Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-09-08

Cosán na Naomh

Agus mé thiar i gCorca Dhuibhne, shiúl mé Cosán na Naomh.

Siúlóid marcáilte atá ann, bunaithe ar na cosáin a thóg oilithrigh go dtí Cnoc Breánainn.

Tá a thús ag Halla Ceann Trá (Q 383 005). Tá fógra mínithe trasna an bhótháir ón Halla, agus giota beag i dtreo Ceann Trá. Tosnaíonn an slí ar an mbóthar ag dul ó thuaidh, ach i ndiadh píosa gairid, castar soir isteach i mbóthar níos lú a iompaíonn ina boithrín glas sar a bhfad. Tá corr teach (nó, níos cruinne, fothrach tí) fán bóthar seo. Ar ball beag bíonn tú ar an mbóthar arís, an bóthar ó Ceann Trá go Mám an Óraigh. (Q 385 007). Suas le fána atá an slí anois, nach mór lomdíreach ó thuaidh, ach ag casadh siar ag an Mám. Leantar an bóthar siar ansin i dtreo Cháisléain Rath Sheanáin (tá leaganacha eile den logainm seo feicthe agam). Fothrach túrthí atá anseo, tógtha i lár rath, a bhfuil iarsmaí na ballaí cré fós soiléir. Tá ana radharc ar Fionn Trá ón mbóthar seo, agus ar Sliabh Iolair. Tá freisin morchuid tithe móra fuinneog mhóra ann, a raibh cuma folamh orthu uilig agus mé ag siúl fán bhóthair. Agus níos mó á dtógáil. Tithe saoire, gan amhras. Go deimhin, tá an teach inar chaith muid fhéin seachtain na meala i bhfad ó shin ag an casadh sa bhóthair ag an Mám. Táim nach mór cinnte gur tógadh chuile teach eile fán mbóthar ó shin.

Ag Rath Sheanáin (Q 372 016), casann an slí siar ó thuaidh fán mbóthar arís. agus soir ó thuaidh ar dhruim an cnoic, ag an mBaile Beag. (Q 370 018). Bhí roinnt tithe á dtógáil anseo freisin. Ach bóthar ciúin atá ann ina dhiadh sin, chomh fada leis an Leataoibh Beag. (Q 380 027) Tá roinnt beag tithe air, ach is léir go bhfuil conaí ionntu.

Is anseo a chuaigh mise amú. Bhí an comhartha a threoireóidh mé ar an mboithrín glas in easnamh. Ba cheart an boithrín glas sin a leanacht chomh fada leis an Leataoibh Mór.

Chuaigh mise an timpeall an an bóthar chomh fada le hImileá an Bhóthair, agus ansin soir go dtí gur aimsigh mé an cosán arís ag an Leataoibh Mór.

Ó thuaidh a théann an cosán ar feadh seal; ar boithrín ar dtús, agus ansan tríd na pairceanna glasa, le corr dreapa, go dtagann sé amach ag Sáipéilín Ghallarus. (Q 393 048). Cé go rabhas go minic thiar,ní éirigh liom dul chomh fada leis cheana. Ait ana dheas atá ann, cé gur dóigh liom go ndeachathas thar fóir leis an áit a néatú.

Bhí dreas comhrá agam (i nGaolainn) le bean agus fear óg áitiúl a bhí fostaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun ticéid (saor in aisce) a bhronnadh ar famairí ar mhaithe le cúntas a choiméad.

Siar a théann an cosán fán mbóthar ansin. Bhuail mé isteach chuig TP Ó Conchúir i dTeach an Aireagail chun ceist a chuir air faoi dinnsheanchais Mam an Óraigh, agus chun insint dhó faoin bhfógra ar lár.

Thug mé faoin ndeara gur "Gall Iorrus" atá greanta i gcloch ar an mbóthar ansin, ceann des na cloch úd atá ar fud ghaeltacht Chorca Dhuibhne le ainmneacha na bailte fearainn orthu.

Casann an cosán den mbóthar mór ansin (Q 388 050) agus leannan boithrín glas thar Chaisléan Ghallaruis. Túrtheach eile atá anseo, a bhfuil aththógáil deanta air, agus eolas cuirthe ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Níor bhac mé leis an géabh seo - chonac anuraidh é.

Tagann an cosán amach ar an mbóthar arís ansin (Q 386 054), agus téann díreach soir go dtí Cathair Déargáin. Fothrach luath atá anseo, le ballaí ísle roinnt clocháin. Téann an bóthar seo idir páirceanna riascacha - bíonn lusanna áille le feiscint ann san samhradh.

Ó thuaidh seal ansin ar bhótháir sách gnóthach go dtí Cill Mhaolchéadair.(Q 400 062). Tá Fothrach an tSainsiléara - fothrach tí ó na meanaoiseanna - leath bealaigh idir Chathair Déargáin agus Cill Mhaolchéadair.

Áit ann fhéin Cill Mhaolchéadair. Fothrach séipéal ón naoi aois (más buan mo chuimhne) sa stíl rómhánúil. Tá sé suite i reilig, ina bhfuil clog gréin agus gallan le hinscribhínn oghaim freisin. Tá poll ag barr an ghallán. Chuala mé fear a bhí ina threoraí ag dream famairí ag rá gurbh é nós na háite conradh a dhaingniú tríd an páipéir a chuir tríd an poll úd, agus geallúint sollúnta a thabhairt.

Chonac nath deas ar uaigh oide scoile ann - Níl sa tsaol seo ach naoiscoil na síoraíochta.

Trasnaíonn an cosán an cnoc ansin - ó Cill Mhaolchéadir, thar Rinn Chonaill (Q 410 070) go dtí na Corr Aillí. Níl cosán ar bith anseo, trasna páirceanna sách bogach a théann an slí. Tá fothrach eile díreach sula bhuaileann an tslí le boithrín arís ag Corr Aillí (Q 418 076). Is i Loch Corr Aillí atá ollpheist faoi choire ag fanacht ar Lá an Lúain, más fíor don scéal béaloideasa úd faoi Naomh Cúán atá le clos ar Scéilín ó Bhéilín. Tugann an boithrín thar an loch tú, chomh fada leis an mbóthar ón nDaingean go Cuas ag Baile an Lochaigh. (Q 425 078). Tharla go raibh mo bhean agus mo chlann ag teacht an bealaigh ansin, agus chuaig hmise an chuid eile den slí leo sa charr. Thart ar ceithre uair a chloig, ag dul go breá bog, a thóg an tsiúlóid ormsa.

Téann an slí fán mbóthar ansin siar ó thuaidh go dtí gabhal (Q 422 084). Ansin ó thuaidh go dtí Droichead an Bhaile Bric (Q 421 088), agus siar thar an Baile Breac go dtí an carrchlós ag bun Chnoc Bhréanainn. (Q 434 094). Sin an deiridh oifigiúl, ach gan amhras ta an bealach go barra Bhréanáinn marcáilte go maith freisin.




D'úsáid mé an corás uimhreacha atá mínithe a léarscáil an SO sa chúntas seo. S.O. Billeog 70 atá de dhíth - ach fainic! Tá a lán bealaí marcáilte air mar "Cosán na Naomh" nach bhfuil marcáilte in aon chor, agus atá dúnta ag feirimeoirí i gcásanna airithe.

Níl an bealach thaus ar mo éagránsa, nó níl ina iomláine pé scéal é. An Dara éagrán, ó 2000 atá agam.

Lipéid: