Showing posts with label Tadhg Mac Dhonnagáin. Show all posts
Showing posts with label Tadhg Mac Dhonnagáin. Show all posts

08 November 2015

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal

B'é Tadhg a scríobh agus a rinne reacaireacht ar an gclár teilifíse Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal de chuid Sónta. Chonaic mé an clár tamall siar agus thug mé an suntas dó - bhí sé gleoite.
Ní raibh an oiread sin eolais agam ar Raiftearaí - go deimhin níl mórán dá chuid filíochta léite agam. Chuir mé spéis i Seanchas na Sceiche atá ar fáil i leabhar Vincent Morley Ó Chéitinn go Raiftearaí:
Tá roinnt dá chuid amhráin cloiste agam, go minic i gan fhios agam gurbh eisean a scríobh.
Is éard atá sa duaisleabhar ná an taighde bunaidh a rinne Tadhg don gclár, agus scagadh spíonadh agus doimhniú déanta air. Mar a dúirt sé féin chuir sé roimhe scéal Raiftearaí a reic ó bhreith go bás. Tá sé seo déanta ar bhealach an éifeachtach, é ag leagadh romhainn na foinsí agus an fhianaise a d'aimsigh sé sa bhfilíocht, sa bhéaloideas nó i saothair dhaoine a threabh an iomaire seo roimhe. De bhrí gur fianaise thánaisteach ar fad geal leis, tá tábhacht leis an scagadh agus meá a rinne Tadhg ar an eolas, agus roinneann sé linn a bhreith ar an bhfianaise agus an fáth go bhfuil glacadh aige le scéalta thar a chéile.
Rianaíonn sé tús a shaol, an galar a d'fhág radharc na súil lag nó imithe, an caidreamh leis an dteach mór a chuir bunús faoina shaol, a thitim amach leo a d'fhág ina fhánaí é sa Ghaillimh i bhfad ó Mhaigh Eo. Tugann sé ana léargas ar a pholaitíocht sheicteach agus a chuir ar son na cosmhuintire caitlicí ina shaothar. Tá scagadh ann ar an iomarbhá fileata leis na \Callannáin.
D'fhoghlaim mé go leor as an leabhar; an t-aon locht a bheadh agam air ná nach bhfuil fáil ann ar na dánta iomláine atá á phlé seachas sleachta astu. Tá réiteach áirithe ar sin, ar ndóigh, mar gur chnuasaigh Ciarán Ó Coigligh na dánta ar fad a leagtar ar Raiftearaí. Ní heol dom an bhfuil teacht ar na dánta eile a luann Tadhg in aon áit ar leith áfach. (Seans go mba cheart dom súil a chaitheamh arís ar an liostaí foinsí a luann sé...)
Leabhar téagartha atá anseo, agus caighdeán maith cló agus dearadh ann freisin. Leabhar atá feiliúnach do mo leithéidí de léitheoir siamsaíochta chomh maith leis an dream a bheidh i ngleic níos dáiríre leis agus staidéar á dhéanamh acu ar Raiftearaí agus a ré.

Tá píosa cainte bhreá déanta ag Tadhg le MTS ar Ardtráthnóna atá le clos anseo.

Táim buíoch de Futa Fata as cóip léirmheastóireachta den leabhar a chuir ar fáil dom.

Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal
Tadhg Mac Dhonnagáin
Futa Fata
ISBN: 978-1-906907-90-7

05 January 2014

Laureate na nÓg: Molaimse Tadhg Mac Dhonnagáin!


Táthar ag lorg ainmniúcháin do Laureate na nÓg don tréimhse 2014-16. Tá breis eolais (as Béarla) le fáil anseo:
Tá foirm ainmniúcháin seolta agam féin, agus Tadhg Mac Dhonnagáin molta agam.
Is liosta le háireamh cáilíochtaí Thadhg don bpost, mar a scríobh mé san foirm:
  1. Tá leabhair do pháistí tagtha go flúirseach óna pheann a tarraingt as tobar na scéalaíochta, fearacht na scéalta faoi Fionn nó na leabhar is déanaí faoi Uinseann Donn.
  2. Tá na himleabhair rannta agus araile le CD a d'fhoilsigh sé - Gugalaí Gug  nó Peigín Leitir Mór.
  3. Tá scoth na hoibre déanta aige chun litríocht do pháistí a thabhairt isteach san tír, cuid aistrithe aige féin cuid aistrithe ag daoine eile agus foilsithe aige - mar shampla Eileanór an Eilifint Éagsúil.
  4.  Léiríonn a shaothar le hAifric go dtig leis obair le déagóirí chomh maith
  5. Tá ceardlanna eagraithe aige agus daoine eile spreagtha chun pinn aige.
  6. Tá cuid de na leabhair sin seolta thar lear arís - chomh fada leis an tSín nó an Chóiré.
  7. Fear iontach ar stáitse é le páistí!


Cá háit eile a bheadh teacht ar údar, taibheoir, ceoltóir, foilsitheoir agus fear gnímh mar é don bpost?

19 July 2009

Is fearr dúinn mám filíochta a bhlaiseadh


Tá mo mhian comhlíonta anois agus Aniar bronnta orm do mo bhreithlá.

Tá, mar is dúil dó, seoid ceardaíochta curtha ar fáil ag Tadhg agus a chuideachta. Tá gach chuid den saothar - na grianghraif, na nótaí, an cló, - gach trácht ar áilleacht na guthanna agus ceoil ar an CD - thar barr ar fad.

Is breá liom cnuasaigh mar seo a tharraingíonn isteach mé agus a mhúsclaíonn fonn ionam níos mó a bhlaiseadh. Tá mar shampla, treisiú ar mo mhian níos mó le Johnny Cóil Mhaidhc a léamh, agus fonn múscailte ionam mo lámh a chuir ar saothar le "Filí Bhaile na mBroghach"

Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!

Tá an snas le tograí Futa Fata, agus an leabhair agus an ceoil a théann le roinnt acu ina siansa foirfe, snasta. Treise leis.

Agus nár chaca púca MacCarthy ar aon chuid den saothar!



Aniar / Voices and Verse from the Edge of the World
Tadhg Mac Dhonnagáin
ISBN 9788955898314
Futa Fata 2007

Íomhá ó Wikimedia - tá ceann níos milse sa leabhar!

Tagairt don gcéad rann sa leabhar, rann le Joe Steve, atá i dteideal an mhír seo - agus san tagairt do chac an púca.

29 June 2009

Bímis ag léamh!

De bharr taom saoithíneachta a bhuail mé, bhronn Tadhg leabhar dá chuid ón sraith "Bímis ag Caint faoi" orainn.

Ainneoin doicheall an poist roimh seoltaí i nGaeilge, shroich an leabhar ceann scríbe. (Bhí nótaí imill air - ag moladh d'fhear an phoist triail a bhaint as Bré, Na Clocha Liatha - agus Cill Dara!)

Pé scéal é, "An Bhfuil Rún Agat?" an leabhar a bhí roghnaithe againn, leabhar a chíorann rúndacht - cathain is cóir cloí leis, agus cathain is ceart na rúin a scaoileadh.

Tugann an insint agus na léaráidí gleoite muid, céim ar chéim, ó rúin deasa - bronntanas do mhamaí atá faoi rún go bhfaigheann sí é, tríd leathrúin - conas plé le eachtraí bulaíochta ar dhaoine eile, go dtí croí na ceiste - rún faoi droch íde ort féin, agus an riachtanas rún mar sin a scaoileadh le duine iontaofa.

Cheap mé go raibh na léaráidí san gcuid seo thar a bheith éifeachtach - ag leiriú an bhagairt diamhair a bheadh ag rud dá leithéid ar ghasúr, gan a bheith ró litriúl.

Tríd is tríd, an leabhar atá ann. De bharr go bhfuil mo chlann mic ró shean, agus m'iníon fós ró óg, is dócha nach mbeinn tagtha chomh fada leis de mo dheoin féin - fós. Beidh súil in airde agam don gcuid eile den sraith amach anseo - cé go bhfuil súil agam nach mbeidh call againn riamh le "Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?".

Rud beag amháin - seans go bhfuil an litreoireacht rud beag deacair le léamh do thosaitheoirí léitheoireachta, rud a bheadh ina bhac do roinnt páistí san aois ghrúpa an leabhar a léamh as a gconlán féin.



An bhfuil rún agat?

le Jennifer Moore-Mallinos, maisithe ag Marta Fabrega
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

ISBN: 978-0-9550983-9-0

34 lth, lándaite, clúdach bog
Aoisghrúpa: 6-10