Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-11-24

Tae

San eagrán is déanaí de Chluasraon bhí Natalia ag trácht ar thae, agus an réimse leathan deochanna te a chuimsíonn sin di.

Agus mise a fás aníos b'annamh fáil ar rud ar bith seachas tae dubh, málaí nó duilleoga. Lyons nó Barry's. Is cuimhin liom mo mháthair ag ól tae duilleoga sú craobh, ach bhí sé deacair teacht air.

Nuair a chuaigh mé chun na Gearmáine i dtosach, agus go deimhin fad a bhí mé ann, bhíodh málaí tae Lyons á bhreith anall agam liom. Tá cara liom atá ann le breis is scór bliain fós á dhéanamh, seachas gur do Barry's atá sé siúd dílis.

Níor tháinig mé ar tae thall a bhí blasta le bainne ann, cé go dtagann Ostfriesisentee gar dó.

Ach tá saibhreas tae thall, idir dubh, glas agus luibheanna agus siopaí ar a dtugtar Teeladen orthu fairsing ar teampaill tae iad.

D'ól mé go leor tae dubh gan rud ar bith a chuir leis. (D'éirigh mé as siúcra i mo chuid tae Carghas éigin is mé sna fichidí, níor ól le siúcra tae ná caife ó shin).

Tae dubh le seasmain abair. Táim fós ceanúil ar Earl Grey, tae dubh le hola beirgeamat abair, a bhfuil fáil éasca air abhus.

Bhíodh an samhraidh te thall, agus bhí faoiseamh le fáil ó tae luibheanna, fiú agus é te.

Bhíodh cumaisc iontacha de tae na sceiche rua le fáil, le lusanna agus seacláid fiú. Tá rooibos sách leadránach ann féin ach go maith i gcoinne tart. Ní thuigim áfach an nós abhus bainne (fiú bainne cnó) a chuir ann.

Is maith liom tae torthaí, mórgóir ach go háirithe, nuair atá slaghdán orm. Agus tá tae cearbhas gránna le n-ól ach ana mhaith do ghoile corraithe.

Tá réimse níos leithne tae sna hollmhargaí anois, agus siopa tae nó dhó sa chathair a fhágann rogha deas tae abhus, cé nach bhfuil sé inchurtha fós le Teeläden na Gearmáine.

Tae le tae....