Showing posts with label stát. Show all posts
Showing posts with label stát. Show all posts

18 June 2011

Móid dílseachta don Náisiúin?

Móid Ruetli (Bunú Cónaidhm na hEilvéise)
le Johann Heinrich Füssli, Ón gnáthfhoinse.
Tá tuairiscí ann go mbeifear ag éileamh móid dílseachta don 'náisiúin' ó dhaoine a ghlacann le saoránacht na hÉireann. Tá amhras orm faoi seo. Cad is brí lena leithéid de mhóid? Bheadh ciall, dar liom, le móid dílseachta don mBunreacht, abair. Nó don Stáit agus a chuid dlíthe. Ach cad é an náisiún, agus cad is brí le dílseacht dó?
Is maith an rud é, dar liom, go bhfuiltear ag caint ar deasghnáth chun fáilte a chuir roimh daoine isteach i saoránacht an Stáit. Céim mhór atá ann, agus tá tábhacht le deasghnátha do dhaoine. Ba mhaith an rud é, sílim, a leithéid de dheasghnáth a bheith ann do daoine a rugadh isteach i saoránacht agus iad ag teacht in inmhe. Macasamhail an Jugendweihe, nó an cóineartú sa Chríostaíocht. 
Deis a bheadh ann daoine a chuir ag machnamh ar cad iad cearta agus dualgais an saoránaigh.
Mar sin féin, má táthar ag caint ar 'An Náisiún' níor mhóir sainmhíniú a thabhairt air. De réir an Bhunreacht: 'Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.'  (Airteagal 9.3). Mar sin féin níl aon sainmhíniú tugtha ar cad é an náisiún, seachas gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. (Airteagal 8.1). Is beag saoránach atá dílis don ghné sin den náisiún!
Níl freagra agam féin ar an gceist cad é an náisiún, agus ba dheacair dom cuir síos ar cad dó go díreach a bhfuilim dílis. Beidh orm mo mharana a dhéanamh air. Ach sílim féin gur mó tábhacht atá ag baint le dílseacht do Bhunreacht agus do riail an Dlí - Verfassungspatriotismus ag leibhéal an Stáit - agus gur don duine aonair dílseacht do náisiún nach gá gurbh ionann a  dhaonra ná a chríocha agus daonra ná críocha Stáit.

28 November 2009

Aoirí Bradacha

Breis cúis náire nochtaithe ag Tuarascáil Uí Mhurchú.

Tá sé tromchúiseach go ndearna Ardeaspaig thar na blianta neamhaird iomlán ar Dhlí Dé, Dlí Canónach na hEaglaise agus Dlí an Stáit agus iad ag plé - nó gan a bheith ag plé - le ciontóirí gnéis imeasc an chléir.

Ní dúirt Críost riamh "Ná Fiafraigh, ná hInis".

Tá muinín agam as an Ardeaspag reatha, a seoladh anseo ón Roimh d'aon ghnó chun na Stáblaí Áigéis seo do ghlanadh. Cúis imní é áfach gurbh é breith an Choiste go bhfuil feabhas tagtha ar chleachtais an Ard Deoise - ach go bhfuil na gnáis spléach ar dhíograis an Ard Easpaig agus an duine i bhfeighil cúram paistí. Ní leor sin.

Cúis imní é freisin an súil dall a thug na Gardaí agus an Stát do choireanna cléirigh. Ní dóigh liom go bhfuil an gné sin ann anois - níl an urraim míchuí sin ann don chléir níos mó. Ach céard faoi daoine eile faoi urraim? An gcuirtear an dlí i bhfeidhm gan aird ar stádas an chúisí?

Tá súil agam go dtiocfaidh íonghlanadh as seo - don Eaglais, agus don Stáit. Agus go mbeidh faoiseamh éigin ann dóibh siúd a milleadh a saolta athuair de bharr neamhaird, sotal nó fiú cos ar bolg nuair a rinne siad clamhsán. Cos ar bholg ní hamháin ón gcléir, ach ón bpobal fré chéile.

Lá dubh eile i nochtadh ár stair.

28 May 2009

Sin í an cheist

Píosa thar a bheith stuama ag Alan Titley san Times inniu:

Ó sea, bhí a fhios ag daoine. Ná ligimis orainn nach raibh. Cuirimis an bhéalchráifeacht agus an t-iontas uainn. Fearg tar éis na foghla ar chách a chéile anois, ach ciúnas nuair a d’oir.
An t-ómós thar chuimse a tugadh don eaglais Chaitliceach in áit aon tuiscint do dhaoine mar phobal, mar shaoránaigh, mar chomhthalán, is amhlaidh go bhfuil an t-ómós sin géillte ag daoine fadó don státchóras agus d’aicme an airgid.
Sa chás is gur tharla sé gur tháinig leanaí óga chun na tíre seo, abraimis go mídhleathach, agus cuir i gcás gur imigh siad ó radharc gan troigh gan tuairisc, do thuairim an mbeimis ag cur ár mbundún amach ar a son, abair, laidhc?

27 May 2009

Eaglais, údarás, freagracht

De bharr na huafáis a nocht Tuarascáil Ryan tá a lán cainte ar freagracht na "hEaglaise"

Ach tá an scéal níos casta na sin. Ó thaobh dlí de, níl a leithéid de neach dleathach ann agus "an Eaglais". Baineann an scannal seo le ocht ord rialta déag ar leith.

Tá struchtúr thar a bheith díláraithe ag cliarlathas na hEaglaise. Is flaith gach Easpag ina dheoise féin, gan de uachtarán aige ach an Phápa, agus a ghreim siúd sách srianta. Tá beagnach an neamhspleáchas céanna ag sagart paróiste ina pharóiste. Ní comhlacht é an Eaglais leis an bPápa mar príomhfheidhmeannach le cumhachtaí hireáil agus fireáil. Ní bainisteoirí logánta iad na hEaspaig, agus níl i gradam an Promhaidh, nó Príomháidh na hÉireann Uile, ach céim oinigh, primus inter pares. Bíonn an Curia an mhall ag scoir sagart nó easpag.

Agus is eagraíochtaí neamhspleácha iad na hOird freisin; bíonn sé mar nós cúirtéise acu cead an Easpaig logánta a iarraidh roimh dul ag obair ina dheoise, ach sin a bhfuil de smacht ná de údarás aige.
Mar sin, níl sé baileach chomh simplí le iarraidh ar "an Eaglais" níos mó a íoc.

Is cinnte go mba cheart don Stát caitheamh le gach ord rialta agus gach deoise mar chuideachta carthanachta, agus cuntas iomlán agus trédhearcach a éileamh, agus cíos a ghearradh orthu siúd a rinne faillí cóiriúil ina ndualgas.

Is ceart freisin do na hOrd agus na Deoisí stad de bheith ag éisteacht lena ndlíodóirí seachas lena gcroíthe sna cásanna seo. Cinnte, tá seans ann go bhfaigheadh daoine nach bhfuil sé tuillte acu cúiteamh. Ach is dóigh liom go bhfuil an baol sin níos lú anois ná an baol breis anró a chuir orthu siúd a d'fhulaing. Agus an baol breis acmhainní a chaitheamh i ngialla doshásaithe na ndlíodóirí.