16 January 2018

Idir Dhá Thír

Is duine idir dhá thír, agus trí chultúir,  mé féin. Tógadh le Gaeilge agus Béarla mé, ach tá Gearmáinis agam ó chaith mé tréimhse san Ostair le teaghlach in aois aon bliana déag. I ndiaidh dom céim ollscoile san innealtóireacht a bhaint amach, chaith mé na 1990í i mBeirlín. Idir dhá thír de chineál eile ansin ó tharla go raibh thoir agus thiar ag athfhás le chéile agus comhghleacaithe agam a d'fhás aníos ar dhá thaobh an bhalla. Phós mé bean ón Oirthear. I dtreo deireadh mo thréimhse i mBeirlín bhí mé ag obair ar thogra idirnáisiúnta, comhghleacaithe agam san Eilvéis agus sa tSualainn. Ó d'fhill mé ar Éirinn tá mé ag obair go hidirnáisiúnta fós, sciar suntasach de mo chuid ama gafa le tograí de chuid an ghníomhaireacht spás Eorpach. Comhghleacaithe ó trasna na hEorpa dá réir agam. Gairm idirnáisiúnta an ríomhchlárú cibé.

Ach mar fear geal díreach taithí pribhléideach atá agam. Níl blas coimhthíoch ar mo chuid Gearmáinise, agus is minic nár aithin daoine gurb eachtrannach mé, go dtí gur chuala siad m'ainm. Go deimhin bhí roinnt taithí fíor ait agam, daoine ag clamhsán liom faoi theifigh eacnamaíochta. Teifeach eacnamaíochta ab ea mé féin déanta na fírinne, is bhíos míchompordach. Nuair a dúirt mé sin, is amhlaidh a dúradh liom go raibh mé geal agus mar sin ceart go leor.

Bainim leis an móramh in Éirinn don gcuid is mó - móramh cultúrtha seachas creideamh na laethanta seo. Ag amharc siar is ait liom nach bhfuil aithne phearsanta agam ar Giúdach ar bith, cé gur tógadh laistigh de urchair cloiche de sionagóg mé, agus go bhfaca an pobal ag siúl ann gach sabóid.

Seans nach mbeadh mórán aithne ar Phrotastúnaigh agam ach oiread ach go raibh baint agam i mo dhéaga le grúpa gasóga, agus gur tharla sé gur leis an cumann ilchreidmheach a chuaigh mé. (Tá an dá cumann aontaithe ó shin, ach go mbíonn a traidisiún féin chuid mór ag chaon grúpa acu.)

Bhí cúpla chomhscoláire ar an ollscoil agam ón Iaráin is cairdeas dromchlach eadrainn. Bhí bainisteoir Moslamach agam cúpla bliain agus post ó shin; ach dáiríre ní fheadfainn a rá go bhfuil aithne phearsanta agam ar Mhoslamach ar bith.

Réamhrá sách fada! Is amhlaidh mar sin nach bhfuilim iomlán dall ar na ceisteanna a chíortar sa chnuasach is déanaí le Alex Hijmans, Idir Dhá Thír.

Tá taithí ar leith ag Alex. Fear a tháinig in inmhe san Ísiltír, a tháinig go hÉireann agus a shealbhaigh Gaeilge, agus é beo uirthi mar iriseoir agus scríbhneoir. A d'fhuadaigh an ghrá go dtí an Bhrasaíl é, go Favela. É ann ó shin, ainneoin cúrsaí a bheith athraithe. Fear homaighnéasach, rud a fhágann é in imeallú eile.

Tá an úsáid bainte aige as an dtaithí uilig sin sna scéalta seo ina mbíonn na carachtar idir tíortha, idir cultúir. Siar is aniar san am freisin, eadhon tír coimhthíoch is ea an am atá thart, deirtear.

Ní hé go bhfuil seanmóireacht ar bun ag Alex. Tá ceard an scríbhneora go smior ann, ní abraíonn sé rudaí linn; léiríonn sé dúinn iad.

Castacht an saoil. Dúshláin an inimirce, agus an glacadh le hinimirce. Meas agus a mhalairt. Collaíocht agus searc. Seirce tuismitheora agus leanbh, agus an straidhn a chuireann malairt cultúir air.

Scéalta láidre. Idir Dhá Thír, a thugann ainm don gcnuasach, faoin aithne fánach idir Ísiltíreach de shliocht na tíre, agus Ísiltíreach de shliocht Maracó. Ainneoin gach a maítear agus na hiarrachtaí, ní ionann a gconair ná na deiseanna a shilfeá bheith acu.

Plé chumhachtach ar féiniúlacht san scéal An Neascóid, fear de shliocht na hAfraice via Brasaíl ag caint ina shamhlaíocht lena nuachar Éireannach a d'fhág é, cultúir agus ciontacht nó a mhalairt as peacaí a sinsir á spíonadh. Mórtas cine dearfach agus diúltach.

Ní hionann na tátal ná na tuiscintí a bhainfeadh cách as na scéalta seo.

Ach cuirfear ag machnamh an léitheoir; ar cheisteanna a bhfuil práinn leo i saol guagach.

Alex Hijmans
Idir dhá thír

€12.00

ISBN: 978-1-907494-65-9

13 January 2018

Gradaim Ceol Nós

Is de bharr gur tógadh léi mé atá Gaeilge agamsa. Ach is de shliocht Gaeilgeoirí athbheochana mé, gan fréamhacha Gaeltachta. Fear cathrach. Fágann sin gurb as Gaeltacht na leabhair is mó a thagann mo thinfeadh. Cinnte, anois agus mé fillte go hÉireann tá RTÉ RnaG agam, agus TG4 uaireanta. Agus ó lár na 1990í an idirlíon - nasc riachtanach ó tharla gan baint ghairmiúil dá laghad agam leis an teanga, rud a fhágann gur gá dom bheith sa tóir ar dheiseanna. Dhaingnigh tréimhse eisimirce sna 1990í an Ghaeilge mar dhlúthchuid de m'fhéiniúlacht. Sroicheann rudaí i nGaeilge áiteanna i mo chroí agus anam atá iata don mBéarla (agus don nGearmáinis, mo theanga laethúil eile - cé go bhfuil sin ar bhealach níos mothúchánaí de bhrí gur teanga mo nuachar atá inti, inar chuir mé aithne uirthi).

Ó thaobh toighis ceoil, is beag spéis a chuir mé i ceol comhaimseartha go dtí le déanaí; is fearr liom ceol clasaiceach agus ceol na hÉireann, agus go pointe ceol Domhanda, i. ceol traidisiúnta ó thíortha ar fud na cruinne. Is maith liom amhránaíocht, gan tionlacan ach go háirithe. Thairis sin, tá corr DD agam le Christy Moore agus a leithéid agus fadó, fadó measaim go raibh fad cheirnín agam de chuid Chris de Burgh. (fear nach bhfaigheadh éisteacht anois uaim). Agus mé i m'aosánach agus déagóir is túisce go raibh mé sáite i leabhar, i foluain sna scéalta ná ag éisteacht le ceol.

Ó d'fhill mé ar Éireann i dtús na Náidí áfach caithim barraíocht ama ar iompar phoiblí. Is mór an chabhair scamall ceoil chun spás suaimhneach a chruthú. Ní féidir braith go hiomlán ar an raidió de bhrí go mbíonn poll raidió fán líne DART áit nach bhfuil teacht ar an gcomhartha.

Is tríd leithéidí Nós agus amhrán na hAoine s'acu, chomh maith le RnaG a chuala mé faoi leithéidí IMLÉ, Bruadar, Rís, Bréag agus mórán nach iad atá ag cruthú ceol nua freacnairceach i nGaeilge. Ceol a labhraínn liom ar dhóigh nach labhraínn amhráin i mBéarla. Ar ndóigh, fáisceadh  roinnt de na ceoltóirí as an saol céanna liom - Gaeilgeoirí uirbeacha báite i nDomhan Béarla. 

Trí bliana ó shin a cuireadh tús le Gradam Ceol Nós, ócáid bhliantúil chun aitheantas a thabhairt do na hoirfidigh seo. Bhí mé i láthair gach bliain ó shin. Ócáid spleodrach fuinniúil. 

Níor thaise i mBliana é, agus céim nua forbartha tógtha sa mhéid is go raibh clár beo de chuid RTÉ RnaG fáiscthe as an searmanas agus as comhráití san seomra glas.

Bhí ceol den scoth ar feadh na hoíche ar an stáitse - IMLÉ, le tacaíocht bhreise, drumadóir agus cello leictreach. Tá Ríona Sally Hartman ag canadh anois leo agus ag cuir leis an manglam suntasach guthanna acu. 

Chan Róisín Seoighe go binn. Is dócha go bhfuilim féin éirithe dóite i mo sheanaois; is breá liom go bhfuil bean óg Gaeltachta fós spreagtha ag laochra 1916, agus sásta streachailt ar son cultúr agus teanga. Ba mhaith liom í ag clos ar ábhar eile freisin áfach! Sin an dóigh is fearr le cruthú nach marbh ach beo beoga bríomhar atá teanga ár sinsir!

Rud a thuigeann Pádraig Jack, moram, a chan go binn le tionlacan grúpa fíorúil. Nó Abhainn Bheara, a chroith sean-amhráin agus foinn agus bhain sca astu!

Bhí Kíla i measc an dreama a d'oscail conair don nGaeilge isteach is saol an cheoil idirnáisiúnta agus tá siad fós á dhéanamh. Bhí sé tráthúil gurb iad a bhain curaidh mhír Banna na Bliana agus thug siad léiriú fuinniúil spleodrach ar cén fáth gurb iad na máistrí!

Deacair a shéanadh áfach gurb oíche Kneecap agus a rap easurramach ropairí a bhí ann! Is iad a chuir bailchríoch ar an oíche agus mheall siad mórchuid den slua síos go dtí ós comhair an stáitse, áit a chuaigh "Mo Chara" ag surfáil ar an slua agus iad a ropadh amach a gcuid greann dóite fuinniúil feargach (agus ag spochadh as lucht RTÉ, Bláthnaid Ní Chofaigh fiú, rud a ghlacann misneach!)

Rud a chuaigh i bhfeidhm orm ná gurb ócáid pobail a bhí ann, bhí teaghlaigh ann ag tacú leis na ceoltóirí, bhí dream óg spleodrach a tháinig aduaidh agus aniar le grúpaí ar leith, bhí mo leithéidí de chadhain aonair ann ag iarraidh ríomhaithne a iomlánú san fíor saoil.

Bhí scata mór ann a d'aithin mé - ach scata níos mó nár aithin mé!

Chuaigh cuid mór daoine ar ragairne ina dhiaidh - ar an ndrochuair táimse i mo ghéillsine ag an bus deireadh ó dheas.

Ardú croí, neartú pobal, ceol, comhluadar, tinfeadh...


Gura fada buan Gradaim Nós agus na pobail as ar eascair siad...

Tá na torthaí ar fad maraon le grianghraif den scoth ar fáil ar NÓS féin anseo

12 January 2018

Kíor Thuathail

Kíor Thuathail
Jean-Claude Izzo
€15.00
280 lch; clúdach bog;
ISBN 978-1-911363-40 8.

Is maith liom scéinséir maith. Scéinséir den scoth atá curtha ar fáil ag Bernadette Nic an tSaoir anseo dom, ós rud é nach mbeadh Fraincis diongbhála Izzo agam.

Scéal triúr de shliocht inimirce a tháinig in inmhe le chéile i Marseille, ag streachailt le cúngú saoil nuair a theip ar fhostaíocht. Beirt a chuaigh le drongadóireacht,  duine a rinne iarracht éalú tríd dul sna péas.

Tá duine acu marbh ag tús an scéil. An darna duine marbh i gcith piléir póilíní sar i bhfad, tar éis iarracht díoltas a bhaint amach as bású a chomrádaí.

Sruth comhfheasa an treas duine atá i mórchuid an úrscéil, an póilín ag iarraidh ciall a bhaint as na heachtraí. Agus as eachtraí eile a bhfuil cuma fánach orthu ach atá snaidhmthe sa bhréidín céanna as éagóir, coiriúlacht, drúis is drugaí.

Gabhann a smaointe siar is aniar, ag míniú caidreamh an triúr agus bean leo, Lole. Bean a bhfuilid triúr i ngrá léi.

Tá stair sóisialta ann, póilín pobail an reacaire, é ag iarracht a gceart a bhaint amach don nglúin is déanaí de shliocht inimirce - na hArabaigh.

Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim.

Scéinséir lán castaí is corr. Ladair éagsúla sa scéal. Coirpigh. Póilíní, idir díreach is cam. Tuismitheoirí díograiseacha ar loic an tír a ghlac iad orthu. Ógánaigh ag iarraidh saoirse is meas. Agus grá. Formad , drúis, saint. Iarrachtaí bheith ionraic i saol lofa.

Cloisim go bhfuil an dara gála ar na bacáin ag Bernadette. Táim ag tnúth leis.

11 January 2018

Cú na mBaskerville

Tá athchóiriú déanta ag Evertype ar roinnt de na scoth aistriúcháin a rinne An Gúm fadó.  Mar thoradh ar phlé ar Twitter ar na mallaibh chuir mé fios ón leabharlann ar leagan Nioclás Tóibín de shaothar chlúiteach Conan Doyle, Cú na mBaskerville.

Murab ionann agus cuid mhaith de na scéalta faoi Sherlock Holmes, úrscéal atá anseo. Mar is iondúil, ó dhearcadh comhghleacaí Holmes, Watson atá an reacaireacht - agus Holmes as radharc don gcuid is mó. Diaidh ar ndiaidh a scaoiltear an scéal chugainn, maraon le cúpla conair chaoch. Árd scéal atá ann.

I measc mion uaisle Sasana atá an imirt, lucht an County. Measaim gur aimsigh Tóibín an réimse ceart cainte leis an atmasféar ceart a chruthú.

Admhaím go raibh roinnt focail nach raibh agam - léiriú ar an tanú atá tagtha ar an nGaeilge ó shin, is dócha. Ach bhíodar neadaithe i comhthéacs a d'fhág gur d'fhonn brí a chinntiú seachas a fháil a bhí orm an Dálach a cheadú.

Is é Aibhistín Ó Duibh a rinne an leagan seo a choiriú.

Ní minic dom saothar atá léite agam sa bhunleagan a léamh in aistriúchán Gaeilge. Ach scéal den scoth atá anseo, (a raibh mionsonraí dearmadta agam sa chaoi go raibh teannas san athléamh).

Agus is maith an rud an Ghaeilge a aclú i suíomh nua mar a rinne Tóibín.

08 January 2018

Intriachtaí

Seo liosta focail a bhfuil an nod intr leo i Foclóir Uí Dhomhnaill.

Foilsithe le caoinchead agus le cabhair ó fhoireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, Foras na Gaeilge 

Leaganacha malartacha idir camóga. 

 

 

á(Iontas, tuiscint)Ah!
ababú, ababúna(Iontas)Heavens!
abhó(Imní, eagla)Alas! Woe is me!
abú(Comhghairdeas, spreagadh)For ever!
ach, ách(Samhnas)Ah! Och! Ugh!
aidhe(Aontú)Aye!
aililiú(Iontas)Good gracious!
áiméanGo raibh sé amhlaidhAmen
amaí(Aontú)Indeed!
ambaiste, ambaist, ambasa(Aontú, Iontas)Indeed! Really!
arú(Iontas, diúltú, amhras)Ah! ~, an t-amadán! Ah, the fool! ~, fág ansin é. Ah, leave it there. ~, ní fiú a bheith ag caint air. Ah, it is not worth mentioning. 2. No. 'Tabhair dó é'. '~!''Give it to him'. 'No!' ~, ní íosfaidh mé é. No, I will not eat it. 3. So! Indeed! Agus tá sé ina dhochtúir, ~! So he is a doctor, is he?
bhuel, bhoilWell
1. ~! Boo! 2. ~~! Alas!
breast(Samhnas, uafás)~ tú! Go away! You don’t mean it! ~ é! It is no good. ~ an focal sin, that is a disgusting word.
(Chun preab a bhaint as duine)Boo.
chugaitínAire dhuit!(To child) Look out!
cíoc(Spraoi)Peep!
cois, ~ amach(Díbirt)Shoo.
cu-cú(Aird a tharraingt)Cuckoo!
cuit, ~ (a chait)!(Díbirt)Shoo.
dhe, a dhe(Iontas)Indeed! Really!
dhera, dheru(Amhras, patuaire)expressing disbelief, indifference, etc. Yerra!
doirse, doirs(Fan socair)(Addressed to cow) Keep quiet! Stay where you are!
é(Chun air a tharraingt)Eh! Hey! Ah!
éamh(Diúltú)Bah!
faraor(Díomá)Alas. ~ (cráite, dóite, géar)! Woe is me! (As s.)Bheith ar an bh~, to be in a bad way, in a state of woe. Níl aige ach an ~, he is forever bemoaning his lot. Tá sé imithe ar ~, ar an bh~, he has gone to the dogs. Is é an ~ é, he is such a wretch. Baistim ~ ort, you are not worth a damn. (Var:faraoil, faraoir)
feo(Samhnas)Faugh!
fíneachCall to ducks.
fo(Samhnas)Faugh! Ugh!
fobúnShame! ~ oraibh! Shame on you!
fóill(Tóg bog é)Easy! Gently!
foth(Samhnas)Faugh!
fuisc(Díbirt)Shoo!
fuist(Bí ciúin)Whisht! Hush!
fuit, fúit(Tabhairt amach)Tut-tut!
furú(Caithréim)Hurrah!
futh(Samhnas)Faugh!
gheois(Fan socair)(To animal) Keep still!
gu-gúg(Aird a tharraingt)Cuckoo!
habha(Aird a tharraingt, iontas)Ho!
haidhfear(Treise le)Hey for! ~ an Breatnach! Up Breatnach!
Ha, ha! Ha, há! Ha, háidí! háidí(Tabhair aire)(Admonishing child) Ha! Aha!
(Aird a tharraingt)Hey!
héing(Spreagadh)Gee-up!
hí-eip(Aird a tharraingt)Yo-ho!
(Aird a tharraingt)Ho!
ho hó(Iontas)Oho!
hóigh(Aird a tharraingt)Hoy!
hoips(Tar éis míthapa)Oops!
hoirde(Spreagadh)(In urging cattle) Go on!
hois(Ruaigeadh)Shoo!
hóra(Aird a tharraingt)Hi!
(Aird a tharraingt)Hoo!
huga, hugaíHuga leat, hugaí libh = chugat leat, chugaibh libh :chun 1(b).
huitTut!
huít~! ~! A call to ducks.
hula~! ~ hairc! (Call to dogs) Hark (away)!
hulúiste huláisteYo-heave-ho!
hup(Spreagadh)Hup!
hurá(Aoibhneas)Hurrah!
hurais~! ~! A call to pigs.
hurú(Caithréim)Hurroo!
husá, husae(Caithréim)Huzza!
huth. Huh! Ní dúirt sé ~ ná hath leis, he said nothing, was non-committal, about it.
leogaIndeed.
leo-leoín(Suaimhníu linbh)Hushaby.
~! ~! Call to sheep.
méaram(In children’s game) Pax!
míorcDar m'fhocal!Upon my word!
mochean:1. Fortunate, happy. ~ tír as a dtáinig an mac, happy is the land from which the youth has sprung. 2. Welcome. ~ do theacht, I welcome your coming. ~ d’éag uaidh sin amach, I’d gladly die after that.
monuarfaraor! mo léan!Woe is me! Alas! ~ géar! My bitter woe!
muige(Iontas)Mhuige! Dar ~! Really! By Jove!
muine(Iontas)Mhuine! Dar ~! By Jove!
muiricín(Iontas)~! A mhuiricín! Indeed! My goodness!
muise(Iontas)~! Mhuise! Indeed! ~! ~! Well! Well!
óO! Oh! 1. (Introducing exclamatory phrase) Ó, a Dhia! O God! Ó, go díreach! Oh, indeed! Ó, mo dhearmad! Oh, I forgot! Ó, is fíor é! Oh, it is true! Ó, an bithiúnach! Oh, the scoundrel! Ó, gan pionta agam! O that I had a pint! 2. (After exclamatory phrase) A mhic ó! My dear son! My dear fellow! A mháthair ó! Mother dear! Ár gclann ó! Our dear children! Fill, a rún ó! Come back, oh, my love!
ob, ob(Fainic, diúltú)~, ~! No, don’t! No, no!
och(Díomá, brón). Och! O! Alas!
óch(Díomá, brón)Alas!
ochón(Díomá, brón)~! Alas! ~ ó! Woe is me!
ora. 1 = arú2. 2 = oró.
oró, óróOh! Oho!
órúO! Oh! ~, a Dhia! O God! ~, mo leanbh bocht! Oh, my poor child!
peo(Samhnas)Phew!
pis(Call to cat) ~! ~! Puss! Puss!
pleoid~ ort! Shame on you!
popPop!
preachWhoa!
preitNonsense!
puis(Call to cat) ~! ~! Puss! Puss!
saighdéarCall used in driving cattle
scuit(díbirt)(To cat) Scat!
seabhainínCall to sheep.
siliúir(díbirt)Shoo!
sist, sitPsht!
soitUgh!
staitíCall to pig.
sturr(To dog) At him!
suc~! ~! Call to calf.
teoitTut!
tiuc(Call to hens)~! ~! Chuck! Chuck!
toch~! ~! Call to pigs.
tórach~! ~! Call to bull. (Var:tóra2)
tseoCall to dog. ~! Get away! Out!
uileacánfaraor! Alas.
umbó(Faraor, mar dhea)(Derogatory) What a pity!
vrácCaw!

Déithe agus aindéithe

Tá Measaim gurb é Dennis a tharraing m'aird ar an leabhar seo le Mark Williams.
'Ireland's Immortals- a History  of the Gods of Irish Myth'.

Ní minic a léim leabhair neamhfhicsin, agus is annamh ar fad a léim saothair scolártha lasmuigh de mo réimse ghairme. Mar sin féin, tá spéis agam inár seanchas agus is fada mé fiosrach faoi a scaoilte atá painteon na nGael le hais na déithe gréagach-rómhanacha nó Lochlannacha.

Maíonn Mark Williams go ndearna sé iarracht freastal ar an léitheoir acadúil agus mo leitheidí de léitheoir ginearálta freisin. Measaim gur éirigh leis - tá raidhse fonótaí agus foinsí tagartha, ach is féidir an buntéacs a léamh gan beann orthu.

Suirbhé ar litríocht faoi Déithe na hÉireann atá ann, ó na lámhscríbhinní is ársa atá fágtha againn anuas go dtí an lá inniu, beagnach (áit a bhfuil na déithe sleamhnaithe isteach i ficsean samhlaíoch do dhaoine óga).

Léiríonn sé nach féidir talamh slán a dheánamh de go bhfuil sonraí ar bith sna scéalta atá ann ón ré réamh Chríostaí.

Litríocht atá sna scéalta, faoi anáil fealsúnacht agus creideamh na scríobhneoirí, seanchas múnlaithe ar mhaithe le haidhmeanna sílteagaisc chomh maith le siamsaíocht agus oideachais.

Agus nach eol dúinn cé mhéid de na scéalta ársa atá caillte againn. Tá fhios againn nár tháinig slán ach sciar - agus tá sé le tuiscint ó tagairtí i bhfoinsí eile go bhfuil scéalta caillte ann.

Suirbhé chuimsitheach atá feictear dom. Deir sé féin go bhfuil breis le déanamh, nár éirigh leis mar shampla dul i ngleic leis an Táin.

Ós rud é gurb i foinsí gearmáinise atá go leor scéalta ársa léite agam féin  bhí ionadh orm nár thug faoi dearadh aon tagairt suntasach do leithéidí Thurneysen.

Ach tá léargas ana shuimiúil ann ar an tionchar a bhí ag scoláireacht ar litríocht (agus deasghnáthaiocht) leithéidí Yeats agus AE, beirt a rinne iarracht a leagan féin d'adhradh ársa a athbheochan.

Tá go leor eolas san leabhar, agus gach seans gur mó tairbhe a bhainfeadh léitheoir aireach níos mó tairbhe fós as ná mise! 

(Ar iasacht idirleabharlainne a fuair mise é)

Aguisín 2018-01-13: fuair mé tcht Twitter ó shin ó Mark. D'fhág sé Thurneysen agus na gearmánaigh as an áireamh cionn is go bhfuil sé aitheanta le fada gurb iadsan a chuir bonn faoin scoláireacht, agus go raibh fonn air réimsí nua a chuir ar shúile aos léinn.

18 December 2017

Tintin sa Tibéid

Tá dhá leabhair curtha leis an sraith Tintin i nGaeilge ag Dalen Éireann -
An tOileán Dubh agus Tintin sa Tibéid

Bhain mé agus m'iníon an sult as na leabhair Asterix agus Tintin a foilsíodh cúpla bliain ó shin, agus cheannaigh mé Tintin sa Tibéid di.

Tá cáil le fada ar leabhair Hergé agus éiríonn go hiontach le Gabriel Rosenstock an ghreann agus an imeartas focail a thabhairt leis, sruthanna mallachtaí chomrádaí Tintin, an Captaen Haileabó san áireamh.

Scéal eachtraíochta faoi cara óg Síneach le Tintin atá ar iarraidh i sléibhte na Tibéide tar éis timpiste atá ann, agus téann Tintin i ngleic le dúshlán na sléibhte is na haimsire chun teacht i dtarrtháil air. Leis an arracht sneachta fiú!

Pléisiúr ann d'óg agus aosta, toisc go n-oibríonn an ghreann ar chúpla leibhéal.

Tá an obair á dhéanamh ag Dalen, agus cloisim go bhfuil roinnt imleabhar Asterix beagnach réidh!

16 December 2017

Tost agus Allagar

Max Is fada spéis agam i bhfilíocht Ailbhe Ní Gheaprbhuigh ach ar chúis amháin nó cúis eile ní raibh aon chnuasach léi agam. (Tá sí le clos ag reic a dánta ar lyrikline, agus chuala beo ag cúpla ócáid de chuid IMRAM í)

Pé scéal é, tamall siar cheannaigh mé an cnuasach 'Tost agus Allagar' mar féirín dom féin.

Teanga agus cumarsáid an téama tríd síos, cumarsáid sa chiall is leithne.

Tá áilleacht, oscailt do chultúir na cruinne, agus lón marana sna dánta.

Dán áirithe léiríonn an cumarsáid gan focail idir deirfiúracha.

Dánta eile faoi teangacha drumaí na dufaire nó feadaíl lucht sléibhe; teangacha atá imithe i léig ó shin.

Táim sásta le m'fhéirín!