![]() |
| Grace (Kate Nic Chonaonaigh) & Leo (Dara Devaney) |
05 October 2017
Grace Harte
16 November 2016
Oidhrí Seanchán Torpéist?
Is annamh mé ag freastal ar dhrámaí nó imeachtaí cultúrtha ina bhfuil Béarla in uachtar. Níl ach méid áirithe ama agus fuinneamh agam agus is fearr liom é a chaitheamh ar éigse na Gaeilge.
Ach thug Réaltán cuireadh liom bheith ina chomhluadar agus comhluadar Yoseba Peña ag an taibhiú Shadows of the Táin in Amharclann Smock Alley. Shíl mé gur cluiche scáil a bhí le bheith ann, ach dáiríre is complacht seanchaithe iad Candlelit Tales agus bhí reacaireacht Sorcha agus Aron Hegarty sa phríomh áit. Insint sách dílis den Táin, na réamhscéalta san áireamh acu. Athghabháil an scéil ó thaibhse Fhearghuis, réamhstair Donn Cuailgne agus an Fionnbheannach. Seanchas den scoth acu, dílis don scéal ach sáite sa freacnairc. Slaiseanna glice faoi iomrascáil fear is bean - rud a luíonn go maith le Medb is an dinimic idir Ailill, Feargus agus í. Rinne siad dailtíní D4 as na Gaeileoin in insint greannmhar, agus bhí Aron ach go háirithe glic ina aithris ar bhlasanna cainte na linne seo leis an aighneas idir na cúigí atá ag croí an scéal a léiriú.
Bhí ceoltóirí agus lucht scáil a chaitheamh ag tacú leo. Ceol deas, leathbhealach idir traidisiún is claisiceach. Scaití bhíothas ag amhránaíocht. Níor aithin mé an teanga, bhí macallaí den nGaeilge ann. Measaim go raibh siad ag baint feidhm as blúirí sean-ghaeilge ach foghraíocht as alt.
Is trua go raibh siad ag scalladh a sleamhnán agus scáthanna ar bhalla garbh cloiche- d'oibrigh sin do cuid de na híomhánna ach bádh go leor acu. Bhí scáth chath is allagar Ferdia agus Con Chualann, beirt ar stáitse agus a scáthanna teilgthe ar an bhalla iontach éifeachtach mar shampla, iad ag bogadh i dtreo agus i gcoinne an tsolais le béimniú. Níor oibrigh cath deireadh an dá thairbh, léirithe le puipéid dá gcloigeann chomh maith céanna, bhí na scáthanna ró dhoiléir.
Bhí an geatsaíocht is an damhsa go maith, cé go bhfeadfaí roinnt snas a chuir air.
Ach b'é, ainneoin corr sciorradh focail, reacaireacht Sorcha agus Aron crann taca an taibhiú, agus bheadh fonn orm éisteacht arís leo- fiú sa Sacs-bhéarla agus gan ach iarsmaí Gaeilge mar a bheadh orthaí acu.
Tá a gcion féin á dhéanamh acu do seanchas na nGaeil!
Tá an taibhiú ar siúl i Smock Alley go dtí an 18ú.
13 November 2016
Fornocht do chonac tú
De bharr a laghad fógraíochta a bhí faoi, is beag nár chaill mé dráma na Taibhdheirce sa Phéacóg. Ach d'éirigh liom dul oíche Shathairn agus tá mé iontach sásta go ndearna.
Fionnó glúin na réabhlóide mise, gan nasc ar bith dáiríre le 1916. Agus glúin na ndubhó atá i dtreis anois dáiríre.
Garmhac fir a bhí san GPO atá i pearsa lár an dráma (Micheál Ó Dubhghaill), fear a tógadh ag an seanathair sin a bhí go mór faoi tionchar an Phiarsaigh. Piaras dá réir ar a garmhac.
Dealbhadóir, amhail athair an Phiarsaigh agus a dheartháir Willie. Ar maos i soiscéal ealaíona an Phiarsaigh de bharr an oiliúint a thug a sheanathair dó. Ainm in airde aige tráth de bharr gaiscí ealaíne ar an gcoigríoch. Mar is dual don ealaíontóir Éireannach nach bhfaigheann aitheantas in Éirinn gan é bhaint amach ar an gcoigríoch i dtosach.
Corr ina chinniúint de bharr buille a bhuail sé i gcoinne ealaíon a shíl sé bheith ró bhuirgéiseach. Maraíodh leanbh mar thoradh indíreach ar an mbuama a leag sé, agus é céasta ó shin ag a choinsias.
Sa riocht sin, beo ar fuisce is toitíní atá sé nuair a chuireann muid aithne air. Meirdreach déanta aige dá thallann, ag greannadh corr leac úir sa stíl bhréag cheilteach a bhfuil col aige leis d'fhonn bheith beo. Ach ag cuir le bró muilne a chiontacht ag an am céanna.
Tagann múinteoir óg ealaíne (Gráinne Beasdale) ionsar é, tairiscint aici go ndearfaidh sé leac cuimhneacháin don bPiarsach. Ag feidhmiú thar ceann coiste buirgéisigh atá sí, í ag iarraidh fíor ealaíon a thabhairt i láthair atá sí, mar a bhíonn sí ar scoil, ach i mbraighdeanas í féin dáiríre.
Níl ach triúr ar stáitse, ach cuireadh an choiste inár láthair ar físeán. Coiste a sheasann cuid mhaith do na fórsaí a bhfuil seilbh glactha acu ar an stáit, poblacht an Phiarsaigh i marbhfháisc acu.
An tionsclóir Gearmánach. Bean d'iarsma an tseanreachta a bhfuil brabach a bhaint aici as an talamh a ghabh a sinsir. Teachta dála de dhearbhfine glúin na réabhlóide, bean óg í atá beo ar éacht a sheanmhuintir agus dílis don gcóras. An fear gaimbín scéimeach. (Cúis iontais i bhfianaise ré a scríofa easpa an chléir ar an bhfoireann seo). Iad ag iarraidh feabhas agus forbairt, ag cnuasach leathphingin le pingin. Ag glacadh leis go bhfaighidh siad obair sásúil ar phraghas íseal ón ainniseoir imeallaithe.
Doireann Ní Foighil an tríú pearsa ar stáitse- sprid a fheidhmíonn mar choinsias, mar chiontacht, ach freisin mar bhé is tinfeadh.
Dráma foclach atá anseo, sleachta fada ó scríbhinní an Phiarsaigh go háirithe, Terrible Beauty Yeats, corr tagairt eile.
Ach bhí mise i mo shuí sách gar don stáitse go ndeachaigh súile fiáine Phiarais i bhfostú ionam, go raibh mé faoi gheasa ag gothaí na n-aisteoir agus an t-ábhar físe ar an scáileán a threisigh éifeacht na bhfocal.
Ní thugann saothair ealaíne freagraí simplí. Ach cuireann saothar fónta téada an anama ag crith. Beidh a phort féin ag cách.
Táimse fós faoi gheasa ag súile céasta Phiarais.
Ní ceadmhach neamhshuim...
05 October 2016
Lón Leningrad
Ticéid: €10/€8
Is féidir iad a chur in áirithint ar líne nó glaoch ar (01) 6770014
Foireann
Anna Akhmatova: Fidelma Ní Ghallchobhair
Daniil Kharms: Tadhg Ó Bric
Maria Svetlova: Bríd Ní Ghruagáin
An Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Léiritheoir: Lionel Mac Cárthaigh
Bainisteoir Stáitse: Aoileann Ní Chonchubhair
Cultacha: Gráinne Nic Fhirléinn
Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue
Sa bhliain 1941, tá Leningrad faoi léigear ag Arm na Gearmáine. Rúisigh na cathrach cráite ag buamáil, ag fuacht agus ag an ocras. Ina hárasán beag lom, tá an file Anna Akhmatova ag plé le cuairteoir, an t-údar éigiallta Daniil Kharms. Cuireann bean a' tí isteach orthu, bean fhiosrach go mb’fhéidir gur spiaire do na póilíní í. Cíorann an dráma seo an dóigh ina spreagtar scríbhneoirí agus iad i ngleic le saol uafásach. Cabhraíonn an tsamhlaíocht chruthaitheach le duine acu plé leis an saol. Ag an duine eile, is uirlis éalaithe í ón saol céanna.
Scaipigí an scéal le bhur dtoil. Tá sé i gceist an dráma a léiriú ag an Oireachtas i gCill Airne oíche Shathairn 5 Samhain chomh maith.
16 November 2014
Makaronik: good good
Chaith mé an lá inné ag imeachtaí éagsúla Gaeilge; ag críochnú mo lá san Project chun dráma Dave Duggan Makaronik a fheiceáil.
Bhaineas an shult as agus mé tumtha ann agus an díchreideamh ar fionraí. Anois i solas fuar an lae tá deacrachtaí agam cur síos cén fáth - is sceitse seachas pictiúr ola iomlán atá sa dráma gairid seo, smaointe á spreagadh sa lucht féachana seachas scéal lán forbartha.
Diostóipe atá ann. Sa bhliain 2084 tá feidhmeannach sóisear - Makaronik - baineann, ach ladrann neodraithe i mbéarlagair na hImpireachta - i bhfothracha Béal Feirste, é de dhualgas uirthi taifid iomlán a dhéanamh den nGaeilge, na hiarsmaí a scrios agus na taifid a sheoladh chuig an Lár, mar a bhfuil Uaisle na hImpireachta. Tá na teangach á scrios, ag tosú leis na mór theangacha, mar go mhothaíonn an Impireacht faoi síor bhagairt uathu. Teanga nua atá ag lucht na hImpireachta - Empirish - nuachaint i stíl 1984 Orwell, foclóir laghdaithe agus comhréir íosta aige.
Sin is mó a labhraíonn an bheirt oifigeach - giota beag níos sinsearaí - Diarmaid agus Gráinne atá tagtha chun bailchríoch a fheiceáil curtha ar shaothar Makaronik. Braitheann Diarmaid ach go háirithe, ós é is sinsearaí, faoi bhrú mór. Tá botún éigin déanta ag an dís sa mhisean deireanach i Dacár.
Tá dóchas agam go mbeidh an dráma seo ar chamchuairt arís, mar sin tá rún agam iarracht a dhéanamh gan aon nod a mhillfeadh an phlota a sceitheadh.
Bíonn teannas idir an triúr de bharr mhí shocracht Dhiarmada, agus a amhras faoi an bhfuil Makaronik chomh simplí is a ligeann sí uirthi. (Níl). Cuireann sé as go mór dó go bhfuil amhráin mhacarónacha á canadh ag Makaronik. Laidin agus Béarla fite fuaite trína cuid Gaeilge.
Baintear feidhm as an creatlach seo chun ceisteanna maidir le cumhacht, foréigean, grá, dílseacht, dualgas agus seachas rud ar bith eile, feidhm teangacha agus an féidir iad a mharú.
Bhí an seit deartha go samhlaíoch, mar a bheadh bolg fothrach spás árthaigh, scáileán anseo agus ansiúd. Baineadh feidhm as na scáileáin chun fortheidil a léiriú a thug achoimre as Béarla ar an méid a bhí ag tarlú trí Ghaeilge - mórchuid den forbairt, as Gaeilge a tharla.
Tá lón machnamh sa dhráma. Tréaslaím a saothar le Bríd Ó Gallchóir agus Aisling Ghéar. Is trua gur chuir fadhbanna cumarsáide bac ar stocaireacht don dráma - bhí lucht féachana níos mó tuilte aige.
Makaronik: good good
Má bhíonn deis agaibh é fheiceáil, tapaigh é. (Tá an chamchuairt reatha thart)
28 September 2014
Ollnóva Réiltín
Bhí sár oíche agam ar an Déardaoin ag Réiltín - rac opera Fíbín. Tá scéal ilsrathach cumtha anseo ag Paul Mercier, scéal atá fáiscthe as an nGaeilge uirbeach. Beidh, mar a dúirt Darach tar éis an taibhiú, a léamh féin ag gach duine ar an scéal seo faoi bhean óg ag streachailt lena cinniúint; leis a coimhthíos a bhaineann le bheith tógtha le Gaeilge san Ardchathair, idir dhá saol; le tobscéal grá nárbh grá ach bréagnú é; le ceisteanna faoi tallann amhránaí; le smionagar an tsaoil a d'fhág éagadh an tíogar cheiltigh; le himirce.
Cé nach bhfuil ach aisteoir amháin ar an stáitse, Clíona Ní Chiosáin baintear feidhm éifeachtach as físeán a mbíonn sí ag idirghníomhú leis chun an scéal a chanann sí (i nguth binn) a léiriú. Ceol rac soláthraithe ag Simon Noble. Chan Clíona na hamhráin chomh glé sin gur thuig mé mórán gach focal, rud is annamh domsa agus gan cleachtadh agam ar cheol chomh fuinniúil! (Agus chomh hard!)
Mheas mé gur ndeachaigh an soilsiú thar fóir scaití, ach bhí gluaiseachtaí Clíona ar an stáitse thar a bheith éifeachtach, ag léiriú na mothúcháin agus bristeacht an charachtar - scaití réidh, sleamhain; scaití briste mar a bheadh téada máireoigín imithe in aimhréidh.
Bhí na híomhánna san físeán cumhachtach freisin, an-úsáid bainte as radharcanna éagsúla de Bhaile Átha Cliath agus Londain; an coimhthíos lena muintir léirithe trí úsáid dealbha; agallamh idir an Réiltín ar an Stáitse agus Réiltín ar an bhfíseán, ag léiriú an dá taobh dá streachailt.
Tá téagar ag baint le léirithe Fíbín; agus beidh súil in airde agam don CD!
17 August 2014
Binneas bronnta ar Ghuthanna Síoraí
![]() |
| Cathal Quinn agus Clódagh Nic Gabhann (Cóipcheart Kevin Abosch) |
Guthanna Binne Síoraí is ainm don taibhiú faoi stiúir Tristan Rosenstock.
Roghnaigh siad sleachta as an bhfilíocht chun taibhiú trí mhír a chruthú - faoi na teidil An Óige, Suirí agus Lánúnas, agus Críonnacht. Sin, ar ndóigh céimeanna an bheatha, agus mothúcháin uilíocha bainteach leo.
Ní raibh mé in Amharclann na nAisteoirí i Coláiste na Tríonóide roimhe; spás deas atá ann, agus bhain siad feidhm ana mhaith as. Tá dearadh simplí ach éifeachtach cruthaithe ag Zia Holly - Crann (na Beatha?) mór déanta as rópaí; Cathaoir luascáin ar chlé, agus cliabhán ar dheis.
![]() |
| Megan Kennedy agus Clódagh Nic Gabhann (Cóipcheart Kevin Abosch) |
Níl mé eolach ar theanga na rince, ach caithfidh mé admháil, fiú do mo leithéidí d'aineolaí chuir an damhsa béim ar leith ar focail na bhfilí, atá fáiscthe as an dtaithí uilíoch daonna, a aimsíonn macallaí i gcroíthe mórán gach daonnaí.
D'oibrigh an chliar go héifeachtach as lámha a chéile, damhsa, urlabhra, gothaí agus ceol Enda Reilly ag fí taipéis shaibhir a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
Tá an léiriú reatha thart, ach tá mé cinnte go mbeidh deiseanna eile an seó a fheiceáil - go deimhin creidim go raibh sé le feiceáil thar lear cheana, agus go mbeidh arís.
Is beag m'eolas ar fhilíocht na triúr, (agus ar mhaithe le mo leithéidí d'ainbhiosán tá liosta de na dánta sa chlár) ach tá mo dhóthain aithne agam orthu gur aithin mé na guthanna éagsúla s'acu - guthanna áfach a rinne chomhcheoil éifeachtach san taibhiú seo.
Má bhíonn deis agaibh é bhlaiseadh, tapaígí é!
Tá breis eolais anseo:
07 December 2013
Ní Western go Gaoluinn!
| Buddy: | Aodán Ó Ceallaigh |
| Mr. Lucas: | Mícheál Ó Gruagáin |
| Padré: | Aodh Ó Domhnaill |
| Mrs. Fitz | Aoife Ní Ghlaicín-Riain |
| Hunk: | Gearóid Ó Mordha |
| Rita: | Caoileann Nic Dhonnchadha |
| Johnny: | Lionel Mac Cárthaigh |
| Buck: | Oisín Ó Cualáin |
| Ger: | Tadhg Ó Conchubhair |
| Betsy: | Sinéad Ní Uallacháin |
| Molly: | Niamh Ní Thuama |
| Maggie: | Aoileann Ní Chonchubhair |
| Léiritheoir: | Barry Barnes |
| Bainisteoir Léirithe: | Lelia Ní Chinnéide |
| Dearadh soilse agus fuaime: | Mike Donoghue |
| Soilse agus Fuaim: | Mike Donoghue, Méabh Ní Loingsigh, Colm |
| Criú Stáitse: | Gráinne Nic Fhirléinn |
| Stiúrthóir Ceoil: | Bríd Ní Ghruagáin |
| Ceol: | Con Ó Tuama agus Conor Ó Dochartaigh |



