Showing posts with label daonlathas. Show all posts
Showing posts with label daonlathas. Show all posts

01 December 2016

Seachrán Eoin

Bhí mé i láthair agus Alex Hijmans faoi agallamh ag Micheál Cronin mar chuid de Féile IMRAM agus cheannaigh mé an leabhar ar an oíche. Chuala mé á phlé ag Réaltán agus daoine eile ar chlár Aon Scéal ar Raidió na Life, agus go deimhin bhí Alex é féin faoi agallamh arís ag  Róisín Adams.
Bhí sé ráite ag Alex féin nach raibh aon ghean aige ar Eoin, pearsa lárnach an scéil. Fear a bhfuil 'máistreacht i gcearta daonna' aige, mura mhiste leat. Tagtha chun na Brasaíle chun buille a bhuaileadh ar son cearta na mbundúchasach atá sé, dar leis féin. Nó an ag teitheadh ó caidreamh a d'éiligh níos mó ná a theastaigh uaidh géilleadh atá sé?
Ainneoin an scolaíocht atá air, duine mí aibí é Eoin. Is beag réamh obair atá déanta aige, agus gan an Phortaingéilis sealbhaithe ró mhaith aige fiú. I ngrá lena aisling féin den bundúchasach uasal i dtiúin leis an dufair atá sé.
Luaigh Réaltán nach bhfuil mórán doimhneacht i gcuid den na carachtar eile. Is fíor sin, dar liom. Dáiríre an t-aon phearsa a fhaigheann muid léargas air ná Chico, fear atá i bhfeighil Brú do lucht surfála ar phlandáil crann cáco a bhí ag a mhuintir le cúpla glúin, ach atá san áireamh sa réimse atá geallta ag an rialtas do threibh bundúchasaigh. Geallta, ach gan faic déanta.
Tá cuid den talamh tógtha le lámh láidir ag an treibh, agus gabhann Eoin ina measc. Glactar leis, is bíonn sé in aontíos le deirfiúr duine de lucht ceannais na treibhe.
Gabhann sé le fána, gan mórán machnaimh ar an ábhar, ainneoin comhráití fhada le Chico.
Tá sé cuí measaim gur thug Alex an scéal go buaic foréigneach a fhágann Eoin idir dhá thine Bhealtaine. É ann de thoradh a ghníomhartha éidreoracha féin.
Tagann deireadh tobann leis an scéal, é fágtha faoin léitheoir teacht ar a réiteach féin. Modh éifeachtach measaim.
Cuireann Eoin míchompord orm. Aithním roinnt dá thréithe ionam féin, seachrán, ag maireachtáil ó lá go lá.
Tá an chaoi a chaitheann sé le mná míthaitneamhach, leithleasach. Ach inchreidte, measaim.
Tá lón machnaimh is dris coinsiasa san úrscéal.
An Tearmann
ISBN: 978-1-907494-66-6
Foilsithe: 2016

12 June 2011

Cruinneas agus poiblíocht.

Eascraíonn cuid de dheacrachtaí reatha David Norris as é bheith ag úsáid an téarma 'péidifilia' nuair is 'péidearastacht' a bhí i gceist aige.

I measc lucht leighis agus dlí, tá brí chúng ag 'péidifilia' - cuireann sé síos ar dhuine a bhraitheann tarraingt collaí i leith paistí nach bhfuil tagtha chun caithreachais - nach bhfuil a gcoirp in inmhe don gcollaíocht. Is éard atá i gceist le 'péidearastacht' ná caidreamh idir fear níos sine agus aosánach; caidreamh earótach, ach nach gá go mbeadh gné collaí ag baint leis. 

Ach, agus seo an áit ar cailleadh Eachroim don seanadóir: I súile an phobail is ionann caidreamh earótach ar bith idir duine fásta agus duine faoi aois agus 'péidifilia'. Agus ní ceadmhach aon fhreagairt ar a leithéid de chaidreamh ach an duine fásta, agus duine ar bith a sheasann leis a dhamnú go seasta agus go poiblí - mar a d'fhoghlaim Cathal Ó Searcaigh, abair.

Níl ait ar bith níos mó san dioscúrsa poiblí do idirdhealú cúramach: níl ann ach an dubh agus bán. Is fíor mar sin an méid a dúirt Áine Lawlor: Níl an toghchán seo ar siúl san Ghréig, áit a raibh dioscúrsa leathan i measc aos léinn ar  phéidearastacht, agus an dóigh a raibh an grá spioradálta níos fearr ná an ghrá collaí: tá sé ar siúl in Éirinn na fiche aonú aoise. Áit a bhfuil an drongdhearcadh láidir. Áit ata suaite de bharr nach bhfuil muid mar phobal fós sásta aghaidh ionraic a thabhairt ar an gcaoi a caitheadh le mná agus páistí san am atá caite: áit atá fós ag iarraidh milleáin a chuir ar fórsaí lasmuigh - an Eaglais atá cloíte más fíor, abair - seachas féachaint orainn féin mar phobal agus an drongdhearcadh a lig do na rudaí seo tarlú inár measc. Agus aois ina bhfuil an mothúchán spreagtha ag raidió agus na meáin eile níos treise na an réasún.

Ní deá thuar é seo do dhaonlathas láidir, tuisceanach a bheidh in inmhe dul i ngleic leis an iliomad fadhb atá romhainn.

31 July 2010

Daonlathas Digiteach

Bhí alt spéisiúil ag Danny O'Brien san Irish Times inné, ag plé an eolais a sceitheadh leis an suíomh Wikileaks ó cogadh na hAfganastáine.

Ach bhí alt eile ann freisin: faoi forbróir bogearraí a bhí ag scagadh an eolais seo don Guardian.

Sin an rud faoi idirlíon agus faisnéis: tá an oiread sin ann, agus ón méid sin foinsí, go bhfuil gá le ríomhairí chun cóiriú a dhéanamh air. Agus mar sin gá le saineolaithe chun na huirlisí cóirithe agus scagtha a fhorbairt.

Agus ardaíonn sin ceisteanna iontaoibh. Ar an gcéad dul síos - ní fíric gach tuairisc; tá baint aige le tuairimí an té a scríobh, agus leis an eolas neamhiomlán atá ar fáil don té sin. Agus ansin, tá fiúntas obair na scagairí ann. Níl bogearra gan locht ann, ó tharla gan daoine gan locht a bheith sách gann, fiú i measc ríomhchláraitheoirí.

Ansin, caolseans go bhfuil mórán daoine a bhfuil sé ar a gcumas tátal a bhaint as na sonraí amha.

Táimid mar sin, ainneoin eachtra mar seo, spléach bealach amháin nó bealach eile, ar doirseoirí faisnéise de chineál amháin nó cineál eile. Ní heol dúinn fós cé a sceith an t-eolas seo, ná cén fáth - cé go bhfuil an FBI sa tóir air.

Ní mór a bheith airdeallach i gcásanna mar seo. Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gurbh de bharr streachailt cumhachta idir an FBI agus an Uachtarán Nixon a sceitheadh an t-eolas maidir le cás Watergate.

Tá an cheart ag Danny, ní mór dúinn teacht i dtír ar eolas mar seo ar mhaithe lenár cinntí daonlathacha. Mar sin féin, ní mór dúinn a bheith soiléir - beith muid fós a feidhmiú i scamaill éiginnteachta.

Agus sin gan an lúb ar lár is mó a lua - is beag duine san Iarthar a bhfuil teangacha an Oirthear ar a thoil aige, ná eolas ar a gcultúir. Ní hamhlaidh do naimhde an Oirtear sna grúpaí antoisceacha; níl aon ghanntanas Béarlóirí ina bhac orthu, gan trácht ar an líon suntasacha daoine atá lonnaithe san Iarthar atá báúil dá gcás.

Aguisín: alt eile inniu a chuireann leis an méid a scríobh mé.

15 June 2010

Blúirín: Iar daonlathas Iosrael?

Alt ag Mercator.net.

N'fheadar an Iosrael amháin a bhfuil fadhb mar seo aici. Sílim go bhfuil athnuachan agus íonghlanadh de dhíth ar daonlathas an Iarthair i gcoitinne - móide "cré" daonlathach, agus cothromaíocht cumhachta nua, a chuireann san áireamh cumhacht an cheathrú eastáit (agus tionchar pobalbhreitheanna ar institiúidí an daonlathais!)

Deirtear go ndúirt Arastotail gurbh fhéidir dhá rud a thuiscint le "iompar daonlathach" - iompar a chaomhnaíonn an daonlathas; agus iompar a thaitníonn leis an daonlathas. Ach nach ionann an dá rud.

19 September 2009

Na Reifrinn Eile


Cloistear sách minic an reifreann san Fhrainc agus san Ísiltír dá lua agus Conradh Liospóin faoi chaibidil.

Ach bhí dhá reifreann eile ann - inar glacadh le móramh mór leis an Conradh Bunreachtúil - san Spáinn (77% i bhfabhar) agus san Lucsamburg (57% i bhfabhar)

Cad a chruthaíonn sé sin?

Faic, is dócha, seachas go bhfuil an cheist seo faoi gan aon tír eile a bheith ag fáil deis "daonlathach" rud beag níos casta ná mar a mhaítear.

Mar a dúirt mé cheana, rud cigilteach is ea reifreann. Tá tíortha ann - an Ghearmáin, abair, a bhfuil an-drogall orthu reifreann a ghairm de bharr mí-úsáid reifrinn san am atá thart.

Tá a bhealaí féin ag gach tír conradh - conradh Liospóin ina measc - a dhaingniú, agus feictear dom nach dtig a rá go bhfuil bealach amháin níos "daonlathaí" ná bealach eile.


Íomhá - vóta Tá (Si) sa Spáinn, ó Wikimedia.

18 September 2009

Daonlathas agus an tAontas Eorpach

Tá sé léite cúpla uair le déanaí agam go bhfuil "easpa daonlathais" ag baint leis an Aontas Eorpach - agus é sin luaite uaireanta mar chúis diúltú don reifreann ar Chonradh Liospóin.

Ní déantar sainmhíniú ar an "easpa" seo ró mhinic.

Cinnte, tá an tslí ina ndréachtaítear dlíthe an Aontais casta, mar a bheidh súil agat le próiseas ina gcaitheann fiche seacht Rialtas teacht ar aon tuairim, agus ról go minic ag Parlaimint na hEorpa san ceist. Agus ansin caithfear na dlíthe a chuir i feidhm go logánta.

Feictear dom go bhfuil an tuiscint ann go bhfuil an tAE mí-dhaonlathach de bharr meatacht na bpolaiteoirí logánta, nach bhfuil sásta teacht amach go soiléir agus na beartais ar ghlac siad leo a mhíniú don bpobal agus seasamh lena gcinneadh.

Má tá míshuaimhneas ar an bpobal faoi athrú éigin, scairteann na polaiteoirí go bhfuil "An Bhruiséil" ag brú rud orainn.

Sampla mhaith ná an raic a bhí ann maidir le táillí uisce ar scoileanna. Dúirt an Rialtas go raibh an "Eoraip" á bhrú sin orainn. Cheil siad gurbh iad fhéin a shocraigh go mbeadh ar scoileanna íoc - d'iarr - agus fuair - an Fhrainc díolúine dá scoileanna féin.

06 September 2009

Daonlathas Díreach

Tá fúinn cinneadh a dhéanamh - arís! Beidh reifreann ar Chonradh Liospóin ann i gceann míosa. Fuarthas gealltanais maidir le roinnt de na ceisteanna a tógadh le linn an reifreann deiridh (cé gur beag an bhaint a bhí acu leis an gConradh). Agus tá an bholscaireacht agus síolteagasc faoi lán tseoil arís.

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm faoin bhfeachtas ar an dá thaobh. Feicim agus cloisim a lán paisean agus mothúcháin - ach fíor bheagán argóint stuama.

Tá amhras orm faoin gcur chuige seo. Cáipéis chasta trí chéad leathanach atá i gceist leis an "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh" a rialóidh obair an Aontais má dhaingnítear Conradh Liospóin. Is amhlaidh a bheidh riamh in aon eagraíocht a mbeidh breis agus fiche seacht Stát, gona teangacha, córais dlí, cultúir agus nósanna faoi seach, ag obair le chéile. Tá sin le feiceáil san méid prótacal agus eisceachtaí a chuirtear le haon cheann de na Conarthaí seo, ag dearbhú go bhfuil an Stát seo nó siúd ag diúltú nó ag leasú gné éigin.

Tá reifreann in Éireann de dhíth, deirtear linn, de bharr cás Chrotty in aghaidh an Taoisigh maidir leis an Ionstraim Eorpach Aonair. Ach bhí an breithiúnas sa chás sin measartha soiléir - ghlac an Chúirt leis go raibh an chuid is mó den Acht chun feidhm a thabhairt don gConradh bhailí. Seachas maidir le pointe amháin, sé sin, go raibh an Rialtas ag géilleadh roinnt inniúlachtaí maidir le gnóthaí eachtracha don gComhairle. De bharr gurbh ón bPobal a tháinig na hinniúlachtaí seo, bhí sé de dhualgas ar an Rialtas cead an Phobail a fháil.

An beart stuama mar sin ná na Conarthaí seo a iniúchadh, agus aon ghné a bheadh ag laghdú flaitheas an phobail a chuir faoi bhráid an pobail. Ina áit sin, tá gach conradh ó shin sactha isteach sa mBunreacht, ag bronnadh carte blanche ar na maorlathaigh.

Is mór idir sin agus daonlathas díreach, dar liom.

Daonlathas mar atá san Eilvéis, áit a chíortar ceisteanna ar an leibhéal is ísle, i nDáil Poiblí (mar a fheictear thuas1). An difríocht? Go bhfuil daoine ag cíoradh na ceisteanna mar a bhaineann siad leo féin go díreach. Ag glacadh le dualgais, agus ag éileamh agus ag seasamh le cearta pearsanta agus pobail. Tuiscint acu ar a bhfuil idir chamáin acu.

Ba mhaith liom i bhfad Éireann níos mó den saghas sin daonlathas a fheiscint abhus. Agus, ag tógáil ar sin, daonlathas ionadaíoch faoi prionsabal na coimhdeachta. Fágtar faoi na maorlathaigh conas a eagraíonn siad a gnó féin, ach iad ag cloí le treoir ón bPobal. Agus a oiread de ghnó gach pobail i lámha an pobail sin agus atá ar chumas an phobail a reáchtáil.

Ach níl aon mhaith i cuma an daonlathais a chuir ar cíoradh ceiste, mar atá sa reifreann seo. Tá's ag an saol nach ar bhun a bhfuil sa chonradh a shocrófar an cheist, ach ar bhonn mothúcháin agus claontuairimí.

An chun ár leas é sin?



1Íomhá le Marcus Schlumpf, http://www.icarus-design.ch/icarus/

04 June 2008

Fiach ar fánaithe

Níl an scríobhnóir seo in El Pais pioc sásta le gníomh Bherlusconi in aghaidh na ngiofóga.
Cuireann sí an cheist:

An é go bhfuil muid chun ligeann do thír de chuid an AE géarleanúint ar bhunús ciníoch a dhéanamh?

Ceist mhaith. Tá an t-aighneas idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe ag dul in olcas gach áit. Ní haon chabhair do chás an lucht siúil é an mionlach ina measc a amharcann ar déircínteacht nó, níos measa, goid, mar cuid dá "gcultúr". Ní haon chabhair ach oiread é go gcuirtear ciníochas i léith aoinne a luann an mionlach sin a bheith ann.

Fágann teagmháil leis an mionlach úd drochbhlas ag an lucht lonnaithe - tharla eachtra nó dhó dom fhéin a fhágann amhras orm.

Tá an spás tairbheach san saol idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe á chúngú de shíor. Bhíodh am ann nuair ab iad an lucht siúil a thug siamsaíocht, spleodar agus nuacht ó áit go háit - ach déanann an teilifís sin anois. Agus is beag call atá leis na gnóthaí beaga a níodh siad - tincéireacht abair - san saol tomhailteach seo.

Rud a fhágann spás do tuathghríosadh mar atá ar bun ag Bherlusconi; chonaic muid gnéithe de nuair a ruaigeadh an dream Roma a bhí ag cuir fúthu ar thimpeallán an M50 abhus.

Tá gá le "conradh soisialta" nua idir an lucht lonnaithe agus an lucht siúil; ceann atá bunaithe ar mheas ar a chéile. Chuige sin ní mór don dá dream dul i ngleic leis na mionlaigh trodacha ina measc féin.

Ach admhaím nach bhfuilim cinnte go bhfuil spás ann in Eoraip na linne seo do fánaithe. Ní fheicim cén ról laistigh den saol rialaithe, rialta ar féidir leo a líonadh.

Ach caithfear cur i gcoinne péindlíthe "áireamh, athlonnú, aistriú nó díbeart".

Meabhraíonn sé an rann dom atá bunaithe ar ráiteisí ó Mhartin Niemöller:
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Cumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Cumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Daonlathaigh Sóisialacha,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Daonlathach Sóisialach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Ceardcumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Ceardchumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ormsa,
Ní raibh aoinne ann chun faic a rá.