19 June 2017

Siamsaíocht mharfach

Chuir alt nuachtáin faoi réamháisnéis ar bhua Trump sna 1980í, alt a luaigh diostóipeanna Huxley agus Orwell, mé sa tóir ar an leabhar "Amusing Ourselves to Death" le Neil Postman. Tá leabharlanna fós ann, buíochas le Dia, agus is ón leabharlann a fuair mé é.

Léigh mé saothar Orwell, Huxley agus Bradbury agus mé sna déaga, agus tá siad athléite agam roinnt uaireanta ó shin.

An tátal as leabhar Postman ná go ndearna teacht an teilgraif agus ansin an teilfís claochló ar chultúr Mheiriceá; claochló chomh mór agus an rinne an cló a tháinig roimhe. Dar leis ba é a bhí sa dtreis i gcultúr an chló ná smaointe a léiriú le doimhne agus machnaimh. De bharr go raibh na smaointe scríofa síos, bhíodar neadaithe i gcomthéacs. D'fhéadfaí iad a stáidéar, a mheas agus a bhréagnú. Léigh daoine rudaí a raibh tionchar acu orthu féin, agus ar a smaointe - mar bhí an méid a bhí á léamh acu, sna nuachtáin ach go háirithe áitúil agus dá barr bainteach le saol s'acu. Lean gníomh as an méid a léigh siad, go minic.

Chuir an teilegraf an áitiúlacht as an áireamh - scaip blúiríní nuachta ar luas an tsolais timpeall na cruinne. Ach is giotaí beaga gairide gan comhthéacs, agus gan tionchar ar shaol na leitheoirí, a líon cuid mhór de na nuachtáin feasta.

Chuaigh an teilfís céim eile chun cinn - tháinig an siamsaíocht in áit an eolais. Tá na focail díbeartha ag an íomha; na mothúcháin in áit an mhachnaimh. Ach tá chuile rud - polaitíocht, creideamh, oideachas fiú - faoi chúing an teanga nua seo, teanga na híomhánna, an té atá mealltach don tsúil - ní bhíonn duine míofair ná éagúil ag léamh na nuachta. Is lú fós comhthéacs na scéalta nuachta agus is annamh tionchar acu saol an feictheora;' seachas ar a chuid mothúcháin. Seans go gcaithfí vóta i dtreo duine a mhaíonn réiteach a bheith aige ar fhadhb, nó go leireofaí spéis i bpobalbhreith. Ach maidir le hathrú iompair... (Inniu, tá an t-achainí ar líne ann, "gníomh" éasca eile gan tionchar ar iompair).

Bíonn síor athrú i gceist - "Agus anois" tobann gach 30 soicind ar a mhéid. 15 soicind clú do chách, rabhartha íomhánna. Cuid acu a bhaineann stádás iocóin amach, ar féidir brí éigin a fháisceadh astu - mórchuid afách imithe le gaoth.

I lár na 1980í a scríobhadh an t-anailís seo, nuair nach raibh iomrá an an idirlíon agus nuair nach raibh ríomhairí ach i dtús a ré. Níorbh léir an blathú a thiocfadh faoina gcumas mar go raibh maíomha áiféiseacha faoina gcumas bréagnaithe go minic agus gan "sonraí móra" ar íor na spéire ag mórán.

Cé gur thug an idirlíon luath an focal scríofa ar ais go pointe, tá sé díbeartha arís ag an bpictúir na an físéain a scaipeann ar nós víreas, na méimeanna a ghlacann áit an mhachnaimh.

Is beag duine againn nár mhothaigh faoi alt - ní áirim leabhar - an "Ró-fhada, ná léigh" mharfach úd. Admháim, fiú agus an leabhar seo á léamah agam, nár éalaigh mé ón tochas Twitter a d'fhág mé ag amharc ar an bhfón cliste gach cúpla leathanach.

Tá flúirse eolais againn ó gach cearn den domhain, in íomáhanna a théann i ngleic lenár mothúcháin.

Ach an ndeanaimid anailís orthu? An bhfuil ar ár gcumas iad a scagadh, na claonta a aithint; ár meon a athrú de bharr firicí, gníomh úr orthu chun ár leasa?

Nó an bhfuil greim magairle ag lucht rachmais orainn trénár miangas? Muid i ngeimhle mothúchánach dár fí féin?

Measaim go bhfuil muid beo san ré "Iar Ford" a thuar Huxley; ní gá cosc ar leabhair, mar nach bhfuil éinne á léamh, agus is beag tionchar orainn ag na leabhair a léimid cibé. Ní gá nuachaint nuair atá méimeanna ann, slúán in áit smaointe.

Is féidir go bhfuil gné amháin de thuar Orwell linn - an dá nóiméad fuatha saorga don namhaid samhalta, an deamhan ar gá é bhrú faoi chois.

Ach seachas sin is cosúil gurbh iad ár miangais ár nDéithe, agus muid ag gníomhú dá réir.

No comments: