Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-07-31

Ecclesia et Synagoga

Ba chathair Protastúnach Beirlín faoi na Kurfürsten ( prionsaí a thogh an Impire). Bhí teannas ann idir an Rítheaghlach a bhí Cailvíneach, agus an daonra a bhí Liútarach. Bhí siar is aniar ann, agus gluaiseachtaí aontaithe. Is beag spás áfach do Chaitlicigh. Agus an Gründerzeit faoi lántseoil áfach ag tús an chéad seo chaite thosaigh cosmhuintir caitliceach ag teacht isteach sna plódcheantair, Kreuzberg ina measc.

Bíonn na hEaglaisí Chaitliceacha a tógadh san ré sin i bhfolach i measc na dtithe. Uaireanta is an balla tosaigh céanna atá acu agus na tithe béal dorais, scaití bíonn eaglais le cruth sách traidisiúnta folaithe i gclós cúil.

Bhí an séipéal a d'éist mé aifreann Domhnaigh i Kreuzberg - Eaglais ár mBantiarna Chaoin - suntasach ar go leor bealaí.

Ní raibh sé le feiceáil ach nuair a bhí tú i do sheasamh díreach ós a chomhair.

Tógadh i 1910 é le cuidiú deontóirí saibhre, mar bhí lucht an pharóiste beo bocht. Ach is i stíl a rinne aithris ar na meánaoiseanna atá sé tógtha, stíl nua Rómhánúil.

Tá athnuachan déanta le déanaí air, agus cuma maith air cé go bhfuil an cloch tar éis fulaingt de bharr na haimsire agus salachar na cathrach.

Ar dhá thaobh an dorais tá íomhánna a raibh léite agam fúthu, ach nach raibh feicthe agam cheana - eadhon an Eaglais buacach agus an sionagóg cloíte. Íomhánna a bhí coitianta sna meánaoiseanna, agus a chuir faraor leis an frith Ghiúdachas, ag lochtú na nGiúdach as droim láimhe a thabhairt don slánaitheoir. Rud a raibh a chuid féin den locht air chun an bealach a réiteach don uileloscadh. Seachas na híomhánna a bhaint agus an stair a shéanadh, tá fógra mínithe crochta ag an gcomhairle paróiste, maille paidir Naoimh Eoin Póil um leorghníomh sna peacaí i gcoinne na nGiúdach.


SO36

Bhí cúpla oíche le caitheamh agam i'm aonair i mBeirlín roimh dul ar aghaidh ó dheas. Bhí mé ag lorg loistín measartha saor agus lárnach chun go mbeadh ar mo chumas dul ar thraein maidin Domhnaigh gan aon stró ró mhór. Fuair mé leaba i seomra seisear ar 25€ san oíche. Sa bhrú Die Fabrik (an monarcha) i Kreuzberg.
Ceantar ar leith ab ea Kreuzberg le fada. Buailte suas ar an mballa, tráth dá raibh. Cliú an bhaoil, an Boihéime, an fhiántais.
Is minic go mbíonn agóidí foréigneacha ann ar lá  Bealtaine, abair.
Tá dlús níos airde ag an bpobal eachtrannach ann freisin.
Bhí mé idir dhá chomhairle dá réir faoi an sáimhe codlata a bhainfinn amach i gcroílár áit chomh spleodrach!
Foirgneamh bríce dearg an monarcha athchóirithe. Bhí an suanlios ina raibh mé ar an gceathrú urlár. Mar is minic i mBeirlín bhí an foirgneamh tógtha thart ar chúpla clós, agus an seomra áirithe seo san cuid idir dhá chlós. Bhí na fuinneoga oscailte de bharr an teasa, ach bhí an seomra mór agus trí chinn de bhuncanna dúbailte scaipthe ann. Bhí sé ciúin agus aerach. (Maith go leor, is ag a sé ar maidin a d'fhill sciar de na haíonna eile ón siamsaíocht lasmuigh).
Mar sin, ainneoin mé a bheith i gcroílár an spleodar, fuair mé oíche mhaith codlata. Bhí seomra folctha glan ar an dorchla.
Ní raibh bricfeasta san áireamh sa phraghas, ach bhí sé ar fáil ar phraghas réasúnta sa chaifé ag dul leis. Agus cibé bhí an sráid plódaithe le bialanna ó gach tír fén spéir. Thug mé suntas don líon bialanna a bhí ag tairiscint bia véigeanach. Ní lia duine ná toighis ach shamhlóinn go raibh sású gach toighis laistigh de shiúl cúig nóiméad ón áit.

Tá seomraí teaghlaigh ar fáil acu freisin, dóibh siúd nach mian leo dul sa bhfiontar le suanlios agus seomra folctha roinnte. Agus seomraí atá teoranta do mhná.

Loistín fiúntach ar an bpraghas, i gceantar spleodrach, lárnach.

2017-07-30

Cois Loch na Coillearnaí

Limistéar chosanta
Bhí muid gar do Bheirlín ar saoire i mbliana. 

Ócáid teaghlaigh a thug ann muid - seachnaímid an Mór Roinn sa bhrothall go hiondúil! Ní raibh spás dúinn i dteach mo mháthair céile, mar sin bhíomar ag cuir fúinn in ionad áineasa óige. Bhí árasán beag ann againn agus bhí proinnteach ann inár bhfuair muid bricfeasta. 

Ní rabhamar cinnte cad a bheadh romhainn in áit atá ar fáil do ranganna scoile agus grúpaí óige dá dturais - ach bhí KiEZ Hölzerner See ana dheas. 

Cé go raibh go leor grúpaí ann san tréimhse ina raibh muid ann, ó leanaí Kindergarten go déagóirí agus aosánaigh, bhí an áit sách mór go raibh sé ciúin agus suaimhneach. Bhí roinnt teaghlaigh - nó grúpaí teaghlaigh - an stopadh ann freisin.
Tá an t-ionad lonnaithe cois locha i lár coille. 
 Abhantrach an Dahme agus an Spree atá sa cheantar, áit a bhfuil go leor locha ach go bhfuil an talamh féin gainmheach neamhthorthúil. Tá go leor de faoi choillte, coillte atá in úsáid le céadta bliain ar bhonn tráchtála - idir adhmaid agus seilg. Bhí an tseilg faoi smacht uaisle agus ina dhiaidh sin na húdaráis cumannacha ach anois is sealgairí aonair is mó a bhfuil réimse áirithe acu chun seilge - toirc, fianna agus araile ann. Uaireanta is coill giúise ar fad a fheictear - de bharr go bhfásann siad gasta ainneoin drochthalamh. Ach bhí na coillte a chonaic mé measctha go maith, dair agus béithe ann i gcnapanna.
Fontane, uilíoch
Is fada - ó tharla an áit a bheith gar do Bheirlín ach go háirithe - daoine ag súil sa cheantar, agus tá go leor cosáin marcáilte. Luaitear cuid mhór acu leis an scríbhneoir Theodor Fontane, a scríobh cúig imleabhar lán staire agus seanchais faoina shiúlta féin sna coillte agus cnocáin. (Tá úrscéalta leis léite agam, ach níor léigh mé na siúlóidí, fós).  Is iomaí cosán luaite leis, agus ó tharla nach raibh teach mo mháthair céile ach 5 km ón ionad, shiúl mé ann cúpla uair ar cosáin. (Poitigéir ab ea é i thús a shaol oibre agus is iomaí Fontaneapotheke a fheictear cé nach bhfuil na poitigéirí gaolta leis in aon chor).
Eangaigh Iascaireachta
Siléar d'Ialtóga
Ní fhaca mé mórán d'ainmhithe na coille ar mo shiúlta - seachas sionnach cúramach amháin. Chonaic mé go leor boscaí nide ar leith - d'ialtóga - agus in áit amháin an siléar seo ar chlé. Tá cineál simléar ann chun na hialtóga a scaoileadh isteach is amach. Go deimhin chonaic mé féin is m'iníon ialtóg i lár an lae ghil; bhí sé ag eitilt thart an ionad snámha cois locha ainneoin scata leanaí glóracha!

Bhí go leor, leor ciaróga, peileacáin agus go háirithe snáthaid mhóra i suaimhneas na coille - cuid de na snáthaid ana mhór ar fad agus iad ar dhath gorm miotalach nó dubh agus buí. (Ach bhíodar ró luaineach chun go n-éireodh liom pictiúr a fháil!)
Cosán coille
Thug muid faoin loch uair amháin ar canú oscailte - ach bhí siotaí gaoithe ann agus bhí saothar orainn ag tabhairt an bád ar ais chun an ionaid! Mar chuid den gceiliúradh chaith muid tamall ar bhád ar na locha, caife agus cistí (agus roinnt fíon súilíneach) againn agus muid ag baint lán an dá shúil as an dúlra. Bhí broighill, corr éisc agus go leor cineálacha géanna le feiceáil. Bíonn iascach ar bun freisin sna locha agus bhí na heangaigh le feiceáil agus ribíní geala ag crochadh astu chun rabhadh a thabhairt do bháid fanacht amach uathu.
Ceantar turasóireachta atá ann, agus go leor báid de gach cineál ar chíos, agus ionad fearacht an chinn ina rabhamar ann. I ré an DDR b'iad na monarchan a bhí i bhfeighil ar a leithéidí a chuir ar fail dá bhfoirne - agus tráth dá raibh is d'Enver Hoxha a bhí an campa ainmnithe - ceannaire cumannach Albánach. D'fhoghlaim mé é sin ó fógra eolas turasóireachta a raibh scata acu timpeall an cheantair. Bhí na húdaráis ag baint feidhm as sean chartaí poist ó na 1930í nó roimhe. Tógadh fráma adhmaid chun an radharc a cheapadh mar atá sé anois, agus bhí fógra eolais leis an sean phictiúr in aice leis agus eolas faoin gceantar.

Áit taitneamhach suaimhneach a bhí ann chun cúpla lá a chaitheamh ag siúl is ag ligeann scíth. (Agus bhí an bhricfeasta a bhí ar fáil fairsing ilchineálach blasta - cad cineál ispín agus cáis, scata iógairt, go leor aráin éagsúla, torthaí...)
Fógra
Cárta poist, anallód

2017-07-26

Ola camhraithe

Deireadh an cogaidh. Dhíbir na Rúisigh na comharsan. Cead fanachta acu, thíos staighre. A hAthair ar liosta dubh an réimis teipthe. Oifigigh thuas. Mongólach téagartha. Fear an GPU. Ná feic faic! Ná clos faic! Plúr is ola bronnta. Ola camhraithe. Déan blini! Ith linn iad!
Col aici le hola ó shin.