Showing posts with label táin bó cuailgne. Show all posts
Showing posts with label táin bó cuailgne. Show all posts

16 November 2016

Oidhrí Seanchán Torpéist?

Is annamh mé ag freastal ar dhrámaí nó imeachtaí cultúrtha ina bhfuil Béarla in uachtar. Níl ach méid áirithe ama agus fuinneamh agam agus is fearr liom é a chaitheamh ar éigse na Gaeilge.
Ach thug Réaltán cuireadh liom bheith ina chomhluadar agus comhluadar Yoseba Peña ag an taibhiú Shadows of the Táin in Amharclann Smock Alley. Shíl mé gur cluiche scáil a bhí le bheith ann, ach dáiríre is complacht seanchaithe iad Candlelit Tales agus bhí reacaireacht Sorcha agus Aron Hegarty sa phríomh áit. Insint sách dílis den Táin, na réamhscéalta san áireamh acu. Athghabháil an scéil ó thaibhse Fhearghuis, réamhstair Donn Cuailgne agus an Fionnbheannach. Seanchas den scoth acu, dílis don scéal ach sáite sa freacnairc. Slaiseanna glice faoi iomrascáil fear is bean - rud a luíonn go maith le Medb is an dinimic idir Ailill, Feargus agus í. Rinne siad dailtíní D4 as na Gaeileoin in insint greannmhar, agus bhí Aron ach go háirithe glic ina aithris ar bhlasanna cainte na linne seo leis an aighneas idir na cúigí atá ag croí an scéal a léiriú.

Bhí ceoltóirí agus lucht scáil a chaitheamh ag tacú leo. Ceol deas, leathbhealach idir traidisiún is claisiceach. Scaití bhíothas ag amhránaíocht. Níor aithin mé an teanga, bhí macallaí den nGaeilge ann. Measaim go raibh siad ag baint feidhm as blúirí sean-ghaeilge ach foghraíocht as alt.

Is trua go raibh siad ag scalladh a sleamhnán agus scáthanna ar bhalla garbh cloiche- d'oibrigh sin do cuid de na híomhánna ach bádh go leor acu. Bhí scáth chath is allagar Ferdia agus Con Chualann, beirt ar stáitse agus a scáthanna teilgthe ar an bhalla iontach éifeachtach mar shampla, iad ag bogadh i dtreo agus i gcoinne an tsolais le béimniú. Níor oibrigh cath deireadh an dá thairbh, léirithe le puipéid dá gcloigeann chomh maith céanna, bhí na scáthanna ró dhoiléir.

Bhí an geatsaíocht is an damhsa go maith, cé go bhfeadfaí roinnt snas a chuir air.

Ach b'é,  ainneoin corr sciorradh focail, reacaireacht Sorcha agus Aron crann taca an taibhiú, agus bheadh fonn orm éisteacht arís leo- fiú sa Sacs-bhéarla agus gan ach iarsmaí Gaeilge mar a bheadh orthaí acu.

Tá a gcion féin á dhéanamh acu do seanchas na nGaeil!

Tá an taibhiú ar siúl i Smock Alley go dtí an 18ú.

31 May 2014

Táinrith

Sa leabhar seo tá léamh Biddy Jenkinson ar Tháin Bhó Cuailgne; neadaithe i scéal osréalaíoch a chuireann bean - Mae Meidbhín Méabha - sa tóir ar an fíor scéal seachas an leagan fíreann-aithe a reic scáil Feargus Mac Roigh do Muirgean mac Seanchán Toirpéist.
Reacaireacht thaitneamhach atá ann agus tá pléisiúir le baint as an léamh, ainneoin nach n-éiríonn léi go hiomlán an chuilceach úd Cú Chulainn a a bhrú as lár an scéil!

Tá ganntanas leabhair sa nua Ghaeilge a tharraingíonn as tobar na seanscéalta ach casadh nua a chuir orthu. Deá shampla anseo den méid is féidir a dhéanamh.






Táinrith
Biddy Jenkinson
Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130467

02 September 2012

Cú Chulainn Cathrach


Tá an múrmhaisiú seo i Sráid Nassau, ar balla le hais an Ionad Setanta, díreach trasna ón Siopa Kilkenny Design, agus le hais an siopa ceoil Celtic Note. Deir an Idirlíon liom gurbh é Desmond Kinney an t-ealaíontóir agus gurbh i 1974 a rinneadh an saothar. Mar a luaitear san leathanach seo a chuireann síos air, níl an t-eolas sin le feiceáil ar an láthair.
Le mo fón póca a thóg mé na híomhánna seo, agus ní thugann siad a cheart don saothar iontach, dathúil (i ngach ciall) lán sonraí seo. Tá radharcanna saoil Chon Chulainn, ón macghníomh a thug a ainm dó go dtí a bhás ceangailte de ghallán. Tagairtí dá bhreith ann, do Lugh agus Dechtire, do mhallacht Mhacha a d'fhág fir Ulaidh lag in am an ghátair. 
 De réir an nasc ag dánlann Solomon, tá tríocha saothar mar é thar timpeall na Cathrach ach níl aon ceann eile feicthe agam go bhfios dom. Tá's agam go bhfuil saothar bunaithe ar Bhuile Suibhne san Irish Life Centre ar Sráid na Mainistreach - ach níl teacht air ach le linn uaireanta oibre an bhainc atá ar an gcéad urlár ansin mar go mbíonn an clos iata lasmuigh de na huaireanta sin. 
Tá sé i gceist agam le fada ruathar a thabhairt chomh fada leis ach níor éirigh liom fós.
Má tá na saothair eile ar aon dul leis an gceann seo b'fhiú b'fhéidir cosán a leagan amach a nascann iad le chéile - má sin áiteanna poiblí atá siad. Is beag eolas a d'aimsigh mé ar líne fúthu. Ach tá cuid de shaothar an ealaíontóra le feiceáil anseo: