Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-07-31

SO36

Bhí cúpla oíche le caitheamh agam i'm aonair i mBeirlín roimh dul ar aghaidh ó dheas. Bhí mé ag lorg loistín measartha saor agus lárnach chun go mbeadh ar mo chumas dul ar thraein maidin Domhnaigh gan aon stró ró mhór. Fuair mé leaba i seomra seisear ar 25€ san oíche. Sa bhrú Die Fabrik (an monarcha) i Kreuzberg.
Ceantar ar leith ab ea Kreuzberg le fada. Buailte suas ar an mballa, tráth dá raibh. Cliú an bhaoil, an Boihéime, an fhiántais.
Is minic go mbíonn agóidí foréigneacha ann ar lá  Bealtaine, abair.
Tá dlús níos airde ag an bpobal eachtrannach ann freisin.
Bhí mé idir dhá chomhairle dá réir faoi an sáimhe codlata a bhainfinn amach i gcroílár áit chomh spleodrach!
Foirgneamh bríce dearg an monarcha athchóirithe. Bhí an suanlios ina raibh mé ar an gceathrú urlár. Mar is minic i mBeirlín bhí an foirgneamh tógtha thart ar chúpla clós, agus an seomra áirithe seo san cuid idir dhá chlós. Bhí na fuinneoga oscailte de bharr an teasa, ach bhí an seomra mór agus trí chinn de bhuncanna dúbailte scaipthe ann. Bhí sé ciúin agus aerach. (Maith go leor, is ag a sé ar maidin a d'fhill sciar de na haíonna eile ón siamsaíocht lasmuigh).
Mar sin, ainneoin mé a bheith i gcroílár an spleodar, fuair mé oíche mhaith codlata. Bhí seomra folctha glan ar an dorchla.
Ní raibh bricfeasta san áireamh sa phraghas, ach bhí sé ar fáil ar phraghas réasúnta sa chaifé ag dul leis. Agus cibé bhí an sráid plódaithe le bialanna ó gach tír fén spéir. Thug mé suntas don líon bialanna a bhí ag tairiscint bia véigeanach. Ní lia duine ná toighis ach shamhlóinn go raibh sású gach toighis laistigh de shiúl cúig nóiméad ón áit.

Tá seomraí teaghlaigh ar fáil acu freisin, dóibh siúd nach mian leo dul sa bhfiontar le suanlios agus seomra folctha roinnte. Agus seomraí atá teoranta do mhná.

Loistín fiúntach ar an bpraghas, i gceantar spleodrach, lárnach.