Showing posts with label Tomás Mac Síomóin. Show all posts
Showing posts with label Tomás Mac Síomóin. Show all posts

23 January 2017

Athchuairt ar An Tionscadal

Chuir comhrá ar Twitter mé ag póirseáil ar mo leabhragáin chun sár-úrscéal Thomás Mac Síomóin a aimsiú arís.
Bhí dearmad déanta agam ar díreach chomh cumhachtach agus ilghnéitheach atá sé. Úrscéal a sáraíonn aon iarracht leaba Procrustes na seanrá a chuir i bhfeidhm air.
Tá gnéithe den scéinséir ficsean eolaíochta ann. Tá tagairtí don alltar agus pearsa meifisteofalach ag feidhmiú mar cineál deus ex machina chun casadh a chuir sa phlota.
Reacaire céad pearsain atá i príomh charachtar an scéal. Duine a shíleann é féin a bheith liobrálach ábharaíoch Marxach fiú - ach atá sáite go smior ina phost margaíochta agus dílis do modh oibre an caipitleachas creiche a chleachtann an ollcomhlacht ina bhfuil céim ard aige.
Duine é atá tugtha don féin iniúchadh, rud a thugann deis don údar an iliomad ceist a scrúdú gan a bheith ag cuir an scéal as a riocht.
Tagann sé ar nod faoi baile ar leith sna Piréiní, a bhfuil mistéir éigin ag baint leis. Spreagtar a fhiosracht ar mórán leibhéil, agus tugann sé turas ar an áit.
Faigheann sé áit a bhfuil an cuma air gur parrthas réamhtionsclaioch atá ann, sláinte agus fadsaoil as an gnáth ag an pobal. Ach an bhfuil cruimh san úll?
Téann sé ar thóir an rún, fonn air brabach a bhaint as. Le cabhair ó bhean de chuid na háite, a bhraitheann sáinnithe ann, aimsíonn sé an rún.
Baineann deireadh an úrscéil le plé lena fhostóir chun táirge tráchtála a fháisceadh as an rún.
Is anseo a chíortar ceisteanna fealsúnachta agus morálta go domhain agus 'meitheal machnamh' i mbun 'stoirm stuaime' ar na ceisteanna ar fad a eascraíonn as; ciniciúilacht agus idéalachas in adharca a chéile.

Ar shlí úrscéal ilmheáin atá anseo - idir insint dhíreach céad pearsa ann, dioscúrsa an stoirm stuaime,  tuairiscí eolaíochta- agus do radharcanna áirithe, script samhlaithe scannáin.

Táim buíoch don gcomhrá a sheol arís i dtreo an lón machnaimh is pléisiúr seo mé!

Feicim go bhfuil rLeabhar ar fáil ó litríocht!

01 December 2012

Mo Chroí san Afraic

Fuair mé an aistriúcháin seo le Carl Mac Gabhann agus Tomás Mac Siomóin ón leabharlann le déanaí. Victor Móra a scríobh i Catalóinis faoin dteideal "El meu cor es diu Àfrica".
Úrscéal dírithe ag dhéagóirí óga atá ann, scéal eachtraíochta lonnaithe san Afraic, laoch an scéil mar chuid de fhoireann eitleáin agus iad ag imeacht chun eitleáin eile a tharrtháil. Tá easpa mhór leabhair mar seo sa Ghaeilge, mar sin is fiú an aistriúcháin seo a bheith ann; go háirithe cionn is gurbh as teanga é nach mbeadh go forleathan ag déagóirí le Gaeilge (cé go bhfuil aithne agam ar bheirt acu, ach sin scéal eile!) . Is trua áfach gur shíl an foilsitheoir gurbh gá gluais i mBéarla a chuir leis an leabhar; mar fonótaí ag bun an leathanaigh agus ag cúl an leabhar. Nós a bhfuil an ghráin dearg agam air sin; déanann sé talamh slán de go bhfuil an focal i mBéarla ag an léitheoir agus gur teanga tánaisteacht dá réir an Ghaeilge! 
Tá an scéal go maith; ach measaim nach raibh ról an laoch ná an chailín ar bhuail sé léi agus a thiteann sé i ngrá léi (dar ndóigh!) sách suntasach san scéal. Ní haon Alex Rider, Percy JacksonHarry Potter é; cuireann sé fios ar chabhair dá chompánaigh ach níl ról gníomhach aige ina dhiaidh sin. Is trua sin; is maith le déagóirí feictear dom scóip a thabhairt lena samhlaíocht agus ionannú le laoch ar chomhaois leo. Locht eile a fhaigheann ar an leabhar ná go dtiteann an údar isteach i modh seanmóireachta anois is arís faoi chúrsaí an tsaoil agus lofacht na haoise seo. Níl faic cearr leis an téis; ach b'fhearr go mór é a léiriú seachas é a rá amach go teagascach.  Mar sin féin, thaitin an leabhar liom, bhí an scéal féin go maith agus inchreidte; an suíomh agus na heachtraí spéisiúil.
Agus tá leabhair do dhéagóirí tearc abhus. Is maith ann é mar sin.

Mo Chroí san Afraic
Victor Mora 1996
Foras na Gaeilge
An leagan Gaeilge 2002

19 October 2012

Tuairisc ón bPluais

Bhí mé i láthair aréir san Grand Social i mBaile Átha Cliath d'imeacht eile de chuid IMRAM. Oíche Ómóis d'fhathach eile de chuid Litríocht na Gaeilge; an uair seo Tomás Mac Síomóin. Tá saothar Thomás chomh ilghnéitheach go raibh gá le scata cainteoirí chun é a mheabhrú dúinn! Bá é Cathal Póirtéir a bhí ina fhear an tí, ag coinneáil smacht ar rudaí. Thug Éamon Ó Ciosáin léiriú dúinn ar Thomás mar paimfléadaí; leithéidí Ó Mhársa Go Magla; Ceachtanna Ón gCatalóin; Tuairisc ón bPluais; 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge. Saothar tábhachtacha machnamh chun bunús a chuir faoi smaoineamh ar féiniúlacht agus teanga. (Bhain mé féin tairbhe agus sásamh astu). Labhair Dónall Ó Braonáin ar Thomás Iriseoir - agus go háirithe a thréimhse mar eagarthóir ar Chomhar. Arís, bí machnamh agus diongbháilteacht i gceist! Fágadh faoi Phillip Cummings labhairt faoin bprós agus filíocht; thug Lydia Groszewski spléachadh ar a shaothar agus a idé-eolaíocht (tá tráchtas déanta aici air - ach saothar uirthi coinneáil ar chéim lena chuid scríbhneoireachta!).
Nath a baineadh feidhm as arís is arís eile; scríbhneoir engagé is ea Tomás; fear cúise; fear ceanndána; fear comharseilbhe gan leithscéal. Poblachtach ceart.
Idir na míreanna cainte bhí ceol againn - ó Chormac Breathnach, Seán Whelan agus Brian Dunning. Cheol Naisrín Elsafty sean nós den scoth. D'inis Pádraig Ó Snodaigh roinnt scéalta ón gcairdeas fada atá aige le Tomás; agus a streachailt le chéile ag cur na Gaeilge chun cinn. Chuir Tomás féin clabhsúir leis an gcuid sin den oíche le dhá dhán; ceann cumhachtach i gcuimhne Victor Jara; ceann úrnua faoi mana agóideoirí na Gréige - Ní Éireannaigh muide!- agus cúthail mí-éifeachtach abhus. 
Fágadh an urlár ansin faoin gceol-ghrúpa Laidineach Mangéira; Bhain siadsan ceol as na fraitheacha agus chuir Tomás ag damhsa!
Oíche thaitneamhach a bhí ann agus bhí deis agam roinnt comhráite spéisiúla a bheith agam; ina measc bhuail mé le m'oide Gaeilge ón Meánscoil agus bhí deis agam, anois agus tuiscint agam buíochas a ghabháil leis as Máirtín Ó Direáin a thabhairt isteach chun cainte linn fadó. (Is mór an trua gurbh déagóir sotalach aineolach an uair úd mé nó bheadh níos mó tairbhe bainte agam as!)
B'é an t-aon mháchail ar an oíche nach raibh an ionad feiliúnach dáiríre; bhí muid cuachta istigh i spás nach raibh ach cuirtín idir é agus an teach tábhairne agus trup dá réir ann; breis truip ach ar thosaigh  ceol thuas staighre.
Chuir sin isteach roinnt ar na cainteoirí agus ní raibh ar mo chumas díriú orthu mar ba mhian liom. Bhí sé barrúil áfach nuair a shiúl - mar a tharla cúpla uair - ainnir ardchathrach gléasta do cath na cineáil isteach; bhain an teanga stangadh astu. Bhain an comhluadar stangadh eile astu agus theith siad nuair a thuig nach raibh aon stail sochumasc san slua ...  

Molaim daoibh, mura bhfuil sin déanta agaibh cheana blaiseadh de shaothar Thomáis; nod libh go bhfuil leaganacha ríomhleabhair dá shaothar ar fáil!

Agallamh le Tomás Mac Síomóin faoina smaointe agus a shaothar.

15 January 2012

Úrscéal nó Stair: Freagra ó Thomás Mac Siomóin:

I dtrácht thíos ar an mír seo, chuir Seán an cheist arbh úrscéalta nó stair na leabhair a bhí faoi chaibidil. Chuir mé ceist dá réir ar Thomás, agus seo a fhreagra:

Mar fhreagra ar do cheist:
 
Leabhra staire is ea Nasc na Fola agus Na/Los Patricios sa mhéid is go gcloíonn siad go dlúth le fíricí na staire, mar is eol dúinn iad. 
 
Úrscéal stairiúil is ea Ceallaigh, sa mhéid is go bhfuil sé bunaithe ar fhíricí na staire, mar a d'aimsigh taighde iad, agus ar thaithí pearsanta an údair. Anuas ar sin, thugas cead coise do mo shamhlaíocht ó thráth go chéile. Ansin fhéin, coinníos cuibhrithe ag fíricí is ag taithí í. Mar shampla, d'úsáideas agallamh samhalta a chuir O'Kelly ar de Céspedes, Uachtarán Sar-Chúba, leis an riocht ina raibh fórsaí na Réabhlóide (bunaithe ar fhoinsí comhaimseartha) a léiriú. Stair lom gan frapa gan taca is ea an cur síos ar bheatha J.J. O'Kelly atá ar chúl an leabhair.
 
Seánra seanbhunaithe is ea an t-úrscéal stairiúil, ar ndóigh. Tagann muid ar Napoleon agus a leithéid i Cogadh agus Síochán Talstáidh. Is liosta fada le háireamh é liosta ballraíochta an tseánra chéanna. Ainmnítear pearsain aitheanta i Fontenoy Liam Mhic Chóil; tá cúlra fírinneach stairiúil, tréimhse ionsaithe Crombhuel ar Éirinn, ag An Cléireach Dharach Uí Scolaigh agus tá Gearóid Iarla, úrscéal de chuid Mháire Mhac an tSaoi bunaithe ar shaol an phearsa stairiúil chéanna.
 
I mBéarla, áirítear Slaughterhouse 5 Vonnegut, for Whom the Bell Tolls Hemingway, Orlando Virginia Woolf  etc etc etc mar leabhra a bhfuil cúlra cinnte stairiúil acu. Sa tseánra céanna áirítear leabhra a choinníonn go dlúth leis na fíricí agus iad siúd ina mbíonn an ceangal úd scaoilte, ar nós na cinn atá luaite anois beag agam. Má tá ceisteanna eile ar sliobarna, failte rómpu.

08 January 2012

Sliocht Míl Espáine muid uilig!

Is maith liom leabhair i nGaeilge a cheannach do mo mhic don Nollaig. Anois agus iad anonn sna déaga, is deacair sin a dhéanamh. Is beag leabhar atá ar fáil dóibh, mar sin is beag leabhar léite acu, mar sin níl siad cleachtaí ar Ghaeilge a léamh, mar sin ....
Pé scéal é  (agus le dua, tharla gur i Hodges Figgis a bhí mé ar mhaithe le dearbhán leabhair a chaitheamh) is iad rogha na bliana seo dhá leabhair le Tomás Mac Síomóin: Nasc na Fola, agus Na Patricios.
Dhá leabhair Staire atá i gceist anseo. Pléann "Nasc na Fola" le beirt de mhuintir Dálaigh a d'imigh chun na Spáinne agus ansin ar aghaidh go dtí an Domhain Nua. D'imir siad ról thábhachtach i stair Puerto Rico. Pléann Los Patricios le reisimint den ainm sin a throid an son Meicsiceo in aghaidh SAM.
Is cuimhin liom léirmheas le Alex Hijmans ar "Nasc na Fola" a léamh a bhí rud beag cáinteach toisc gur mheas sé go raibh sé ró theagascach, go raibh meon fríth impiriúil léirithe ró shoiléir ann. Tá cuid den fhírinne aige, is dócha - tá an dá leabahr sách teagascach. Ach n'fheadar an drochrud é sin? Sílim go bhfuil sé spéisiúil a leithéidí de leabhair a bheith ann a léiríonn meon soiléir, agus a léiríonn freisin go bhfuil nascanna stairiúla idir Éireann agus na tíortha Easpáinneacha; san sean domhan agus ar an Oileán Úr.
Thaitin an dá leabhar liom, tá siad lán eolas fiú más le meon soiléir a roinntear an eolas sin. Ach táimse, pé scéal é, amhrasach faoin téis gur féidir cur síos go neodrach ar an stair. Beidh dearcadh an scríbhneora ann, oscailte nó ceilte - mar sin, is fearr liom é bheith oscailte.
Gné spéisiúil de "Na Patricios" ná gur leabhar dhátheangach atá ann, Caistílis agus Gaeilge. Ní dhearna mé ach sracfhéachaint ar an leagan Spáinnise ach sílim gur maith ann é. Níl fhios agam an bhfuil sé i gceist an leabhar a dhíol le Spáinniseoirí chun cáil na Gaeilge a scaipeadh? Bheadh san suntasach.
Do léigh mo mhac atá 15 "Nasc na Fola" agus bhronn marc 6/10 air - cionn is gur cheap sé go raibh sé dírithe ar gasúir níos óige (agus b'fhéidir go bhfuil!). Mheas sé é a bheith feiliúnach do ranga 4/5/6 sa bhunscoil.

Karen Dietrich a rinne na léaráidí don dá leabhar - agus do roinnt leabhair eile le Tomás, feictear dom.
Tá na léaráidí cruinn, ach cineál simplí - chuir sé sin le tuairim mo mhic maidir leis an aois ghrúpa. Sílim go n-aontaím leis faoi sin.

Togra spéisiúil mar sin féin.


Nasc na Fola
Eachtraí na nDálach i bPórtó Ríce
Tomás Mac Síomóin
ISBN: 9781857918045
An Gúm 2011
82 lth

Na/Los Patricios
Gaeil i gCéin 1/ Irlandeses de Ultramar 1
Tomás Mac Símóin
Coiscéim 2010
80 lth.

13 October 2011

Réabtar an ceangal sa Phluais!


Is cosúil go bhfuilim i lár thréimhse Síomóntachta! Ós rud é go raibh mé chun bualadh leis ag an seoladh leabhair, thóg mé amach arís cuid dá shaothar atá ar mo leabhragáin le fada. Ina measc bhí an paimfléid seo "Tuairisc ón bPluais" Pluais Phlatón atá i gceist agus go sonraíoch an daille de bharr iad a bheith ceangailte atá ag na daor san fáthscéal úd.
Ón uair a scríobh sé an paimfléid seo tá cultúr an tomhaltais agus na siamsaíochta tar éis doimhniú, ainneoin an géarchéim airgeadais sa chaoi agus gur goile ar fad beagnach an cine daonna san Iarthar, de shíor faoi cith fógraíochta. Is ar léargas sóisialach atá beachtaíocht Thomáis bunaithe; dearcadh nach roinnimse go hiomlán cé go mbeadh mé ar aon fhocal leis maidir le cúis na faidhbe; an oideas ceart chun a leigheas an áit go mbeadh dearcadh difriúil agam. 
Aontaím leis go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an litríocht chun daoine a chuir ag smaoineamh; an cheist ná conas gur féidir le litríocht dul i bhfeidhm ar phobal nach bhfuil ag léamh. (Tráthúil go leor bhí alt ag Alan Titley ar "oiliúint" liteartha  inniu). Tá gá práinneach againn le poblachtachas nua, le pobal atá oilte chun a ról a ghlacadh, gan ró urraim don gcliarlathas - eaglasta, maorlathach nó iriseoireachta . Ach sin traidisiún nach bhfuil sa tír seo, atá faoi chuing cléiriúlachas de chineál amháin nó eile -  urraim don oifig, beag beann ar an bhfuil baint ag an oifig leis an gceist atá faoi chamáin. Caithfear smaoineamh!

Tuairisc ón bPluais
Poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2004

09 October 2011

Cos ar bolg gan cluichí ná arán

Seoladh an leabhar 'An bhFuil Stacey ag Iompar?' le Tomás Mac Síomóin Déardaoin, agus bhí mé i láthair chun tairbhe a bhaint as an ngaois (agus an fíon, gan amhras). Tharla go raibh na gasúir amuigh mall aréir bhí faill agam an leabhar a chríochnú.
Aorscéal a thug Tomás féin ar an leabhar seo. Baineann sé feidhm éifeachtach as an coinbhinsiúin go bhfuil cáipéis aimsithe ag scoláirí faoi scéal éigin fadó. Sa chás seo tá na scoláirí ag féachaint siar ón mbliain 2517. Cuireann siad scéal tranglam aisteach tráchta ós ár gcomhair, bunaithe ar cháipéis a scríobh duine a bhí páirteach ann. Saol na linne seo in Éirinn atá i gceist. Fágann an coinbhinsiúin go dtig leis an údar an suíomh a chruthú tríd réamhráite léannta; go féidir léamha éagsúla, agus go deimhin dréachtaí éagsúla den scéal a bheith ann. Agus go dtig leis cuir leis an reacaireacht tríd Iarfhocail léannta chomh maith.
Baintear feidhm as an scéal chun aor ghéar a dhéanamh ar Éireann na linne seo, agus saol an Iarthar i gcoitinne. An ró bhéim ar phearsa siamsaíochta i gcláir teilifíse, cláir raidió ina nochtann daoine rúin agus ainmhianta, smailcbhia, agus cúl le cine agus cultúir.
Tarlaíonn eachtra diamhair éigin a fhágann reacaire an scéil sáinnithe i bplódú tráchta. Tugann an reacaire an Citreon ar féin; agus tá na pearsan eile ainmnithe freisin as a gcineál gluaisteáin.   Níl in ndán don bplódú tráchta ach bogadh siar agus aniar ar an bpaiste céanna bóthair  áit éigin i lár tíre na hÉireann. De réir a chéile bíonn treibheanna, paróistí gona dtaoisigh á mhúnlú faoi bhrú an éigean. Leánn an screamh tanaí sibhialtachta agus titeann na daoine in umar na barbarthachta. 
Fágann sin scóip iontach ag an údar cineálacha  éagsúla daoine a léiriú lena pheann grinn gléineach. Dúirt Tucholsky tráth faoin aorthóir 'Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc.'  Cáineadh géar ar saol tomhaltach éadomhain na linne is dual do Thomás, agus 'sæva Indignatio' aige ach go háirithe dóibh siúd a thréig nó a bhacann an Ghaeilge.
Thug sé rabhadh ag an seoladh go raibh caint gharbh san scéal, agus nach raibh sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil goile íogair acu. Is fíor dó. Tá mionnaí móra ann. Tá miangas agus collaíocht. Tá foréigean. Tá cac, pian agus bás. Ach is cuid orgánach den scéal iad. Níl siad ann ar mhaithe le bheith ann.
Bhí cúpla mionrud a chuir as don sa leabhar, ach sílim gur botúin eagarthóireachta thar rud ar bith eile a bhí gceist. Tugtar le fios gurbh iad Gearmánaigh an scothaicme nua, agus bíonn sleachta Gearmáinise thall is abhus san scéal - ach bhí focail ar lár nó mí litrithe coitianta sna sleachta sin.  

Thaitin an scéal liom. Ceannaígí agus léigí!

An bhFuil Stacey ag Iompar
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2011.54

04 October 2011

Fuil, cumasc agus bás i Meicsiceo

Chuir Tomás Mac Síomóin Gaeilge ar an úrscéal cháiliúil Pedro Páramo le Juan Rulfo roinnt blianta ó shin. Cé gur clasaic de chuid na Spáinnise an leabhar seo, caolseans go mbeadh sé léite agam murach Gaeilge a bheith curtha air! Tá smearadh Spáinnise agam ceart go leor, ach níl mó dhóthain chun saothar mar seo a léamh. Táim i bhfiacha ag Mac Síomóin mar sin as an lón intinne seo a chuir ar fáil dom.

Osclaíonn an scéal leis na reacaire ag triall ar bhaile dúchais a mháthair, ag comhlíonadh geallúinte a thug sé di agus í ag saothrú an bháis. Go rachadh sé ag lorg Pedro Páramo, a athair, más fíor. Tagann sé chomh fada leis an mbaile, Comala agus faigheann sé lóistín ó bhean. Ach diaidh ar ndiaidh tuigtear dó agus dúinn go bhfuil gach duine sa bhaile básaithe. Fearacht Cré na Cille, tagann reacairí eile chun cinn ag cur leis an scéal. Agus cloisimid scéal Phedro, agus a mhac Miguel, agus a gcuid bligeardachta. Feirmeoir mór is ea Páramo, atá brúidiúil ina ghnó le fir agus amplach sa tóir ar mhná. Ainneoin a chraos ban, tá grá éagmaiseach ag Pedro Páramo do bhean a bhfuil a meabhair caillte aici faoin am go n-éiríonn leis sealbh a ghlacadh ar a colainn.

Is beag nach féidir an fuil, an formad, ar fhoréigean, an miangas, an teas a bhlaiseadh san insint chumhachtach, reacaireacht na pearsan ag cruthú íomhá an frith laoich dúinn diaidh ar ndiaidh, agus a shaol ó tháinig sé i seilbh a oidhreachta, go dtí a bhás ag deireadh agus é tréigthe ag cách. Fite fuaite lena scéal, scéal muintir an bhaile agus an cléireach éadóchasach a mhothaíonn go bhfuil teipthe air mar shagart, é tar éis loic ar a phobal, díolta agus ceannaithe ag lucht rachmais. Pearsan eile freisin ann, iad lúbtha nó briste ag Páramo.

Léiriú cumhachtach ar chorbadh dhuine cumhachtaí ag leathnú amach agus ag scriosadh comhluadar.


Pedro Páramo
Juan Rulfo
Tomás Mac Síomóin d’aistrigh
Coiscéim 2008
160 lth.

04 January 2011

Feachtas Uí Cheallaigh

Saighdiúirí Mambí de chuid Cogadh Deich Bliana Chúba.
I measc na leabhair a fuair mé don Nollaig bhí "Ceallaigh - Scéal ón mBlárcatha" úrscéal neamhghnách le Tomás Mac Síomóin.
Scéal beirt fhear den ainm Séamas Ó Ceallaigh: iriseoir de chuid na linne seo, agus an Finín Séamas Seosamh Ó Ceallaigh. Tá Ó Ceallaigh na linne seo fostaithe ag nuachtán Teachtaire na hÉireann atá go daingin i seilbh lucht gaimbín; agus na hiriseoirí faoi smacht dá réir - sa chaoi is go gcuireann siad cinsireacht i bhfeidhm orthu féin. Tá Ó Ceallaigh le seoladh go Cúba - agus a mhaistrí ag súil le scéal a léireoidh go bhfuil an réabhlóid a teip de réir mar atá sláinte Chastro.Sraith samhraidh atá le bheith ann, agus le gné ar léith a chuir leis an scéal tá Ó Ceallaigh na linne seo le rian an Ó Ceallaigh eile a leanacht agus a lorg - rinne sé siúd tuairisciú ar Chogadh na Deich Bliana - éirí amach in aghaidh na Spáinneach, túsphointe saoradh Chúba.
Sleamhnaíonn an reacaireacht céad pearsa go healaíonta idir thaithí Ceallach na linne seo, agus Ceallach an tréimhse úd. Bíonn idirphlé diamhair eatarthu, osréalach beagnach. Fágann an gléas seo go bhfuil deis ag an údar stair Chúba agus dán Chúba na linne seo a chuir faoinár bhráid ar bhealach thar a bheith taitneamhach agus éifeachtach. Tá an dúrud eolais agus tuairimíochta sa leabhair, ach é iompartha chomh foirfe sin ag an scéal gur féidir é shú isteach gan dua.

Bhain mé ana sult agus ábhar machnamh nach beag as an úrscéal seo - "úr scéal" sa chiall is fearr atá ann!




Ceallaigh
Scéal ón mBlárcatha
Tomás Mac Síomóin
Coiscéim 2009

27 September 2009

Leoin leonta

Na filí Rúiseacha Bhí ócáid thaitneamhach eile de chuid IMRAM ann oíche Aoine. LEOIN I nGÉIBHEANN/ CAPTIVE LIONS: Filíocht de chuid Anna Akhmatova, Vladimir Mayakovsky agus Marina Tsvetaeva aistrithe go Béarla agus Gaeilge. Filí iad uilig a bhí thuas san 20ú aois, agus a d'fhulaing faoi Stailín. Chuir beirt acu lámh ina mbás féin.

Chuir Liam Carson gach file faoi seach in aithne, agus ansin léigh file Éireannach aistriúchán dá gcuid saothar, le cúlra ceolmhar ó Jackie Leven (giotár), Michael Cosgrave (méarchlár) agus Sean Óg (Sax).

Léigh Paula Meehan saothar le (sílim!) Anna Akhmatova i leagan Béarla a rinne sí féin. Saothar duairc bhrónach - caint ann air faolchú baineann agus fuil agus oighear. Is dóigh liom go raibh splanc dóchais ann - bhí an oighear ag leá, deiridh ag teacht leis an ngeimhreadh.

Chan - más sin an focal ceart - Tomás Mac Siomóin dán le Mayakovsky i leagan Gaeilge. Éigeas i ngleic leis an bhfear cánach. Bhí sé lán de bhrí agus d'fhuinneamh, agus cíoradh ann ar dhán an fhile, agus é i ngleic leis an teanga, agus an dua as a bhfáisctear dánta. Tugadh "file rap" ar Mayakovsky, agus is sa stíl reacaireachta sin a bhí an píosa. B'é Tomás an fear chuige, deirim libh!

Ansin thug Nuala Ní Dhomhnaill a leagan de dhán brónach, mothúchánach le Marina Tsvetaeva (is féidir go bhfuil an dá banfhile curtha tré chéile agam!). Sliabh ar bhruach cathrach, á slogadh ag tithe na saibhir, ach ag baint díoltas amach. Tráthúil d'Éireann na linne seo! Bhí cimeonó cuanna á chaitheamh ag Nuala, agus chuir sé sin lena cur i láthair láidir.

Bhí an cúlra ceolmhar thar a bheith maith. Thug na hoirfidigh ceolchoirm dá gcuid féin, le hamhráin le Jackie Leven bunaithe ar fhilíocht Tsvetaeva - ach bhí ormsa teitheadh, i mo luaithríona ag iarraidh breith ar bhus a deich!

23 September 2009

Briatharchath

D'fhreastail mé aréir ar chaint Thomáis Mhic Shiomóin "AN DÚCHAS AGUS AN NUA". Cuid d'fhéile IMRAM. Bhíos ag dréim le breis forbairt ar na smaointe a bhí a phlé ag Séan ar na mallaibh. Ní hé sin go baileach a bhí ann. Le bheith cruinn, is dóigh liom gur chreid Tomás go mbeadh am aige do chaint níos faide. B'éigean dó a chaint a chuir in oiriúint do tréimhse níos giorra, rud a chuir dá bhuille é beagán. Dhírigh sé mar sin ar an litríocht, agus an slabhra réabtha idir scríbhneoirí na linne seo - scríbhneoirí Gaeltachta agus Galltachta - agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Pobal atá don gcuid is mó dall ar na saothair atá á scríobh, agus a chreideann gur stop litríocht na Gaeilge le béaloideas na Blascaodaí.

Bhí scéalta ón ngort aige. Ceann a chuaigh i gcion orm go mór. An cailín Gaeltachta a d'fhreastail ar cheardlann scoile scríbhneoireachta. A chum gearrscéal den scoth lena linn. Ar mian léi scríobh. I mBéarla - Stephen King seachas Máirtín Ó Cadhain an múnla di.

Nach raibh leabhar ar bith léite ag na gasúr nach raibh ar an gcúrsa; níorbh eol dóibh comharsan leo a bheith ag scríobh.

Téis Thomáis - go gcaithfear na nascanna margaíochta a ath-thógáil ar bhun córasach, go bhfuil gá le cur chuige seasta chun an méid atá á fhoilsiú a oscailt don bpobal i gcoitinne, chun go bhfaigheadh sé bealach isteach i mbéaloideas an phobail.

Dáithí Ó hÓgáin a bhí le freagra a thabhairt ar Thomás. Bhí léamh beagán difriúil, mar a bheifeá ag súil leis, ag Daithí ar Bhéaloideas, ach bhfacthas dom go raibh sé mórán ar aon fhocail le Tomás seachas sin, ach béimeanna eile aige.

Gabriel Rosenstock a bhí mar chathaoirleach, agus a d'oscail an cheist don rud ar thug sé Briatharchath , seachas díospóireacht air.

D'ardaigh mise ceist an easpa leabharlann don Ghaeilge - ach dúirt Liam Carson go bhfuil gach leabhar Gaeilge i gcló i Leabharlann Sráid an Phiarsaigh. Rud a chaithfidh mé a fhiosrú níos doimhne. Is féidir, gan amhras, feidhm a bhaint as an gcóras iasachtaí idir leabharlainne chun teacht ar leabhar más eol duit é bheith i leabharlann éigin.

D'fhiafraigh Nuala Ní Dhomhnaill cén fáth nach raibh Annalacha na gCeithre Maistrí le fáil i ngach leabharlann.

Thug Liam Ó Muirthile aitheasc mór fada a chuir mearbhall orm, agus an t-aon smaoineamh a d'fhan liom ná an gá a chonaic sé gortghlanadh a dhéanamh ar teagasc na Gaeilge, tabula rasa iomlán.

Bhog an bhriatharchath san treo sin ar feadh tamaill, agus i gciorcail cúnga seanchaite. Tarraingíodh Conradh Liospóin isteach sa cheist freisin, n'fheadar cén fáth. Luadh an Cadhnach mar an cheannaire deiridh a bhí ar Ghluaiseacht na Gaeilge, agus dúradh gurbh é a thionchar siúd, agus tionchar na glúine sin a bhunaigh RnaG agus TG4 - rud atá fíor.

Dúirt an fear a chuir clabhsúr leis an gcaint foirmeálta - Douglas a thug Gabriel air - rud thar a bheith stuama. Nach ann do "phobal" na Gaeilge mar bhloc. Go bhfuil daoine ann a léann, agus daoine nach léifidh riamh. Ach gurbh í an teanga labhartha an rud a chaithfear a bhuanú - gan í, tá thiar orainn.

Bhí comhráití taitneamhacha bríomhara fíon éascaithe agam ina dhiaidh, agus ba bheag nár lig mé don bhus deiridh éalú uaim. Bhí bord faoi throm ualach litríochta ann freisin, ach níor ghéill mé don gcathú an uair seo!

Tá Liam ag caint ar ócáid míosúil a bheith ann idir IMRAMA. Bheadh sin go deas. Mór an trua nach fear gan bean, gan chlann - gan beann ar aoinne mé - ansin bheadh ar mo chumas tumadh i saol literati na Gaeilge níos minice!

23 June 2007

Sár Tionscadal Mhic Shiomóin

An Tionscadal, Tomás Mac Síomóin
Coiscéim, 208lch, €7.50 (2007-10)

Léigh mé léirmheas Philip Cummings ar an leabhar seo Dé Chéadaoin, agus d'ordaigh ar an bpointe é.

Fuair mé de hAoine é, agus tá sé leite agam anois. Is fíor annamh a léim saothar ficsean sa Ghaeilge a mhothaím a bheadh léite agam i mBéarla nó teanga eile. Tá an leabhar seo ar an bhfíor bheagán sin.

Cíorann Mac Siomóin saol na mór chomhlachtaí, saol an lae inniu, trí bhíthin scéil faoi baile beag diamhair sa Chatalóin a bhfuil fad saol thar an gnách ag an pobal ann. Ní mian liom an iomarca den scéal a sceitheadh; tá teannas síos tríd an leabhar a scriosfaí le ró réamheolas.

Rud ar leith a thaitin liom na na leaganacha cuí a d'amisigh an t-údar ar Bhéarlagair na linne: leithéidí "Meitheal Machnaimh", "Stoirm Stuaime" agus rl.

Tá nath Spáinnise ag tús an leabhair:
La vida del hombre es tener que decidir en cada instante lo que ha de hacer en el proximo, y para ello .... descubrir el plan mismo, el proyecto mismo de tu ser

José Ortega y Gasset, Goethe desde dentro


An Ghaeilge a bheadh agamsa ar sin:
Is éard is ea saol an duine ná beartú gach nóiméad cad tá le déanamh sa nóiméad ata le teacht, agus tríthe....teacht ar an bplean féin, tionscadal a bheith féin


Léigí é!