Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-16

Reic @ 2

Tá an dá bhliain slánaithe ag Reic, an ócáid reicthe filíochta a bhunaigh Ciara Ní É. Bhí amharclann bheag an Generator Hostel  i Margadh na Feirme, BÁC plódaithe do oíche ceolmhar fileata greannmhar oíche Déardaoin, an 2a Márta. Bhí foireann ó RTÉ ann ar feadh seal agus bhí blaiseadh beag le fáil ar na himeachtaí mar chuid de chraoladh Seachtain na Gaeilge RTÉ.

Chuir baill den mbanna IMLÉ agus comrádaí leo ón ngrúpa Wild Promises tús le himeachtaí le amhrán ó stór gach banna acu.

Bhí filíocht againn - idir Gaeilge agus Béarla ach an Ghaeilge in uachtar ó Stiofán Ó Briain, Aoife Mairéad ┐Colm, fear as Corca Dhuibhne. Filíocht streachailte agus teacht in inmhe.

Tá filíocht Ciara Ní É féin ag forbairt agus ag daingniú - reic sí athleagan (sách dhorcha dar liom) ar Subh mhilis Uí Néill - ag canadh an fhaoiseamh atá smál an fhuil mhíosta don mbean a bhfuil col aici le toircheas. Reic sí freisin, le tionlacan fuaimrian,  píosa fada fuinniúil feargach faoi riocht éagothrom na mban, an scóip a thugtar don sciar is measa d'fhir agus an ghnáth cos ar bolg a imrítear - fiú ag mná - ar mhná nach ngéilleann don cuibhiúlacht. Píosa cumhachtach curtha i láthair go láidir.

Thug an fuirseoir Aideen McQueen taibhe grinn ar a bonnaibh a d'fhág an lucht féachana sna trithí go minic, croite ag rachtanna croíúla gáire agus í ag spochadh as saol ár linne, gach aon casadh glic aici ar na coinbhinsiún.

Chan Lauren Ní Chasaide, le tionlacan fidile ó Kathy, cúpla rian dá cuid as Gaeilge agus Béarla.

B'í an cruitire Polannach Justyna Kosmulska a chuir clabhsúr leis an gcuid foirmeálta. Thosaigh sí amach lena leagan de Gabhaim Molta Bhríde (nasc); chuir sí an slua ag canadh léi san amhrán macarónach Siúl a rún. Chan sí duan Polannach ó na meánaoiseanna, píosa nua chumtha gan focail aici féin, agus amhrán béarla rac.

Ar bhealach, thug sí achoimre paiteanta ar REIC - fuinniúil, oscailte do gach teanga is réimse, ceiliúradh éigse agus saoil.

Gura fada buan REIC, agus a chruthaitheoir Ciara Ní É.