Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-10-05

Grace Harte

Grace (Kate Nic Chonaonaigh) & Leo (Dara Devaney)
Ní fhéachaim mórán ar teilifís, go háirithe ar teilifís nach bhfuil feiliúnach do m'iníon. Ach bím ag faire anois is arís ar dhrámaíocht ar TG4, má chloisim faoi (ar Twitter go hiondúil).
Léiríodh an scéinséir Grace Harte i dtrí ghála le déanaí. Tá bean an teidil pósta agus ag reáchtáil óstán lena céile Leo faoi súile géara a mháthair siúd. Tá an grá eatarthu éirithe stálaithe in imeacht na blianta, agus codarsnacht idir a stuaim chiúin siúd is a mian eachtraíochta sise.
Éagann an máthair i dtús an scannáin agus feiceann Grace deis tús nua don óstán. Tá Leo drogallach. Isteach le bithiúnach óg Danny, fear atá urraithe ag Grace chun tonnmharcaíocht a chuir ar fáil. Treisíonn seisean mian Grace agus eascraíonn caidreamh collaí as an ceangal.
Is deacair i mblagmhír a gceart a thabhairt do na carachtar iltoiseach atá cruthaithe i script láidir, go háirithe gan an scéal a mhilleadh. Fiú na carachtar tánaisteacha tá doimhneas iontu. Dhá thriantán grá, beirt fhear meallta ag Grace, beirt bhan meallta ag Danny.
Bearnaí aoise is cultúir. Bearnaí tuisceana ainneoin grá.
Mistéir agus murdar.
Scannán dubh agus bán. Úsáid an-éifeachtach guth Grace sa chúlra mar reacaire de chineál. Aisteoireacht colainne agus cuntanós.
Formhór an script as Gaeilge nádúrtha. Ní dheachaigh siad chomh fada le Corp agus Anam, áfach. Nuair atá an comhrá lasmuigh den cliar lárnach iompaítear ar Bhéarla, i nglaonna gutháin ach go háirithe. Táim idir dhá chomhairle faoi sin. B'fhéidir go gcuireann sé fál éifeachtach thart ar an dream atá san eangach tragóideach atá fite as saint, drúis agus grá.
Seo céad toradh an scéime Cine4, agus tá sé fíor mhaith!