Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-09-18

Stefan Zweig

Ní raibh iomrá cloiste agam ar Stefan Zweig sula bhfaca mé an scannán sách osréalach Grand Hotel Budapest atá ceaptha a bheith bainteach lena shaothar. Phrioc sin m'fhiosracht ach ní dhearna faic faoi mar ní raibh fonn orm aistriúchán a léamh agus níl teacht éasca agam ar leabharlann Gearmáinise. Ansin agus mé ag treabhadh tríd saothair Adalbert Stifter ar an Kindle tháinig mé ar an réamhrá a scríobh sé do eagrán de Witiko. Chuaigh an friotal agus an smaointeoireacht i bhfeidhm orm.

Chuir Zweig lámh ina bhás féin sna daichidí, é ar deoraíocht de bharr na Naitsithe. Fágann sin a shaothar as cóipcheart agus saor dá réir ar an Kindle. Admhaím go bhfuil sé rud beag aisteach a bheith ag teacht i dtír ar uafás an ré úd chun cuir le mo leabharlann leictreonach, ach sin mar atá!

Tá dornán dá shaothar léite anois agam, ina measc a thuairisc dírbheathaisnéise Die Welt von Gestern - Erinnerungen eines Europäers (Saol an lae inné - cuimhní cinn Eorpaigh). Ba den buirgéiseacht Víneach é, sách rachmasach. An Giúdachas ligthe le sruth ainneoin a chairdeas le Theodor Herzl a chuir saothair luatha leis i gcló i nuachtán mór le rá. Ach an Eorpachas go smior ann, meas aige ar aosdána thoir is thall. Chuir sé de a phrintíseacht ag staidéar agus ag aistriú filí de chuid na Fraince agus na Beilge, agus ag saothrú le cuir lena gcliú i dtíortha na Gearmáinise.

Tubaiste dá réir dó ab ea an chéad cogadh domhanda. Cogadh a réab naisc áirithe agus a chuir deireadh le cairdis, ach a neartaigh agus bhuanaigh cairdis eile agus a neartaigh an síochánaí ann.

Faoi anáil an chogaidh agus lena linn scríobh sé leagan drámatúil de shaoil an fháidh Irimia, agus titim Iarúsailéim.

Tugadh deis dó é a chuir ar stáitse san Eilvéis agus éalú dá réir ón gcogadh. Bhí scata dá chairde liteartha ann roimhe, iad i mbun iarrachta tarrtháil a dheánamh ar shibhialtacht na hEorpa coitinne. Ghlac sé páirt gníomhach san iarracht.

Níor fhill sé ar (a raibh fágtha) den Ostair go dtí deireadh an chogaidh. Agus é ag filleadh  bhuail sé le traein an impire deireadh ag dul san treo eile, bailchríoch míle bliain staire....

Bhí ráchairt mhór ar a scríobhnóireacht sna fichidí agus tríochaidí idir ficsean agus beathaisnéis. Bhí lámh aige i bhforbairt an teach foilsiúcháin Inselverlag  a bhain clú amach as feabhas a dtáirgí (clú a lean tar éis an dara chogadh mór)

Tháinig deireadh tubaisteach leis sin agus bhí a leabhair i measc na saothair a dódh ag Naitsithe.

Feasta ba theifeach é agus a theanga, a uirnéis oibre, faoi théir de dheasca na hainghníomhartha a rinneadh inti. Ghoill sin go mór air, agus ainneoin an fháilte a chuir údaráis na Brasaíle roimhe ghéill sé don éadóchas. (Léigh mé réamhrá a shaothar ar an mBrasaíl, naomhsheanchas geall leis. Shíl sé gur parrthas iar chiníoch a bhí ann.)

Tá an scannán Grand Hotel Budapest lán de aicsean agus go deimhin de fhoréigin gáifeach. Ní mar sin atá ficsean Zweig. Ach tá macallaí ann.

Sna scéalta a léigh mé is minic aige an cuir chuige faoistiniúil. Sé sin, insítear scéal don údar mar dhea agus cuireann seisean go discréideach ós comhair an phobail é. Bhí macasamhail Zweig mar reacaire san scannán, ag éisteacht le scéal na laethanta a bhí.

Tá úrscéal nár chríochnaigh sé féin Rausch der Verwandlung (meisce an chlaochlaithe) a bhfuil codanna tábhachtacha de lonnaithe in óstán de chuid an uasaicme san Eilvéis. Bean óg a bhfuil a teaghlach íos meánaicmeach bánaithe de bharr an cogadh an laoch. Post aice de bharr fabhar gaol in oifig poist tuaithe. Cúram máthair i ndrochshláinte uirthi, iad beo ó lámh go béal i lóistín suarach. Gach unsa geana is sonas glanta aisti ag an gcruatan fhada.

Tugann a haint cuireadh dá máthair cuairt a thabhairt uirthi san Eilvéis, áit a bhfuil sí ar saoire lena fear agus fortún gnóthaithe acu araon. Éilíonn an máthair, a thuigeann an bail atá fágtha uirthi ag an cogadh, go rachaidh a hiníon. Téann, agus bláthaíonn ar feadh seal, feistithe agus coirithe ag a haint. Pléasctar a haisling ag bean formadach, agus díbríonn a haint í, eagla uirthi go nochtadh breis tochailt a scannal féin, an scannal a bhfuil a fear dall air ach a thug an cnapshuim di ar a bhfuil a saibhreas bunaithe.

Níl an dara suí sa bhuaile aici ach filleadh ar oifig an phoist. Tá a máthair éagtha ó shin, ach tá sí fós i ngéibheann. Toisc an spleodar agus saibhreas a bheith blaiste aici níl ar cumas filleadh ar a patuaire agus tá sí lán feirge is corrthónachta.

Cuireann sí aithne air, agus tugann grá d'fhear atá féin as alt san saol iarchogaidh. Fillte mall ón gcogadh, de bharr bheith sáinnithe sa Rúis tar éis na réabhlóide. Méar leis briste agus gan leigheas ceart i dtimpiste fánach. A áit dhúchais anois san Iodáil. Maoin a theaghlaigh scriosta ag an boilsciú. Gan cúnaimh le fáil ón Stáit. Ag braith ar phoist faoina chumas, agus a fhágann sa bhfaopach é.

Ceal airgid níl só i ndán dóibh ná bláthú grá. Socraíonn siad lámh a chuir ina mbás féin - ach tagann ar malairt intinne nuair a ritheann leis go bhfuil airgead mór in oifig an phoist agus go bhfeadfaí é chreachadh.

Tagann deireadh leis an úrscéal ag an bpointe go bhfuil an beart leagtha amach aige di, agus í tar éis glacadh leis.

Úrscéal iomlán amháin a d'fhág Zweig a foilsíodh lena linn: Ungeduld des Herzens (mífhoighne croí). Oifigeach macra ar bheagán maoine a thagann i dteagmháil le teaghlach shaibhir. I ngan fhios dó féin maslaíonn sé iníon an tí - cuireadh chun dinnéar faighte aige, mall de bharr cúrsaí oifige. Ní chuirtear in aithne i gceart é don gcomhluadar dá bharr. Bál iar proinn. Ar ball iarrainn sé amach ag damhsa iníon an tí - ní thuigeann sé gur bacach í. Níor a thuigeann sé a bhotún teitheann sé le teann náire. Ach déanann iarracht an lá dar gcionn leorghníomh a dheánamh. Téann an caidreamh i ndoimhneacht de dheasca a atrua di. Fágann a galar thuas seal thíos seal í. Réabtar eisean idir atrua agus mí fhoighne na hóige (agus brú piara freisin). Is léir faoi dheireadh go bhfuil sí i ngrá leis, ach de bharr a mheatacht seisean bíonn deireadh tragóideach leis an scéal.

Tá na scéalta atá léite agam láidir corraitheach. Níl gach rud léite fós agam, go háirithe a chuid saothair bheathaisnéise.

Tá mé thar a bheith sásta gur casadh i mo threo é. Tá lón marana ina saothair a chíorann an anam daonna go domhain.