacht shóisialta ar scála ollmhór.  Agus táimid féin páirteach ina spiadóireacht orainn.

Léigh mé saothar Orwell don gcéad uair agus mé sna déaga; agus chuaigh sé i bhfeidhm orm - tá cuimhne fós agam ar radharcanna as.

Léigh mé dhá úrscéal diostóipeacha eile thart ar an am céanna a chuaigh i bhfeidhm orm chomh maith. Fahrenheit 451 le Ray Bradbury agus Brave New World le Aldous Huxley.

An tréith is mó a luaitear le úrscéal Bradbury ná an feachtas dóite leabhair. An fheidhm céanna leis agus a bhí le síor athchumadh na staire i 1984. Ach tá gnéithe níos leithne ann. Tá an pobal faoi smacht tríd síor siamsaíocht. Déantar tromaíocht ar éinne nach ngéilleann. Tá abairt amháin ann nach imíonn as mo chuimhne - 'seo ré an earra aon uaire. Caithimid le daoine mar a chaitheann le ciarsúr. Glanann muid ár srón orthu, is caitheann muid uainn é'

An ar ndromchla tá córas Meiriceá in úrscéal Bradbury mar atá anois, ach tá gach brí bainte as - deachtóireacht i gcogadh síoraí atá ann, agus an pobal faoi smacht ag ábharachas agus siamsaíocht níos mó ná lámh láidir. Tá dorn iarainn i láimhín veilbhite an tomhaltais agus tromshuan na margaíochta. Titeann sin ar an nduine neamhghéilliúil. Mar thoradh ar an ngalar anama tá iarrachtaí forleathan féinmharú a dhéanamh.

I saol nua dána Huxley, tá rialtas Domhanda i réim, ábharaíoch go smior. Tá an atáirgeadh daonna go hiomlán saorga, seachas go mbaintear uibheacha na mná óga. Ach ní hamháin go bhfuil an chollaíocht deighilte ón atáirgeadh - tá caidreamh buan múchta. Cúis amhrais an té a mbíonn caidreamh collaí aige leis an duine céanna níos faide ná cúpla lá. Ilchumasc deasghnáthach an nós.

Tá céimleathas docht ann, na suthanna faoi smacht chun pirimid éirime ó Alpha go hEpsilon a chuir ar fáil.

Oiliúint mothúcháin ar mhodh Pavlov i réim, sa chaoi nach dtig le héinne modh eile saoil a shamhlú seachas mar atá i gceist dá aicme ón tuisme anall.

Oiliúint a choscann an pléisiúr nádúrtha sa ndúlra ná i rud ar bith nach táirge tráchtála é.

Druga suan forleathan le haon fearg a chosc - Soma, is fearr gram ná damnú.

Táimid beo i ré chorraitheach, agus gnéithe éagsúla de na diostóipí seo a bhfíorú.

Síor faire an phraghas a éilítear ar shaoirse!