Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-13

Leac na Cumhaidhe


Bhí sé i gceist againn an Domhnach a chaitheamh i nGaoth Dobhair. Theastaigh uaim a bheith ag Aifreann 11:00 sna Doirí Beaga, mar sin d'fhág muid Doire Mheathán luath go maith. Níos luaithe ná mar ba ghá, go deimhin. D'fhág sin go raibh muid á ghlacadh go réidh ar an mbóthar. Nuair a chonaiceamar fógra d'áit bhreith Cholm Cille, cúpla km ar leataoibh ón mbóthar, bheartaigh muid súil a chaitheamh air.

Bóthar cúng crochta go maith a chuaigh chomh fada le carrchlós beag. Siúlóid thart ar céad méadar ansin go dtí an ionad féin. 

Ní cuimhin liom go baileach an scéal, cén fáth gur ar leac a thug Eithne a mac ar an saol. Tá an leac fós ann. Is cosúil go raibh sé de nós ag imirceoirí a n-oíche deiridh in Éirinn a chaitheamh ina luí air, agus as sin an ainm Leac na Cumhaidhe. 

Fil súil n-glais
fégbas Éirinn dar a h-ais;
noco n-aceba íarmo-thá
firu Érenn nách a mná.

Tá Cros mór de dhéantús na fichiú aoise san ionad freisin. Tá radharc aoibhinn ón áit freisin, agus suaimhneas. 

Gar don láthair a bhí an tréidín seo de eallach na garbhchríocha, lena nglibeanna fíor Ghaelacha. 






2024-05-11

Ceobhrán Ailigh agus Eaglais Aonghusa

Ceann de na cúiseanna a chuaigh mé ó thuaidh ná nach raibh deis agam an Cháisc seo chaite dul chomh fada le Grianán Ailigh nuair a bhíomar in Inis Eoghain. 

Ní fada ó Doire Mheathán an áit, cé go bhfuil an bóthar chuige crochta agus cúng. Tar éis greim lóin a chaitheamh thugamar aghaidh air. Faraor, ní raibh an aimsir ró iontach. Bhí dóthain léargais ann le tuairim a fháil go mbeadh radharc i bhfad ó bharr an balla - a dhreap mé - ach b'shin sin. Dhíbir gaoth agus fearthainn muid. 
Bhí an séipéal sa Bheart luaite ag Uncail liom liom oíche Aoine nuair a dúirt mé go mbeadh mé ag dul ó thuaidh. É ina mhacalla ar an ngrianán. Ó bhíomar ag dul thairis, bheartaigh mé buaileadh isteach. Dearadh ar leith atá ann cinnte. Níl tuairim agam áfach cé hé "Naomh Aonghus Mac Ailleala Mhic Eoin Mhic Néill a d'ornaigh Naomh Pádraig" agus go dtí seo níl aon eolas breise aimsithe agam. Tá scéal ann faoi Rí Mumhan ar thiomáin Pádraig a bhachall - trí thimpiste - trína chos agus é á bhaisteadh, agus ná dúirt faic cionn is gur shíl sé gur cuid den searmanas sin. Ach ní dóigh liom go raibh seisean ina shagart ar ball. Breis taighde de dhíth. 

2024-05-09

Cuimhnigh ar Dhoire!


Ag an deireadh seachtaine thug mé cuairt ar chomhghleacaí le mo nuachar. Tá costas cíosa tar éis é a dhíbirt chomh fada le hInis Eoghain. Bhain timpiste dó agus ní féidir leis staighrí a dhreapadh ró mhaith. D'aimsigh sé tigín ar chostas réasúnta ar an Doire Mheathán, áit a bhfuil ionad ag dream creidimh. Bhí roinnt tithe saoire acu ar a dtailte, ach tá siad sin anois ligthe ar thréimhsí fada. 

Tá Doire Mheathán buailte ar an dteorann, agus Cathair Dhoire deich nóiméad gluaisteáin ar siúl, anois agus an teorainn oscailte. 

Ba go Doire a chuaigh mé dá réir. Ar bhus X4 ó bhusáras, um a seacht maidin Sathairn. Bhí an oíche roimh ré caite agam tí m'athair. 

Cé go ndeachaigh mé trí Dhoire cúpla uair cheana, ní raibh aon am caite agam ann. Thapaigh mé an deis, tar éis do Sven mo mhála droma a ghlacadh uaim dul ag fánaíocht thart. Na ballaí i dtosach. 
Is cuid de mhiotas bunaidh "Ná géill" dílseoirí an tuaiscirt léigear teipthe Dhoire i gCogadh an dá Rí. Meabhrú buan ar sin na ballaí, ar féidir timpeall lár an bhaile a dhéanamh orthu fós. Tá athchóiriú déanta ar na geataí chun gur féidir le trácht comhaimseartha dul tríd - rud a fhágann an siúlóid géar go maith in áiteanna. 
Chomh maith leis na ballaí féin, tá roinnt foirgneamh stairiúla a thug mé suntas dóibh. 
Céad scoil Dhoire atá anois ina ionad ealaíona. Níl mé cinnte an raibh na hinscríbhinn i gcónaí ann, nó a mbaineann siad leis an ionad ealaíona. 

Glacaim leis go raibh an Tor ar lasadh, suaitheantas eaglais Preispitéireach na hÉireann ann ó thús. 

Ach is spéisiúil an nath triarach 
MAKER
MAKAR
Ο ΠΟΙΗΤΗΣ

File mar dhéantóir. 
Rinne mé timpeall an bhaile ar an mballa agus thug aghaidh ar Thaobh an Bhogaigh ansin. Ó tharla gur thosaigh mé mo thimpeall ag Ard eaglais Eaglais na hÉireann bhí an balla le trasnú agam. Mheall geata isteach mé i ngairdín ealaíne beag ciúin. 
Bhain mé amach Cearnóg Dhoire shaoir. 
Thug mé suntas don ealaíon. Go háirithe do leagan Robert Ballagh de phictiúir Goya. (Bhí leagan déanta de phíosaí adhmaid ag mo mhamó). 
Is cloch mhíle léanmhar i stair na hÉireann Domhnach na Fola. Thug mé cuairt ar Iarsmalann Dhoire shaoir. Bhí sé tochtmhar na rudaí nithiúla a bhain leis an stair a bhí ar eolas agam a fheiceáil. 

Ciarsúr Edward Daly. Casóga réabtha ag piléir. Fógraí agus forógraí. 

Tá súil agam go bhfuil a leithéid sa stair. Go mbeidh rath ar an athmhuintearas.