Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-06-24

Witiko

Ceann de mhórshaothar Adalbert Stifter is ea Witiko, ina shamhlóinn sé saol bhunaitheora sliocht uasal de chuid na Boihéime sna meánaoiseanna, a ainmníodh as.
Bhí a leithéid de dhuine ann, mar sin, agus Vítek z Prčice. Ach go bhfios dom is samhlaíocht ar fad, bunaithe ar roinnt fíricí faoi cathanna, ríthe agus prionsaí an úrscéal.
Mion-uasal ar bheagán maoine é Witiko ag tús an scéil, a athair básaithe, é ag filleadh ar a fhód dúchais tar éis oiliúint i bPassau na Baváire. Ag tús saoil, each agus culaith leathair aige.
Fán mbealach buaileann sé le hainnir de uaisle na Baváire agus ón bpointe sin ar aghaidh tá snáithe de thochmhairc séimh cúirtéiseach sa scéal, i measc comhairlí, cathanna agus eachtraí.
Mar is dual do Stifter, is go mall réchúiseach séimh a ghluaiseann an scéal ainneoin eachtraí ina bhfuil maithe agus móruaisle uaibhreacha sáite - ach cosmhuintir agus ceardaithe na coille freisin.
Tugann sé ana bhéim don gcúirtéis, don deasghnáth, le mion cur síos ar chomhráití sollúnta.
Éiríonn le Witiko muinín muintir na coille a bhuachan, agus muinín a phrionsa. Glacann sé páirt in imeachtaí corraitheacha a eascraíonn as bás luath a phrionsa agus streachailt don ríocht.
Déantar ceannaire catha de, agus faigheann sé maoin agus onóir - rud a fhágann gur nuachar a diongbhála é dá rúnsearc, agus bíonn deá chríoch ar a shuirí.
Tá an scéal reicthe go mion, ó cábáin coille go cúirteanna Prág. Eachtraí agus comhráití. Greann, gean agus gaisce.
Mhothófá go raibh tú i láthair, i measc pobal na coille agus i láthair prionsaí, easpaig agus an impire féin- sa Bhoihéim, sa Bhaváir agus go geataí Milano fiú!
Úrscéal a thugann blaiseadh de stair lár na hEorpa, na náisiún fite fuaite le chéile míle bliain ó shin.
Tá clú ar Stifter as an mion chuir síos ar an dúlra, agus tá go leor de sin ann freisin. Ach go háirithe ar an gcoill ar theorainn na Boihéime, na Baváire agus na hOstaire as ar fáisceadh é féin.
Shiúl mé féin cuid dá Heimat blianta fada ó shin. Bhí sé i gceist agam athchuairt a thabhairt ar a mbliana, ach d'fhág mé ró mhall é lóistín a eagrú.
Beidh deis eile ann le cúnamh Dé. Is dócha cibé nach é brothall samhraidh lár na hEorpa an uain is oiriúnaí do siúlóidí fhada!