Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-11-20

Coinneal in aghaidh deamhain an aineolais

Léigh mé leabhair le Carl Sagan le déanaí,  The demon haunted world - science as a candle in the dark.

Duine é Sagan a raibh sé de bhua aige smaointe eolaíochta a roinnt leis an ghnáth phobail. Scríobh sé an leabhar seo sna 1990í  toisc go m'bhfacthas dó go raibh bréag eolaíocht agus teoiricí comhcheilge ag fáil seilbh ar mheoin an phobail, agus go raibh litearthacht eolaíochta ag trá, agus aineolas, imní agus piseogacht ag scaipeadh.

Sin imní atá orm féin. Ar ndóigh is ábharaí ab ea Sagan agus is creidmheach mé féin. Mar sin féin (rud a aithníonn Sagan sa leabhar) is buanchuid den smaointeoireacht Chaitliceach gur féidir an réasún a úsáid chun tuiscint a fháil ar an Chruinne, gur cruthaitheacht Dia a fheidhmíonn de réir réasún atá ann.

Níl, mar sin, aon choimhlint buan idir mo chreideamh agus eolaíocht (cé gur líonmhar na hachrainn idir pearsain san dá réimse - polaitíocht agus míthuiscintí a mbunús go hiondúil).

Pléann go leor den leabhair le scéalta daoine a chreideann go ndearna eachtardhomhandaigh iad a fhuadach. Léiríonn Sagan an dóigh go mbíonn tionchar ag cultúr coiteann ar na sonraí a tuairiscítear thar am. Na gnéithe atá comhthreomhar le scéalta faoi deamhain agus sióga ag fuadach daoine. An baol atá ann (i gcásanna mí úsáid agus 'cuimhní folaithe' freisin) go mbeadh tionchar ag síceolaí ar an méid a shíleann an duine gur cuimhin leis. Go bhfuil sé suntasach go mbíonn an fáthmheas ar an gcúis le hanró anama ag teacht beagnach i gcónaí le réimse spéise an teiripeora, pé acu ionsaí mígheanasach nó eachtardhomhandach atá i gceist. Agus go bhfuil sé cruthaithe i gcásanna ar leith gur chuir an teiripeoir síol na smaointe i ngan fhios dó féin.

Uirlis thábhachtach intinne is ea amhras an eolaí.

Cúis imní easpa oiliúna ann agus scaipeadh piseoga. Tá an saol ag braith ar theicneolaíocht agus tuiscintí eolaíochta. Tá sé baolach mura bhfuil tuiscint forleathan ann ar a mbunús chun go mbeadh ar ár gcumas i ndaonlathas breith stuama a dheánamh chun ár leasa.

Meabhraítear sliocht i Screwtape Letters Lewis dom ina ndeir Screwtape gurb é sprioc reatha na ndeamhan ná ábharachas lámh ar lámh le creideamh misteach i bhfórsaí a scaipeadh - asarlaithe ábharaíocha a ghineadh.

Tá a leithéid ann.