Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-20

Croí phobal na Gaeilge ar Twitter?

Le déanaí tá Tuairisc ag iarraidh tátal a bhaint as cnuasach sonraí agus taighde Kevin Scannell ar Twitter agus an Ghaeilge. Tá eolas luachmhar sa chnuasach ag Kevin, a bhfuil achoimre de ar fáil ag
http://indigenoustweets.com/ga/. Ach ceist eile conas croí phobal a thomhais.

Tá gá le slat tomhais éigin, agus roghnaigh Kevin an céatadán giolc i ngaeilge agus tairseach 66%. D'fhág sin cuid mhór daoine a bhím féin ag plé as Gaeilge go laethúil as an áireamh, toisc go mbíonn comhráití eile as Béarla acu, nó go mbíonn go leor giolc as Béarla á athghiolcadh acu, nó an úsáid á bhaint acu as gifeanna.

Tá Twitter mar a bheadh teach tábhairne glórach, daoine ag sleamhnú ó chomhrá go comhrá. Tá sé de nós agam féin gan ach Gaeilge a labhairt, toisc gurb é sin an chúis go bhfuilim ann. Ach bím ag leanacht scata cuntas as Béarla, (agus teangacha eile) a thagann le mo spéiseanna - spás, teicneolaíocht faisnéise, litríocht, nathaíocht. Sách minic spreagann giolc ach comhrá i nGaeilge. Tá comhrá leanúnach faoi intleacht shaorga ar bun idir @Murchadhmor @tomairua agus mé féin, altanna á bhabhtáil againn. Le déanaí mhuscail giolc le @neilhimself mo spéis i @nnedi agus d'eascair comhrá le @olamajekodunmi1 as sin. Bíonn roinnt comhrá macarónach agam, mise ag giolcadh as Gaeilge, an té a bhfuilim ag allagar leo as Béarla.

Fearacht teach tábhairne freisin tá daoine ann nach bhfuil fonn orm caint leo, agus iad balbhaithe nó fiú blocáilte dá réir. Mar atá san fíor saol, ní pobal amháin lucht labhartha Gaeilge Twitter, ach scata pobail, agus daoine ar leith ina nascanna idir phobail.

Measaim gur thug an graif a scaip @kscanne de na comhráití pictiúr sách soiléir, ainneoin go raibh daoine áirithe ar lár de bharr an cuóta 66%.

Níl mórán eolas agam ar mhatamaitic na graif, ach shamhlóinn go mbeadh sé spéisiúil graif na comhráití ag sciar de na Gaeilgeoirí is béalscaoilte ar Twitter a iniúchadh, ag tosú leo mar nód agus ag rianadh na nascanna @ ina gcuid giolc agus na freagraí iontu.

Níl fhios agam an bhfeadfaí é sin a dheánamh go huathoibríoch nó an gá an léitheoir daonna fós.

Tá machaire taighde ansin, agus go leor nithe eile le scagadh.

Thug mé suntas dó go raibh Ciarán Ó Feinneadha ag léiriú spéiseanna Fheargal Uí Chuilinn (suaimhneas síoraí ar a anam) tré sampla dá ghiolc a úsáid.

Tá cnuasach Khevin luachmhar agus ábhar go leor taighde ann!