Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-02-20

Imbolc 2017: Ceolta Sí

Bíonn ceolchoirm an oíche roimh cainteanna Imbolc, agus labhraíonn an ceoltóir an lá dar gcionn.

I mbliana seal Chaoimhín Uí Raghallaigh a bhí ann. Tá cáil ar Chaoimhín as an stíl ar leith atá aige, agus tóir dá réir air mar cheoltóir agus oide.

Don gcuid is mó is ar uirlis ar leith a sheinneann sé - uirlis nach ann dá mhacasamhail go bhfios dom. Gaolta leis an Viola d'amore, ach le cúig sreang. Cúig sreang tánaisteach curtha leis ar mhodh Hardanger. Hardanger d'Amore a thugann sé féin air.

Is beag mo scil féin i gcúrsaí ceoil agus níl an foclóir agam le cur síos a dhiongbhála a thabhairt ar an fhuaim dhomhain shaibhir uathúil a d'fháisc sé ní hamháin as an Hardanger ach freisin as gnáth fidil - ach tiúnadh ar leith déanta aige uirthi. Mheall sé ceolta sí as gnáth feadóg stáin fiú.

Is minic ceoltóirí traidisiúnta anois ag dul i muinín na teicneolaíochta chun cabhrú leo. (Bhí cúpla gléas ag Colm Mac Con Iomaire ag Imbolc cúpla bliain ó shin ar thug sé an Recession Quartet orthu agus ar bhain sé feidhm astu le comhcheoil a dhéanamh leis féin)

Bhain Caoimhín feidhm as an mionríomhaire oiliúna Raspberry Pi, agus ríomhchlár a scríobh sé féin chun fuaim níos suntasaí fós a chruthú i seit amháin dá chuid.

Tá teacht i láthair ar leith ag Caoimhín, é éadromchroíoch, lúthchosach, gealgháireach. Shilfeá gur rince in áit siúl a ghnáth mhodh taistil, é mar lasair éadrom ar stáitse ag fuineadh ceol diamhair.

D'éirigh leis ar an Satharn roinnt dá chré ceoil a roinnt linn, agus spléachadh éigin a thabhairt fiú do mo leithéidí atá caoch ar sheinm.

Tumadh i sruth an cheoil a mhian, ag eitilt isteach is amach as scafall an phoirt seachas scéim réamhcheaptha a leanacht go dlúth.

Luaigh sé focail fhidléara eile, gurbh ionann agus inneall an oirfideach a sheinneann an port céanna ar an dóigh céanna faoi dhó.

Ainneoin sin mhínigh sé go dtig leis - mar atá léirithe aige san méid atá taifeadta aige - comhcheoil a dhéanamh le ceoltóirí eile ach comhbhá a bheith eatarthu a ligeann dóibh an rince céanna a dhéanamh leis an bport.

Agus sin mo lag iarracht cuid dá dhraíocht a cheapadh i bhfocail. Beidh an físeán ann ar ball ar shuíomh Imbolc, rud a thabharfaidh léiriú ceart!