Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-08-28

Opération Anthropoïde

Chonaic mé Breandán Delap ag moladh an leabhar HHhH cúpla uair ar Twitter (agus i gComhar, seans).
Bheartaigh mé mar sin fios a chuir air.  Úrscéal stairiúil atá ann ar an dromchla. Chuir Laurent Binet roimhe scéal na beirte a rinne iarracht Heydrich - fear mór na Naitsithe i bPrág a dhúnmharú. Scéal a fuair greim ar a shamhlaíocht agus é ina chónaí sa tSeicslóvaic.
Ach ní insint dhíreach atá ann. Fite fuaite le heachtraí an scéil tá tráchtaireacht an údair ar an dóigh a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thar blianta fada, na saothair is na háiteanna a cheadaigh sé. An deacracht gan an scéal a chuir as a riocht le samhlaíocht.
An slí a dhíbir Heydrich - a bhfuil níos mó ábhar faoi, ar ndóigh, scéal na beirte a rinne an bheart i leataobh ainneoin a dhícheall.
Léiriú ar sin, teideal an leabhair. Opération Anthropoïde an teideal a roghnaigh an údair, ainm na hoibríochta rúnda faoinar sheol rialtas deoraíochta na Seicslóvaice an bheirt ar ais ó Shasana le buille suntasach a bhualadh (agus fios maith acu go mbainfí díoltas fuilteach amach).
Ró ficsean eolaíochtúil arsa an foilsitheoir. HHhH a rogha siúd - Himmlers Hirn heisst Heydrich (Heydrich is ainm d'inchinn Himmler).

Heydrich in uachtar arís.

Tá torthaí taighde fhada sa leabhar, léargas ar na pearsain, léargas ar a dheacracht úrscéal ionraic staire a scríobh, léargas ar na sluaite gan ainm a bhí páirteach sa bhfreasúra, nach iad laochra aonair a rinne na gníomhartha gaile (ná a d'íoc an praghas)

Bréidín shaibhir de scéal, agus lón machnaimh ar go leor leibhéal.

Táim buíoch do Bhreandán as an nod!

2017-08-26

Gual goidte

Geimhreadh dian iarchogadh. Oíche dhorcha. Gíoscán coscáin. Sleamhnaíonn déagóir mná as dorchadas na coille. Lingeann ar an vaigín. Caitheann oiread guail is is féidir síos. Léimt anuas. Isteach i sac. Thar gualainn atá ag fás. Abhaile go gasta ainneoin tromualach. Bean aosta anois, lorg fós uirthi.

2017-08-17

Conaire Mór

Le déanaí d'fhoilsigh Leabhar Breac athinsint Diarmuid Johnson ar Togail Bruidne Da Dearga.

Níl againn ach leagan sách ársa den mbun scéal faoin Rí óg Conaire, ar den sí a mháthair. Tá geasa éagsúla air, ach diaidh ar ndiaidh fágann cúinsí gan rogha é, agus sáraíonn sé na geasa ceann i ndiaidh cinn. Maraítear é sa deireadh ag díbheirgigh.

Chuir Diarmuid roimhe leagan den scéal a scríobh amhail is dá mbeadh leagan scríofa san 15ú aois bunaithe ar an leagan atá againn, agus athleagan san 18ú aois.

Tragóid gréagach atá san scéal, i. is iad a thréithe féin idir suáilcí agus duáilcí is trúig bháis do Chonaire.

Tá an insint ag Diarmuid bríomhar spleodrach, na tréithe ársa fós ann ach an scéal soléite drámata.

Is fearr an scéal ina thús, dar liom, a óige agus tús a ríocht. Éirí amach na n-óglach atá míshásta le síocháin a réime cionn is gurbh as traidisiún gaiscíoch á fáisceadh iad. A dhrogall an bás a imirt orthu, rud a fhágann díbeartha na díbheirgigh. Cothaíonn siad mioscais thar lear, téann i gcomhghuaillíocht le bithiúnaigh eile agus filleann chun slad a imirt.

I dtreo deireadh an scéil - ag leanacht an bunleagan - gabhann an scéal chun aistíola is áibhéile.

Ina réamhrá luann Diarmuid na laigí san scéal - measaim go raibh sé ag tagairt do na gnéithe seo.

Mar is dual do Leabhar Breac, seod snasta atá sa leabhar. Insint ana sholéite, álainn fiú in áiteanna. Léargas ar ceann d'ár scéalta ársa, a mheabhródh spleodar laochúil na Rúraíochta.

Táim fíor shásta gur cheannaigh mé an bronntanas seo dom féin!

Conaire Mór
Diarmuid Johnson
104 lch;
ISBN 978-1-911363-12-5

2017-08-03

Iomramh Danny

Ó chuir mé aithne air ag Scoil Cheoil an Earraigh, bhí suim spreagtha ionam i scríbhneoireacht Danny Sheehy. Chuir mé fios air, agus léigh a leabhar faoi déanamh naomhóige Fan Inti.

Luath nó mall mar sin bheinn tagtha chomh fada lena thuairisc ar a thuras go hÍoslann is ar ais -
Iomramh Bhréanainn MMXI Ón nDaingean go hÍoslainn

Ach mar gheall ar a bhás tobann ar Chamino na Sáile, chuir mé fios ar an leabhar tríd córas na leabharlanna.

Tugann turas ar luaimh, Ar Seachrán, ón Daingean chun na hÍoslainne agus ar ais creatlach don leabhar. Ach tá i bhfad níos mó i gceist ná tuairisc lom ar imeachtaí an turais. Bhí baill foirne ag teacht agus imeacht, agus caidreamh agus comhluadar ann. Bhuail siad le daoine spéisiúla agus iad ar caladh, scaití agus iad ar foscadh.

Tá codanna den leabhar ar scathán anama Danny iad, sruth chomhfheasa spreagtha ag imeachtaí an lae agus seanchas a mheabhraigh siad dó.

(Tá caint sách minic faoi a chac a bheith air is conas mar a fuair sé faoiseamh!)

Tá cnuasach grianghraf a léiríonn codanna den scéal ag deireadh an leabhair.

Ach is éachtach an cnuasach seachas is deisbhéal, eolas dúlra agus staire, greann agus gean atá idir na clúdaigh.

Leabhar mór téagartha.

Bhí cánóg bhán mar aingeal coimhdeachta ag Danny ar a thuras. Tá súil agam gur thug a aingeal coimhdeachta slán go calafort buan na flaithis í.

Ní bheidh a leithéidí arís ann. Is maith agus is mithid a chuimhne a choinneáil beo, agus is seod a chuid leabhair dá réir.

2017-08-02

East Side Gallery

Bhí an brú ina raibh mé ag cuir fúm i Kreuzberg an-ghar don áit a mbíodh balla Bheirlín. Breis agus fiche cúig bliain níos déanaí tá obair fós ar bun ag tabhairt bonneagar iompar phoiblí na cathrach go dtí an staid réamh chogaidh.

Ba é Warschauer Straße atá i mBeirlín Thoir an stáisiún S Bahn is gaire. Láthair tógála atá ann le mo chuimhne, ach é ag feidhmiú freisin agus go leor trácht tríd.

Chun teacht air bhí orm abhainn an Spree a thrasnú ar an Oberbaumbrücke. Structúr cuanna bríce dearg a tógadh ag deireadh na naoú aoise déag. Bóthar thíos, cosán faoi dhíon agus an U Bahn (atá os cionn talún scata áit i mBeirlín) ós cionn cloigne na gcoisithe.

Tá an droichead atógtha le fada, agus an U Bahn ag feidhmiú arís. (Chuaigh mé air babhta amháin ach níorbh fiú dáiríre do stáisiún amháin).

Ar bhruach thoir an abhainn tá giotaí de Bhalla Bheirlín fágtha. Nuair a tháinig mé go Beirlín i dtosach i Deireadh Fómhair 1990, trí lá roimh athaontú na tíre, bhí go leor leor den mballa (balla dúbailte don gcuid is mó) ina sheasamh thart ar Bheirlín. Bhí riamh go leor ealaíona agus graifítí ar an taobh thiar.

Ach níorbh fhada go raibh sé scuabtha chun siúl ag na Mauerspecht ( cnagairí balla) a bhris píosa as mar cuimhneacháin dóibh féin nó le díol le turasóirí. Agus ag an gcomhairle cathrach. (Tá amhras orm faoi na giotaí daite stroighne a díoltar le turasóirí - shamhlóinn go bhfuil i bhfad níos mó díolta ná bhí riamh sa bhalla).

Go deimhin, baineadh preab as daoine a ghasta is a d'imigh an balla as. B'éigean atógáil a dhéanamh ar stráice de ag Bornholmer Straße  - an balla dúbailte, túr faire, na bobghaistí - le go mbeadh cuimhneacháin ceart ar an uafás.

San eadarlúid idir oscailt an bhalla agus athaontú na Gearmáine ghabh ealaíontóirí ó ar fud na cruinne seilbh ar an stráice cois Spree lámh leis an Oberbaumbrücke agus chruthaigh dánlann faoin aer. Fuair go leor de na híomhánna stádas íocónach go gasta - an Bhráthairphóg idir Brezhnev agus Honecker, nó Trabant ag réabadh a bhealach go saoirse tríd an balla.

Bhí cuid den ealaíon síonchaite go maith, agus rinneadh é athnuachan roinnt blianta ó shin.

Ó tharla mé lámh leis, shiúl mé an balla. Tá stáisiún Ostbahnhof ag an deireadh eile.

Tá saothair áille meafaracha le feiceáil ann. Chuir sé ionadh orm áfach a smeartha le graifítí gan dealraimh atá codanna de.

Is fiú roinnt ama a chaitheamh ann ar do mharana. Tá go leor teachtaireachtaí sna múrphictúir éagsúla.

Tagairtí sa cheann thíos do na Wendehälse, i. Iadsan a d'athraigh tuairimí go gasta leis an athaontú. Bhí go leor a chreid san eadarlúid go bhfeadfaí sóisialachas daonlathach daonna a bhunú san DDR tar éis titim an bhalla agus a shíl gur díoladh amach iad. Siombal agus tróip an banana d'earraí tomhaltais a bhí gann san Oirthear.

2017-08-01

Neimheadh stroighne

Bhí mé ag turasóireacht agus ag airneán an cúpla lá a chaith mé i mBeirlín ar na mallaibh. Is mó rud athraithe agus tógtha ó na 1990í nuair a bhí cónaí orm ann.


Ina measc an 'Cuimhneachán ar Giúdaigh na hEorpa a dúnmharaíodh'. 


Tá sé i ngiorracht cúpla céad méadar de Gheata Brandenburg. 

Faiche cearnach. Cuaillí ar airde éagsúla. An talamh mar a bheadh maidhmeanna ollmhóra reoite. 

Cinnte, áit a mbíonn déagóirí ag crochadh thart. Agus leanaí ag imirt folach bíog is ag rásaíocht idir na cuaillí. 

Mar sin féin, mhothaigh mé sollúntacht agus mé féin á shúil. Naofacht. 

Mheabhraigh na cuaillí Birkenau dom, an ollchampa in Auschwitz áit nach bhfuil fágtha de na beairicí ach na simléar, péire ar phéire thar achar fairsing folamh. 

Tá iarsmalann ann freisin. Ach ba leor agam mo smaointe agus m'eolas. 

Is mithid cuimhneamh. 


https://stiftung-denkmal.de/startseite.html



Beatha Mhuire - agus Éamon Dearbhóir

Bhí na taobh altóir in Eaglais Mhuire an Bantiarna Chaoin go hálainn. (Níl mo chuid grianghraf sách maith!)

Ar chlé léirítear saol Mhuire óna giniúint gan smál go corónú sna Flaithis.

Ar dheis bhí painéal de ríthe - Críost, Dáibhí, Seosamh. Muire freisin. Agus Éamon Dearbhóir, Rí Shasana. B'ionadh liom Naomh Sasanach i lár Bheirlín, agus chuir mé ceist ar an sagart tar éis Aifreann. Is amhlaidh go raibh Eduard i measc na deontóirí a bhronn an t-airgead chun an Eaglais a thógáil.