Showing posts with label gaeltacht. Show all posts
Showing posts with label gaeltacht. Show all posts

20 June 2017

An bhfuil Teacht Aniar i ndán don nGaeltacht?

Nílim ceanúil ar bhrothall, mar sin  níorbh íobairt mhór orm teitheadh isteach i seomra cruinnithe i mBuswells mar a raibh comhdháil de chuid Teacht Aniar ag cíoradh na ceiste 'Cá bhfuil ár dtriall?', ceist faoin nGaeltacht a eascraíonn as an titim i líon na gcainteoirí a léirigh an daonáireamh deireadh.
B'é Conchúr Ó Giollagáin a chuir tús le himeachtaí. Cassandra na Gaeltachta é Conchúr. (Thug Cassandra na Traoi droim láimhe do mhiangas Apollo. An díoltas a bhain sé amach ná go mbeadh bua na fáistine fíre aici, ach nach gcreidfí í).
Bhí mórán suntasach ina chuid cainte. Tá daonra na Gaeltachta ag titim, sna háiteanna is mó a tharla titim i measc líon na gcainteoirí, cé gur treise an titim i líon na gcainteoirí. Tá an titime sa daonra níos láidre i measc daoine sna fichidí, i. an dream atá de dhíth ar phobal ar bith chun iad féin a bhuanú. Níl aon cheist ach oiread go bhfuil an ceart aige nuiar a deir sé go bhfuil cur chuige an stáit agus na heagraíochtaí dírithe ar an bhfoghlaimeoir Gaeilge. Ní hionann riachtanais mo leithéidí, atá ag maireachtáil i bpobal agus saol gairmiúil Béarla, agus riachtanais an duine atá i bpobal Gaeltachta ag iarraidh saol gairmiúil éigin a bheith acu. Agus ó thaobh beatha na teangan de is tábhachtaí go mór go mbeadh pobal bríomhar Gaeltachta ann ná go mbeadh teacht ag mo leithéidí ar an mbeagán seirbhís stáit a bhainim feidhm astu, as Gaeilge.
Níl aon cheist ach gur céim chun cinn an polasaí oideachas Gaeltachta, a aithníonn go bhfuil an difríocht sin ann.
Tá Ó Giollagáin ag moladh Beartas Úr le fada, ag éileamh go mbeadh tacaíocht intleachta agus acadamh ag an nGaeltacht - agus bhí cáineadh ghéar aige don laghad aird a thugann na hOllscoileanna do cheisteanna pobail le hais a bhfócas ar spéiseanna scoláirí aonaracha i ngéithe den litríocht.
Thug Aoife Ní Sheaghda, atá bainteach leis an bpleanáil teanga i gCorca Dhuibhne a léargas siúd ar an gceist. Ina measc na fadhbanna a eascraíonn as na riachtanais éagsúla atá ag an bpobal láidir Gaeltachta laistiar den Daingean le hais na pobail lastoir atá sa Ghaeltacht Oifigiúil ach ina bhfuil an teanga tanaithe le fada. An drogall a bhíonn ar thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge a mianta agus a riachtanais a chuir in iúl laistigh de phobal nach bhfuil ar aon fhocal leo. Uaigneas an leanbh a thógtar le Gaeilge sa bhaile ar scoil nó réamhscoil ina bhfuil a chomh-bhádóirí níos compordaí le Béarla. (Taithí pearsanta agam féin ar sin - ní raibh Béarla ag mo mhac is sine nuair a thosaigh sé ar an nGaelscoil, agus bhí frustrachas air dá bharr - ní hamháin nach raibh sé ar a chumas labhairt le gasúir san eastáit, ach bhí roinnt den mbrú céanna ar scoil)
Luaigh sí an easpa tacaíochta do ghasúir ó aois 9 amach - (tá scéim ana éifeachtach "Tús Maith" i gCorca Dhubhne do theaghlaigh níos óige, d'fhreastail mé féin ar ócáid Samhna dá gcuid.). Molann sí go mbeadh campaí samhraidh ann do óige na Gaeltachta (tá go pointe) agus go mbeadh gné saibhriú teanga agus cur le muinín na ngasúir ina dteanga mar dhlúthchuid de sin.
Níl aon amhras orm ach gur fíor di go mba cheart na hiarrachtaí a dhíriú ar na teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge - tuismitheoir amháin ar a laghad nach labhraíonn ach Gaeilge leis na leanaí, agus gach iarracht a dhéanamh breis daoine a mhealladh isteach san rannóg sin.
Rinne Julian de Spáinn cosaint láidir ar fheachtasaíocht an Chonartha agus na grúpaí atá siad ag comhoibriú leo. Luaigh sé a gcomhoibriú le Guth na Gaeltachta le cur i gcoinne an Bord Snip Nua, a rinne maolú ar an mbagairt a d'eascair as an mBord Snip Nua agus a chaomhnaigh Údarás na Gaeltachta agus Neamhspleáchas an Choimisinéara. (Níor luaigh sé go bhfuil Guth na Gaeltachta balbhaithe ó shin, na hurlabhraithe is éifeachtaí acu ina dtost de bharr an gobán a chuireann post stáit ina mbéal). Measaim áfach, ainneoin fiúntas obair an Chonartha, gur threisigh sé pointe Conchúir, i. go bhfuil na heagraíochta níos fóintí don nuachainteoir seachas do phobal na Gaeltachta.
Tá Teacht Aniar ann le cúpla bliain anois, agus ón tús is é an fhís atá acu an Ghaeilge agus an nGaeltacht a chuir chun cinn, gan spleáchas ar an Stáit. Tá go leor machnaimh déanta acu, agus go leor imeachtaí plé eagraithe acu. (Rud atá ana thábhachtach dar liom na go bhfuil torthaí an phlé sin foilsithe i bhfoirm leabhair. Ach is deacair teacht ar na leabhair céanna ceal an chineál forais acadúil a raibh Conchúr ag trácht air) Leag Breandán Mac Cormaic an fhís amach arís, agus béim aige ar an bhfíric nach leoir do na Gaeil a bheith ag caint le Gaeil eile faoin nGaeilge, gur gá fís na Gaeilge a bheith leabaithe i bhfís níos leithne don bpobal i gcoitinne. Luaigh sé saothair éagsúla Finbarr Ó Brolcháin go moltach, cé go mothaíonn sé go bhfuil siad Útóipeach go pointe. Mhol sé dul chun cinn eagraíochta pobail ó thuaidh a leabaigh ceist na Gaeilge i bhforbairt pobail níos leithne.
Tá sé i gceist ag Teacht Aniar dul i ngleic leis an dúshláin is mó atá romhainn faoi láthair, i. ceist na héiceolaíochta. (Is fiú cuimhneamh air go bhfuil mórchuid den nGaeltacht cois cósta agus faoi bhagairt ar leith ag an bhforthéamh dhomhanda dá réir, gan trácht ar an ngéarchéim san iascach)
Bhí cainteoir ann ó Misneach, ach ós rud é go raibh iarrtha ag Raidió na Life orm páirt a ghlacadh i gclár plé faoi bhás Helmut Kohl ní raibh deis agam a chaint a chlos, agus ní raibh mé i láthair do mórchuid den bplé oscailte ach oiread.
Bím idir dhá chomhairle faoi ócáidí mar seo; ní dócha go réitíonn plé i seomraí óstáin mórán. Ar an lámh eile, cuireann daoine aithne ar a chéile agus is féidir go n-éascródh gníomh as an aithne. Agus faigheann daoine atá i mbun gnímh ardán agus éisteacht, rud a chuidíonn dar liom le misneach a thabhairt dóibh go bhfuil obair fiúntach ar bun acu.
Mé féin is measa i mbun gnímh, ní mór dom a admháil - ró ghafa le gnáth saol an tuismitheora agus sclábhaí pá. Tá ana mheas agam orthu siúd a chuireann rudaí ar bun, a bhfuil an misneach iontu dul sa bhfiontar.

27 February 2017

Scoil Cheoil an Earraigh

Níl nóta ceoil agam féin. Ar ámharaí an tsaoil is le mo bhean, a bhfuil féith láidir an cheoil inti, a chuaigh ár gclann. Rinne, agus déanann, sí cúram ar leith dá n-oiliúint agus iad bainteach le Comhaltas Ceoltóirí le fada. Bíonn sí ag taisteal leo freisin.
Tá mac linn ina phíobaire agus ag dul do chéim sa cheoil.
Tá iníon linn, atá deich mbliana d'aois, ag dul don bhfidil le roinnt blianta. Le déanaí thug sí faoin mbosca ceoil.

Bhíodar siúd ar an mBuailtín cúpla uair cheana, ag Scoil Cheoil an Earraigh, ach ní raibh mise leo. I mbliana áfach bhí fonn orm cúpla lá faoin dtor a chaitheamh. Chuaigh an triúr againn - mo nuachar, m'iníon is mé féin, siar ó dheas dá réir de Céadaoin beag seo.

Bhí tig saoire ar chíos againn i bpáirt le teaghlach eile ar Bhaile an Éanaigh, cúpla nóiméad sa charr agus thart ar leathuair coisíochta ón mBuailtín.

Bhíomar ann faoi lár an tráthnóna ar an gcéadaoin, am againn dinnéar a réiteach ar ár suaimhneas roimh aghaidh a thabhairt ar an Ionad Gaeilge agus Gaeltachta, foirgneamh breá nua atá tógtha le cúpla bliain anuas ag an gComharchumann ar imeall an sráidbhaile.

Bhí slua maith cruinnithe don oscailt oifigiúil, áit a raibh beagán cainte (as Gaoluinn, aistrithe go comhuaineach go Béarla) agus móráin ceoil. Ceoltóirí de chuid na háite - lena n-áirítear Steve Cooney agus Breandán Ó Beaglaoich. Ach bhí daltaí scoile agus meánscoile ann freisin. Fear siúlach é Breandán Ó Beaglaoich, agus is cosúil go gcnuasaíonn sé ceoltóirí ar a shiúlta. Bhí triúr ceoltóir mná ón Eastóin ann ar feadh na seachtaine, agus beirt ó Asturies a casadh ar Bhreandáin agus a chomrádaithe agus iad ar Chamino na Sáile.

Bhí m'iníon tuirseach, mar sin níor fhan muid go raibh deireadh ceolta ná ní dheachaigh mé síos an bhaile - ach shamhlóinn go raibh oíche go maidin ag roinnt agus fraitheacha tábhairní an Bhuailtín á ardú ag ceol.

Bhí m'iníon ag freastal ar ranganna bosca ceoil ar maidin ó Déardaoin go Satharn. Ranganna a bhí faoi stiúr Bhreandáin Ó Beaglaoich. Bhí ceol le clos as gach cúinne de fhoirgnimh an Chomharchumainn, as Scoil Náisiúnta Baile an Fheirtéaraigh, agus as cúinní eile ar fud an Bhuailtín. Chuala go raibh 200 idir óg agus aosta cláraithe sna ranganna éagsúla, réimse leathan uirlisí agus gan amhras amhránaíocht clúdaithe. Ceoltóirí móra le rá na hoidí - Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Eithne Ní Chatháin, Paidí Mharthain Mac Gearailt agus daoine nach iad.

Seachas bheith iomlán díomhaoin chaith mise na maidneacha ag ciorcal comhrá faoi stiúr Danny Sheehy. Bhí meascán spéisiúil daoine ann, idir nuachainteóirí líofa, foghlaimeoirí agus roinnt de mhuintir na háite. Bhí allagar spéisiúil ann.

Rinne mé roinnt siúl freisin, ach seans go mbeidh blagmhír dá chuid féin aige sin.

Tráthnóna Déardaoin seoladh CD de chuid Saileog Ní Cheannabháin, meascán amhrán is ceoil Tí Bhric. Díreach sna sála ar sin bhí seisiúin amhránaíochta. Bhí go leor páistí is daoine óga páirteach ann, mná na hEastóine ina measc.

Istoíche bhí ceolchoirm in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. Ar ámharaí an tsaoil bhí ticéid curtha in áirithint againn, mar bhíothas ag cuir daoine ó dhoras.

Bhí ceoltóirí éagsúla ar stáitse. Cuisle láidir ceoil Caoimhín Ó Raghallaigh agus Breandán Ó Beaglaoich. Ceol ar an bpianó ó Saileog Ní Cheannabháin. Cláirseach uasal Laoise Kelly. Bosca ceoil bhríomhar Danny O'Mahony, le tionlacan phianó ó Patsy Broderick.

Dé hAoine chraol An Saol ó Dheas ó ionad an chomharchumainn, agus bhí mé i láthair. Féasta eile ceoil a bhí ansin agus na ceoltóirí áitiúla agus ó i bhfad i gcéin páirteach.

Ina dhiaidh sin thug mé aghaidh ar Thig Áine sa Ghráig. Bhí an teach ag cur thar maoil le ceoltóirí óga - páistí don gcuid is mó, i mbun seisiún faoi stiúir éadrom cúramach ag Breandán Ó Beaglaoich. Casadh go leor amhráin, cuid acu ag leanaí a shilfeá nach raibh caint acu ró fhada! Ardú croí ab ea é.

Ghlac muide oíche Aoine saor, ach bhí an teaghlach eile in ionad an Bhlascaoid ag ceolchoirm a bhí tiomnaithe don bpíobaireacht. Píb uilleann, agus píob mhór Asturias agus na hEastóine. Bhaineadar sult as an dtaispeántas.

Tar éis na ranganna maidin Satharn líonadh sáipéal an Bhuailtín le ceoltóirí do cheolchoirm na ndaltaí. Bhí gach rang faoi seach sna binsí, agus sheinn siad port nó dhó; idir eatarthu sheinn duine de na hoidí roinnt ceoil agus cuireadh clabhsúr leis le sciar maith de na ranganna ag seinm le chéile.

Chuaigh mé féin ar siúlóid oidhreachta feadh trá Béal Bán go Dún an Óir faoi stiúir Danny Sheehy arís fad is a bhí m'iníon ag glacadh páirt i máistir cheacht ar an bhfidil le Iarla Ó Domhnaill.

Oíche Satharn bhí Halla na Feothanaí lán do cheolchoirm inár sheinn go leor de na múinteoirí. Bhí sé deacair spás a thabhairt don réimse leathan tallainne ó Claisceadal na Pobalscoile go Steve Cooney. Chuir mná na hEastóine sciar den lucht féachana ag rince i nathair fada tríd an halla. Faraor de bhrí go raibh sé ag éirí déanach bhí orainn imeacht gan deis a fháil muintir Asturias a chlos.

Maidin Domhnaigh d'éist mé aifreann le tionlacan Cór Chúil Aodha, leibhéal eile ceoil.

Ardú croí ab ea an turas ar fad dom, idir tírdhreach, ceol agus go háirithe an líon mór daoine óga a bhí ag foghlaim agus ag ceol agus ag amhrán.

Measaim go mbeimid ar ais!

03 June 2015

Ceist gheilleagar ceist na Gaeltachta

Bhí seastán leabhair ag Coiscéim ag Fóram Díospóireachta Teacht Aniar agus is ann, ar spreagadh ó Rónán Mac Murchaidh a fuair mé an paimfléid seo. 
Tá go leor cainte (agus cáinte) faoin Nuashonrú ar an Staidéar Teangeolaíochta agus beartais leagtha amach ag na húdair le dul i ngleic leis na fadhbanna a fheictear dóibh.
Tá Beartas leagtha amach san paimfléid seo ar mithid smaoineamh air. Dúirt Pádraic Ó Conaire tráth nach bhfeadfadh teanga ar bith a bheith beo gan dream éigin a bheith ann nach labhraínn ach í. Sílim go bhfuil dealramh leis sin. Ciallaíonn sin áfach go gcaithfidh duine a bheith in ann slí beatha a bhaint amach gan ach Gaeilge a labhairt. Rud arbh fhéidir le hiascairí agus feirmeoirí an chéid seo chaite; ach is ó lámh go béal a mhair siad, rud gur fíor bheagán a bheadh sásta leis inniu. Na feirmeoirí agus iascairí féin táid gafa in eangach an mhaorlathais Béarla anois pé scéal é. Ní inniu na inné a thosaigh iarrachtaí fostaíocht a chuir ar fáil ag brú an Bhéarla ar muintir na Gaeltachta; dáiríre is ag leanacht réamhshampla Bord na gCeantar Cúng a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí le fíor deireanas (Glaoaonaid, ambaist!). Tuigim (agus tagaim le) cuid mhór dá bhfuil á rá ag Ciarán Dunbar san alt seo:

Creidim i dtábhacht na Gaeltachta, ní mar thobar na Gaeilge amháin ach mar fhoinse cearta agus dlísteanachta mar gan Ghaeltacht ní dóigh liom go mbeadh tacaíocht stáit ar bith ann don Ghaeilge.
Chun go mbeidh an Ghaeltacht buan, caithfidh sciar maith daoine bheith in ann a slí bheatha a thabhairt i dtír gach ach í á labhairt acu. Cé gur maith ann iad TG4 agus RTÉ RnaG agus araile, ní leor fostaíocht in earnáil atá ag fónamh do phobal atá ag crapadh. Tá - agus beidh - na ceantair Gaeltachta iargúlta. Is fíor go bhfuil bóithre ag feabhsú (agus ag breith an Bhéarla leo) agus b'fhiú go mór díriú ar an bonneagar teileachumarsáide a fheabhsú freisin. Is gá bheith ag táirgeadh earra ar ardluach agus ar íseal chostas onnmhairithe. Tá samplaí maith tugtha i leabhair Finbarr Bradley - seodra Brian de Staic abair nó Cniotáil Inis Meáin.

Aithníonn an paimfléid seo gur an geilleagar eithne na ceiste. Téis an paimfléid gur gá Ollscoil iomlán ag feidhmiú trí Ghaeilge chun go gcuirfeadh Gaeil agus muintir na Gaeltachta an oiliúint chaoi orthu féin ina dteanga féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb geilleagrach.

Rinneadh comparáid ar ball inniu idir an Danmhairg a bhfuil achar agus daonra mórán mar an gcéanna na Éireann aici; ach sochaí níos fearr. Mo fhreagra ar sin ná go bhfuil a dteanga féin fós ag na Danair. Mar atá ag na hÍoslannaigh. Tharraing Dennis m'aird ar an alt seo faoin chaoi go bhfuil coistí pobail san Íoslainn ag dul i ngleic le téarmaíocht nua tríd tarraing as a gcuid ságaí. Tá eolas mhaith agam féin ar Rúraíocht agus Fiannaíocht - ach is as Béarla nó Gearmáinis a chuir mé aithne ar Mac Coinglinne, Clann Tuireann nó Macha Mongrua.

Is in onóir an Athair Ó hIceadha a scríobhadh an aiste. Fear a bhí lárnach i feachtas rathúil Conradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge riachtanach san Ollscoil Nua Náisiúnta a bhí le bunú. Téis an leabhair - agus tagaim leis - gur bua Piorrach a bhí ann ainneoin fiúntas na ndaoine a bhí bainteach leis. Mar ainneoin stádas reachtúil Ollscoil na Gaillimhe tá an Béarla in uachtar i ngach ceann de na Coláistí Ollscoile agus níl sa riachtanas an máithreánach a ghnóthú as Gaeilge ach siombalachas an cúpla focal.

Tá gan amhras Acadamh na hOllscolaíochta  agus Fiontar ann agus is forais fónta iad. Ach is mionchuid de eagraíochtaí ina bhfuil an Béarla in uachtar iontu iad. Tá na Coláistí Ullmhúcháin imithe le fada; agus níl aon foras ag oiliúint ábhar oidí len iad a réiteach don earnáil Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.  Tá aos óg na Gaeilge fós faoi chuing an Murder Machine.

Tá obair le déanamh! Fotha ollscoile lucht léinn is plé. Cuirimis bunchloch.

31 December 2014

An Mar a Chéile Muid?



Cainteoir athdhúchais mise. Fear cathrach, gan mórán tuisceana ar saol na tuaithe. Fear atá aineolach cuid mhaith ar an nGaeltacht cé's moite de coicís saoire bhliantúil i gCorca Dhuibhne. Agus le bheith ionraic is an tírdhreach agus an suaimhneas a mheallann siar muid. Bíonn áthas orm Gaeilge (nó Gaelainn) a labhairt agus mé ann, ach ní sin cúis mo chuaird ann.

Tá aithne níos fearr agam ar Ghaeltacht na leabhair, agus Gaeltacht an raidió. Tuigim go maith na ionann mo thaithí leis an nGaeilge agus taithí an té a rugadh i gceantar Gaeltachta. Roinne mo shin sheanathair cinneadh Gaeilge a fhoghlaim. Rinne a mhac siúd, mo sheanathair, cinneadh dul siar agus é féin a thumadh i nGaeilge Chom Dhineoil.  Thóg sé triúr clainne le Gaeilge i nDeilginis. Thóg a chlann a clanna féin go dhátheangach. Thóg mé féin clann le Gaeilge. Cinneadh coinsiasach gach céim den slí. Ach ar ndóigh is "dhátheangachas breisitheach" mar a thugann na saineolaithe air a bhí i gceist. Ní raibh baol riamh nach mbeadh Béarla bhreá acu agus í ar leac an dorais acu. Ní raibh - seachas corr mhasla aineolach agus mé óg - aon bhaol go mbeadh an teanga ina dhris cosáin dom. As cúlra sócúil meánaicmeach, sliocht sleachta oidí mé.

Ní hionann cás na muintire thiar a bhí ag dréim leis an mBád Bán, buildeálacha Shasana, agus tarcaisne de bharr an beagán Béarla a bhí acu. Cinnte, mar duine a d'fhás aníos sna 1980í bhí m'aghaidh fhéin ar an mBád Bán - ach is mar innealtóir ghairmiúil a bhí mo aghaidh soir seachas mar spailpín. De thairbhe an dátheangachas bhí seilbh faighte agam ar an nGearmáinis sula raibh mé 12. Níorbh ionann mo thaithí mar sin.

Ach is mór agam an nGaeltacht. Ní leor líonraí cainteoirí cois teallaigh agus cois cuntair chun teanga bheo bhríomhar a choinneáil beo. Tá gá le saol iomlán a bheith á chaitheamh san teanga, agus i bpobal ina bhfuil an teanga beo gan cheist amháin atá sin amhlaidh.

Chonaic - mar a léiríonn sár chlár Sheáin Uí Chualáin - An Mar a Chéile Muid? - glúin Cearta Sibhialta na Gaeltachta sin agus thuig siad freisin gur gá do phobal bheith beo. Bhain siad a lán amach ach faraor sleamhnaigh an teanga le sruth mar nár féachadh chuige go mbeadh Gaeilge i gceist leis na poist a tháinig. (Léiríonn amhrán Pádraig Ó hAoláin "Cumha" an tionchar sin go maith). Bhí an lúb ar lár céanna i gceist leis na poist sin agus atá le straitéis an  Rialtais trí chéile - ró bhéim ar airgead isteach a mhealladh le deontais is cleasa cánach. Ní poist bhuana a eascraíonn as an gcur chuige sin. Go deimhin tá lúb ar lár eile san smaointeoireacht seo agus lucht oideachais ag sodar i ndiaidh an mórchomhlacht is airde glaime ó thaobh na rudaí is ceart a fhoghlaim.

Is annamh fad radharc i gceist leis an glamanna seo, ná go deimhin aon domhain mhachnamh ann fúthu.  Leis an gcraic ar fad faoi "Códáil" a fhoghlaim, b'íoc shláinte dom an alt seo a léamh, a leagann béim ar cur chuige eile, cur chuige a thugann deis do phobail bheith neamhspleách ó thaobh bia agus fuinnimh seachas bheith ina ladrainn do thionscail soghluaiste! 

Beidh poist is slí beatha san todhchaí ag braith ar nithe nach dtig le ríomhairí is innill a dhéanamh níos fearr ná daoine - agus is liosta atá ag crapadh de shíor atá i gceist leis sin.

Feicim deis anseo do phobail na Gaeltachta ach athnuachan a dhéanamh ar an meitheal agus an gcomharchumann. Tá áit acu, áit atá fite fuaite lena gcultúr is atá léirmhínithe ina dteanga. Tá spás ansin chun táirgí atá uathúil, fréamhaithe a chruthú, teacht i dtír ar an deá íomhá atá ag an saol mór dá fearann sceirdiúil dúchasach. Tá a leithéidí de chuir chuige pléite san leabhar "The Irish Edge" le Finbarr Bradley & James Kennelly - agus tá sé suntasach gur sna Gaeltachtaí atá cuid mhaith den na tionscail a pléitear san leabhar.

Ról thánaisteach ina leithéid de ghluaiseacht atá ag mo leithéidí, cainteoirí Gaeilge scoite amach ó na pobail seo - bá agus tacaíocht ár ról. Le bheith rathúil is an bpobal féin a thiocfaidh na hiarrachtaí mar a tháinig le linn tréimhse Cearta Sibhialta - cé gur féidir go mbeadh duine nó beirt againne ag dul siar ag tacú leo. 

Ola ar mo chroí atá ann go bhfuil ag éirí le Tuismitheoirí Na Gaeltachta baill a mhealladh. Creidim go n-eascródh rudaí maithe as daoine diongbháilte a theacht le chéile. Tá rudaí maithe ar bun in earnáil na meáin - ach is do phobal na Gaeilge don gcuid is mó atá siadsan ag saothrú agus ní mórán fás a thiocfaidh ar an pobal más ag freastal ar an bpobal atá cách. Tá gá le breis cuideachtaí ar nós Folláin, Cniotáil Inis Mheáin, Cnoc Suain agus araile, cuideachtaí atá fréamhaithe sa Ghaeltacht ach ag díol go domhanda.

Ba mhaith liom mar shampla, comharchumann bainteoirí feamainne a fheiceáil ag tíocht le chéile agus ar cuir táirgí ard luach ar fáil iad féin seachas a bheith faoi thráill ag comhlacht ilnáisiúnta.

Tá ról áirid ag an Stáit anseo - don gcuid is mó an bealach a fhágáil! Ach ní gan eagar áitiúil a bhainfear sin astu. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. Go n-eirí leis an nglúin seo de cheannairí Gaeltachta tógáil ar bhunchloch Cearta Sibhialta!

29 April 2014

Joe Steve Ó Neachtain: Ó An-dána go hAos Dána!

Chuala mé inniu - mar is dual ar na saolta seo, ar Twitter ó Cormac ag a 5 - go raibh Joe Steve Ó Neachtain tofa ina bhall d'Aos Dána. Is maith atá sin tuillte aige.

Tá tóir agam le fada ar shaothair ficsean Joe Steve; agus meas agam ar a thuairimí agus ar a iarrachtaí ó aimsir Cearta Sibhialta na Gaeltachta anall feabhas a chuir ar dhán pobal na Gaeltachta, a bhfuil dán na Gaeilge, dar liom, fite fuaite leis. 

Ba phribhléid dom mar sin cúpla focal a mhalartú leis agus mé thiar ag agóid Slán le Seán.

Agus bhí mé ar bís chun an leabhar seo - cnuasach cainteanna a thug Joe Steve thar na blianta - a léamh. (Tá ar a laghad ceann de na léachta le clos ar líne, anseo - 30 nóiméad isteach)

Is don cluas a scríobh sé na cainteanna, mar a dúirt sé féin san réamhrá, agus is ina ghuth a chuala mé iad agus mé ag léamh.

Smaointe fáiscthe as taithí fhada ag obair ar son a phobal, ag léamh, ag scríobh agus ag cuir siamsaíocht ar fáil dóibh.
Tá an leabhar lán de phéarlaí gaoise, an ceann seo abair (Teaspach scríbhneoireachta, lch 100):
"Sílim go mbíonn a seacht ndícheall cúraim ar seanriadairí in amanta a bheith ag cur an tsaoil in oiriúint don aos óg ... Cén chaoi san deabhal ar féidir leo cinneadh a dhéanamh i dtaobh a gcultúir mura gcloisfidh siad é?"
Nó (lch 126)

Ba cheart go dtuigfeadh Gaeil an bhaile mhóir, mar shampla, an bóthar a théann soir chomh fada leo go dtagann sé anoir chomh fada linne freisin.
Tá na nathanna ón gcultúir le clos ag an gcluas inmheánach anseo, agus feidhm ealaíonta bainte astu chun smaointe spreagúla a chur in iúl. Rachaidh sé chun tairbhe éinne ar cás leo Gaeilge agus Gaeltacht blaiseadh de na smaointe sin. Tá sé de rún agam filleadh orthu, agus táim ag dréim leis go mbeidh Joe Steve féin ag cuir leo, amach anseo - ag Aos Dána agus in áiteanna eile.

Mar a deir sé, i dteanna a chéile is fearr sinn, agus is mithid dúinn aithne a chur ar smaointe a chéile!

(Sciob mé teideal an mhír seo ó rud a dúirt Joe Steve féin le Cormac ar ball - go raibh sé luaite seal le dream "an-dána" Cearta Sibhialta agus é anois i measc Aos Dána. Gura fada buan ann é!)

Ag Caint linn fhéin foilsithe ag Cló Iar Chonnacht.

27 August 2012

Fógra: Deireadh seachtaine eile Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn

Faighte ar r-phost:

Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú  in atmaisféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine  5 -  Domhnach 7 Deireadh Fómhair 2012.  Is é seo an cúigiú bliain don eagras an ócáid rathúil seo a eagrú  i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn.  Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar deireadh seachtaine na bliana seo, uair a bheidh deis ag foghlaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus seisiúin ceoil!  Socrófar lóistín  do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta na deireadh seachtaine ná €180 an duine - béilte san áireamh !

 Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath !  Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.

 Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie  nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299.

22 July 2012

Sínte fada agus nithe fánacha eile.

Bhí scéal san Irish Times agus Nuacht RTÉ san tseachtain seo faoin nGaeilge, scéal a chuir cantal orm arís eile. Chuaigh an scéal céanna ar luas lasrach thart ar Twitter, agus Facebook freisin is dócha. Faraor, is minic a chuireann scéalta faoin nGaeilge cantal orm. Ní hiondúil áfach gurbh iad na Gaeilgeoirí atá ag tógáil an cheist a chuireann cantal orm. Rinne sa chás seo áfach. Tá an dúrud scéalta dearfacha le reic ag Comhluadar. Níl fhios agam cé a roghnaigh iad a chuir i láthair an Nuacht RTÉ leis an gclamhsán seo, ar sa bhreis ar an donais, le leagan míchruinn den scéal.
Táimse ag seoladh téacsanna i nGaeilge (agus i nGearmáinis, a bhfuil an rud céanna fíor faoi) le blianta, agus is fíor annamh a chosain sé breis orm.
Is fíor nach bhfuil gach litir le síneadh fada ann mar chuid den tacar GSM. Ach tá gutháin, don gcuid is mó, in ann ionchódú eile a úsáid. Mura bhfuil, seolfar an teachtaireacht mar MMS, atá níos daoire, is fíor sin. Leigheas simplí - faigh fón atá in ann plé le Gaeilge. Tá Samsung ann le comhéadan Gaeilge le roinnt bliain anois. 
Tá gné eile a d'fheadadh cur le téacs a dhéanamh níos daoire. Tá srian 160 beart le SMS. I mBéarla - ar féidir é a scríobh leis an bun tacar - is ionann sin agus 160 litir. Do theangacha nach bhfuil sa bhun-tacar, beidh an srian níos ísle, nó seolfar níos mó na teachtaireacht amháin.
Ach i mo thaithí is fíor annamh is gá an teorainn seo a shárú i ghnáth cumarsáid. 
Mar sin, scéal fánach nach fiú éirithe corraithe faoi atá ann. Go háirithe i seachtain nuair a bhí fíor scéal atá riachtanach don athbheochan le plé - an Acht Gaeltachta. Monuar, ní raibh plé dá laghad anseo san meáin Bhéarla go dtí go raibh sé ró mhall, agus níor pléadh na ceisteanna - rinneadh tuairisciú ar agóid an fhreasúra. Bhrúigh an Rialtas an bille lochtach, lag seo tríd an oireachtas, ag cur srian ar phlé san reachtas. 
Tá géarchéim sa Ghaeltacht; agus má imíonn an Ghaeltacht, beidh foinse thábhachtach cultúr agus inspioráid imithe,  cuma cé mhéid "díograiseoir" Gaeilge nó cainteoir ócáideach nó teaghlaigh Gaeilge atá scaipthe thall is abhus.
Ceist do phobal uile an Stáit seo: ach ró mhinic is i dtéarmaí teip teagasc na Gaeilge sna scoileanna (ceist thábhachtach ann féin, cinnte ach gan baint díreach aige leis an nGaeltacht) nó deontais as Gaeilge a labhairt nó scéal éigin faoi chlamhsán a bhfuil cuma fánach suarach air - fearacht cás na sínte fada - a bhíonn allagar na mbodhar faoin gceist seo.
Tá scéalta dearfacha ann le reic faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht. Meallann ceoltóirí de bhunadh na Gaeltachta, fáiscthe as an nGaeilge - leithéidí Clannad, Altan,  Enya - daoine chun na tíre seo. Fásann gnó as an nGaeltacht - leithéidí Aer Arann, abair. Tá comhluchtaí a bhíonn ag obair le TG4 - Telegael, abair -  ag easpórtáil cláir ar fud na cruinne. Tá dreamanna fearacht Daltaí na Gaeilge ag múscailt spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht thar lear, rud a mheallann fámairí chun na tíre seo (agus gnó do leithéidí Litríocht!)
Tá an Ghaeilge dúchasach d'Éirinn. Níl sí dúchasach do gach Éireannach. Is trua sin. Ach is seod de chuid an Stáit í, agus tá gach saoránach i dteideal páirt a bheith aige inti.  Ach rogha atá ansin, ní dualgas. Tá, áfach, dualgas ar an Stáir í a chaomhnú, mar acmhainn éagsúlachta chultúir. Tá éagsúlacht cultúr chomh luachmhar céanna - don eacnamaíocht freisin - agus atá bithéagsúlacht.
Chomh fada áfach agus atá muid ag éirí corraithe faoi nithe fánacha fearacht cúpla pingin sa bhreis ar téacs, go háirithe nuair  atá sé furasta é a sheachaint, táimid ag bronnadh an talamh ard ar ar mionlach glórach  a bhfuil an ghráin acu ar an nGaeilge, agus ag teip teacht i dtír ar an mbá forleathan atá - fós - ann don nGaeilge.
Agus sin mo racht go n-uige seo.

18 July 2012

Drithleoga dóchais?

Le tamall anuas bhí mé ag cluinstin rianta ón CD seo ar Raidió na Gaeltachta. Thaitin siad go mór liom agus bheartaigh mé iarracht a dhéanamh an CD a fháil. Níorbh léir conas, ach le cuidiú Hannah Rua a bhfuil ríomhaithne agam uirthi tríd Twitter, fuair mé cóip. Tá sé ar fáil sna siopa thart fá Ghaoth Dobhair, ach níl fhios agam conas teacht ar seachas sin - agus is mór an trua sin, mar tá sé thar barr!
Dhá CD atá i gceist - "Na Drithleoga Ceoil" le amhráin agus píosaí ceoil, agus "Na Drithleoga Cainte" - filíocht, reacaireacht agus trí chlár raidió den scoth. Is léir go bhfuil an ithir as ar fás macasamhail Clannad, Enya agus Altan fós torthúil! Coinnígí súil agus cluas amach do Emma Ní Fhíoruisce atá i measc na réalta ar an CD ceoil.
Meascán de amhrán nua aimseartha (uilig, faraor, aistrithe ón mBéarla, fiú ceann a scríobh daltaí de chuid na scoile iad féin) agus traidisiúnta, agus cúpla giota ceoil uirlise atá ar an CD.
Tá meascán deas reacaireachta ar an CD eile, filíocht nua agus sean, greannmhar agus brónach, agus trí chlár raidió thar a bheith gairmiúla, le meascán de ceoil, giotaí cainte stairiúla agus insint. Ceann ar Ghaoth Dobhair, ceann ar Rann na Feirste agus ceann faoin scríbhneoir Máire (Séamas Ó Grianna).
Sa bhreis ar sin tá leabhrán deá dheartha lán d'eolas - focail na n-amhráin, beathaisnéis na n-oirfideach agus araile ann, maisithe le saothar ealaíona na ndaltaí. Tá an leabhrán seo ar fáil i formáid mór chomh maith le mar mion-leabhráin ar aon mhéid leis an clúdach CD.
Tríd is tríd, saothar den scoth. Is léir an tionchar dearfach atá ag RnaG go háitiúil agus ansin dar ndóigh tá an comórtas reacaireachta "An Béal Binn" (tá's agam é bheith ann de bharr tuairiscí ar RnaG - níor chaith mé mórán ama i dTír Chonaill agus ní cuimhin liom riamh bheith i nGaoth Dobhair - is mithid sinn a athrú!)

An t-aon chúis imní dom na ainmneacha na n-oirfideach - Emma, Majella, Michelle ... an bhfuil tuar ansin?

05 February 2012

Cé leis Raidió na Gaeltachta?

Bhí plé ghairid agam ag tús na seachtaine le Tiarnán de Hál ar twitter maidir le RnaG, an clár Glór Anoir ach go háirithe. Tá Tiarnán den tuairim nach bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal mar ba cheart ar Ghaeilgeoirí Oirthear na hÉireann. Bhain cuid dá argóint le cúrsaí spóirt; dá laghad mo spéis iontu is lú fós mo scil, mar sin níl faic le rá agam faoin réimse sin. Is le Lyric a éistimse ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cúrsaí spóirt a sheachaint! Ach seachas sin is le RnaG  a éistim, go háirithe agus mé ag taisteal ar an DART idir Cluain Tairbh agus an baile. Ní fear Gaeltachta mise, gan amhras, agus ní dóigh liom gur chaith mé níos mó ná coicís nó b'fhéidir trí seachtain i gceantar ar bith sa Ghaeilge Oifigiúil. Ach de bharr mo shuim sa Ghaeilge tá suim agam sa Ghaeltacht. Táim go láidir den tuairim go mbeidh seala an bháis go críochnúil ar an nGaeilge má theipeann uirthi mar theanga pobail. Dá thábhachtaí pobail na Gaeilge san Iar Ghaeltacht i ndán na teanga,  ní pobal dlúth muid agus beidh bearnaí suntasacha sna réimsí teanga a chlúdaíonn muid. Caithfidh aon straitéis don nGaeilge na difríochtaí seo a chuir san áireamh agus thar rud ar bith eile seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a neartú.
Sin is dócha, an chomhthéacs do mo chuid tuairimí maidir le RnaG. Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil fáil ar Raidió na Gaeltachta go náisiúnta, ní craoltóir náisiúnta atá ann. Is ar Údarás Craolacháin na hÉireann (Alt 25/2/h) agus RTÉ (Alt 114) a leagann AN tACHT CRAOLACHÁIN 2009 na dualgais a bhaineann leis an nGaeilge a chuir chun cinn mar teanga labhartha. Níl ról RnaG amháin atá ann. Raidió Pobail is ea RnaG, raidió a d'eascair as gluaiseacht Ceárta Sibhialta na Gaeltachta agus Saor Raidió Chonamara. Bhíodh rannóg bisiúil ar RTÉ1 ag plé leis an nGaeilge, ach tá sin á siar imeallú, agus pé imir den nGaeilge atá fágtha a bhrú faoi fhreagracht RnaG, ag am go bhfuiltear ag ciorrú acmhainní orthu sin. Sin rud nach mian liomsa tacú leis a bheag ná a mhór. Ní maith an rud, fágaim, nach bhfuil clár dá gcuid féin le bheith ag Maigh Eo níos mó de bhrí go bhfuil Máirtín Mac Donnchadha ag dul amach ar pinsean. Agus n'fheadar a bhfuair na Déise, Músgraí, Teileann, Uíbh Ráthach agus a leithéidí a gceart riamh.

Maidir leis an Údaras, agus an foras a bhí ann roimhe, bíonn méid áirithe ar bun acu. Maoinítear cláir tríd an scéim Fuaim agus Fís - mar shampla, an dráma iontach úd An Cuimhin leat? Bíonn clár i nGaeilge ar Newstalk - Splanc. Tá clár freisin ar an stáisiúin pobail Near FM - Muin na Muice. Agus, gan amhras, tá stáisiún pobail ag Gaeilgeoirí Átha Cliath - Raidió na Life. Tá comhoibriú idir an Údarás Craolacháin agus an Comhdháil - Cogar.
Tá gníomhaíochtaí eile ann, mar shampla Raidió RíRá.
Is mó i bhfad na deiseanna ag Gaeilgeoirí seilbh a ghlacadh ar na meáin ná mar a bhí sna 1970í a bhuí leis an idirlíon. Rudaí gur féidir a dhéanamh ar bheagán costas, agus neamhspleách, i ngan fhios, agus gan buíochas don bpárlathas! Seachas baint ó luach Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, is ceart dúinne san Iar Ghaeltacht a bheith ag tacú leo, agus san am céanna ag briseadh fearainn nua don teanga.
Tá lúb ar lár suntasach i gcuir chuige RTÉ mar chraoltóir seirbhís poiblí go ginearálta.  Níl siad iomlán Stát maoinithe. Tá fógraíocht i gceist. Gnó. Agus téann sin chun dochar don ról seirbhís poiblí. Fágann sé freisin gur beag suim atá san ardbhainistíocht i conas atá RnaG ag cruthú, toisc nach gcraoltar fógraí ar an stáisiún. Níl iontu, mar sin, ach costas dar leo. Ní fiú iad a chuir san áireamh in san JNLR, mar nach mbeidh brabach le gnóthú as. Mar sin, níl eolas cruinn ar fáil maidir le héisteoirí RnaG. Níl againn ach suirbhé fánach thall is abhus fearacht an chinn seo. Mar sin, tá sonraí in easnamh chun plé ceart a dhéanamh ar an gceist.
Maidir leis an ceist sonrach, an féidir le  Cormac Ó hEadhra, fear Gaeltachta, a bheith ionadaíoch ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath, sílim gur féidir. Ar an gcéad dul síos, ní hé féin amháin a chuireann an clár le chéile ná i láthair, agus is Bleá Cliathaigh ó dhúchas cuid mhaith den foireann.  Ar an dara dul síos, más féidir le - abair - Donncha Ó hÉallaithe nó Pádraig Ó hAoláin labhairt ar cheisteanna mar ionadaí Gaeltachta, tuige nach féidir le fear atá a chaitheann a shaol gairmiúil abhus labhairt ar son Gaeilgeoirí Oirthear na hÉireann? Tar éis an tsaoil, cuid suntasach de phobal na Gaeilge abhus muintir na Gaeltachta ar deoraíocht!

Mar sin: Treise le RnaG ag freastal ar Muintir na Gaeltachta, agus ar aghaidh leis an Ríomhlóid abhus!


20 August 2011

Is fearr páiste ná fáinne!

Cloisim agus léim go minic nach labhróinn daoine sa Ghaeltacht Gaeilge le daoine ón nGalltacht.
Ní hé sin an taithí atá agam féin.
Anois, is fíor nach dtéim chun na Gaeltachta ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim (duine falsa mé). Ach tá tréimhsí saoire caite agam i nGaeltachtaí éagsúla,  agus caitheann muid mar theaghlach ár saoire i gCorca Dhuibhne, sa Bhaile Breac. Táimid ag triall ansin le sé nó seacht de bhlianta anois.
Gaeilge ar fad a labhraím le muintir na háite ann. Fiú san Daingean, Gaeilge is mó a labhraím agus mé i mbun gnó, seachas más léir gurbh eachtrannach an té atá mé ag plé leo.
I mbliana, fiú agus mé lastoir den Daingean, áit nach mbeinn ag súil le mórán Gaeilge, labhair daoine Gaeilge liom.
Ach tá cúis sách simplí leis seo, sílim: bím i bhfochair mo chuid páistí go hiondúil, agus cloistear mé ag labhairt Gaeilge leo sula gcuirim forrán ar dhuine i siopa nó eile. Mar sin, is minic go labhraítear Gaeilge liomsa ar dtúis. Tharla sin cúpla uair i mbliana san uisceadán, abair - ón nglúin a deirtear go forleathan iad a bheith ag tabhairt a gcúl don Gaeilge. Beirt nó triúr fear óg ar an bhfoireann, nuair a chuala siad mé ag labhairt Gaeilge le'm iníon, labhair siadsan Gaeilge léi freisin. Tharla an rud céanna i Milseoga Uí Mhurchú. (Bhí sé suntasach i mbliana a oiread de mhuintir na háite a bhí ag obair sna poist séasúracha, thar mar a bhíodh blianta eile). Go deimhin, labhair duine de Muintir Mhurchú - Meiriceánaigh atá sa Daingean le traidhfil blianta - Gaeilge liom.
Tharla rud barrúil agus mé amuigh ag siúl. Bhí beirt bhan romham ag comhrá as Béarla. Nuair a tháinig mé chomh fada leo, bheannaigh mé as Gaeilge dóibh. Ar an bpointe, d'iompaigh siadsan ar an nGaeilge, agus bhí comhrá eadrainn. 

D'fhreastail mé ar ceardlann rannta le m'iníon a bhí á reáchtáil mar chuid de Saoire Gaeltachta Chomhluadar. (Ní raibh deis againn freastal ar an rud ar fad, ach tharla sé go raibh muid fós thiar nuair a thosaigh a seachtain siúd). Cúntóir teanga i scoil an Bhuailtín í an bean a bhí á thabhairt. Dúirt sí go raibh athrú meoin le sonrú, agus níos mó leanaí ag teacht le Gaeilge ón mbaile chun na scoile. Dúirt sí freisin gur daoine a tháinig chun na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeilge cuid mór de na tuistí, pé acu daoine ag filleadh, nó daoine ó lasmuigh ar fad. Bhí a chathanna féin ag an gceantar seo, idir ainm an Daingean, agus an t-achrann maidir leis an dteanga teagaisc sa Phobalscoil. 
Is dócha go mba cheart dom a lua freisin go bhfuil sé ráite ag daoine ann liom go bhfuil blas na háite ar mo chuid Gaeilge. Is amhlaidh gurbh i gCom Dhíneol a d'fhoghlaim m'athair mhór Gaeilge; thóg sé m'athair féin le Gaeilge, agus eisean mise - is dócha go bhfuil an tionchar sin fós le sonrú. Tharlódh baint a bheith aige sin ar mo thaithí seachas taithí dhaoine eile.
Is dóigh liom áfach gurbh é an chaoi go cloistear mé ag labhairt Gaeilge le mo chúram an príomhrud - nach mbraitheann daoine go bhfuil mé ag iarraidh Gaeilge a bhrú orthu, á n-úsáid mar theagascóirí dá ndeoin nó dá n-ainneoin

Agus sin é mo thuairisc!