Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-10

Ceansú conriocht na mbogearraí

Chuir Dennis alt faoi mo bhráid le déanaí, ag maíomh go bhfuil modhanna nua ríomhchláraithe de dhíth chun 'apacailipsis bogearraí' a sheachaint. Dearadh ar leibhéal níos airde, ag baint feidhm as samhail agus giniúint cód uaidh an moladh a bhí san alt mar réiteach gach fhadhb.

Tá caint ar ghéarchéim i mbogearraí ó na 1960í ar a laghad. Bhí dhá chomhdháil faoi scáth NATO an uair úd leis na deacrachtaí a phlé, a d'fhág go raibh tograí níos daoire ná bhí beartaithe agus go raibh ag teip ar mórán acu a sprioc a bhaint amach.

Ó shin i leith, tá forbairt as cuimse tagtha ar chrua earraí ríomhaireachta agus tá, mar a deir an mana, bogearraí ag ithe an saol.

Níl leigheas tagtha ar an mbundeacracht áfach. Tá dearadh bogearraí deacair, agus anois is arís meabhraíonn tubaiste follasach é sin don bpobal ginearálta.

Is fíorannamh áfach gur botún simplí códála atá i gceist. Go hiondúil, fiú má tá botún códála bainteach leis an teip, bíonn cúinsí eile i gceist a nochtann an fhadhb. Cúinsí nár chuir na dearthóirí san áireamh.

Bíonn cúiseanna go leor leis sin. Má éiríonn go maith le bogearra, úsáidtear ar dhóigheanna nua é, nár smaoinigh na dearthóirí air. Nó go deimhin ar dhóigh a sháraíonn cúinsí a rinne na dearthóirí talamh slán daoibh. Cuirtear in úsáid ar ríomhaire nua é, nó i dtimpeallacht nua.

Sampla maith is ea tubaiste Ariane 5. Baineadh feidhm as braiteoir luasghéaraithe a d'oibrigh iomlán ceart in Ariane 4. Ach bhí Ariane 5 níos cumhachtaí agus luasghéarú níos airde i gceist, sa chaoi is go ndeachaigh an luach as raon agus gur theip ar an ríomhaire. B'éigean an roicéad a scrios toisc go raibh sé as smacht. (Bhí castachtaí eile i gceist, ach b'shin an splanc a ghin an teip)

Scríobh Fred Brooks aiste cháiliúil sna 1980í ag idirdhealú idir eisint agus aicíd (sa chiall fealsúnachta) bogearraí.

B'é a mhaíomh siúd gurb i ngleic leis na haicíd a bhí na forbairtí éagsúla modheolaíochtaí agus uirlisí ag dul i ngleic. Cuireann siad le táirgiúlacht cinnte, agus le cruinneas go pointe. Ach ní ghabhann siad i ngleic leis an mbundeacracht. Easpa cumas samhlaíochta na ndearthóirí!

Feidhmíonn samhail go maith i réimsí eile deartha de bhrí go seasann an samhail do rud éigin san fíor saol, agus is féidir le fiú tútach meabhair éigin a bhaint as. Agus tá taithí na blianta leis na comhábhair, a húsáidtear arís is arís agus go bhfuil tuiscint maith orthu.

Ní fíor sin faoi bhogearraí, agus níl aon samhail aontaithe a thuigeann cách. Fiú le leithéid UML (an teanga aontaithe samhaildheartha)  agus ionsamhaileoirí fearacht Simulink tá an bunfhadhb ann. A bhfuil ón úsáideoir a cheapadh maille gach gné agus castacht, agus é sin a bhriseadh síos go mion i treoir do ríomhaire.

Ní haon iontas na tubaistí. An t-iontas ná, ar an mórgóir, go n-oibríonn rudaí sách maith an chuid is mó den am.

Gné nár luaigh mé, agus a chuireann go mór le castacht, ná go mbíonn an cuma air gur beag costas bogearraí a athrú, mar gur féidir (mar a chíonn muid uilig chuile lá) leasaithe a scaipeadh tríd na líonraí.

Rud a chuireann leis an deacracht nuair atá bogearraí idirspleácha ar ríomhaire nó guthán glic (atá i bhfad Éireann níos cumhachtaí ná ríomhairí na seascaidí!)

Ní chloífear an conriocht fós, ceal piléar airgid.