Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-10-29

Sliogáin fuaime

Chuala mé le deanaí go raibh cluasáin gan sreang le teacht ar an margadh chun ligean do dhaoine éisteacht faoi rún lena n-ipodanna.

Is cosúil baol goidthe a bheith ann má ta duine ag éisteacht go feiceálach le ipod agus iad ag siúl.

Chuir san ag smaoineamh mé. Bíonn cluasáin de shórt éigin ar chuile duine ag ag triall ar obair ar an DART ar maidin. Gach neach faoi chlogad fuaime, a chosaint fhéin ar teangmháil leis an saol mór. Is minic nuachtán, pé acu saor nó ceannaithe, nó leabhar mar sciath chosanta againn chomh maith.

Bhí an scaradh amach seo tré cluasáin soiléir i Fahrenheit 451 Bhradbury. Montag gan a bheith in ann caidreamh a bheith aige lena bhean toisc í a bheith ag síoréisteacht leis na "Sliogáin mara" nuair nach raibh sí ag faire ar an dteilefís.

Ach bíonn gné soisialta leo ar uairibh. Feictear deagoirí ag roinnt ipod - duine ag éisteacht ar gach cluasáin, ag scaipeadh an cheoil ina bhfuil suim acu.

Agus fiú in úrscéal duairc Bhradbury, bhain Faber agus Montag feidhm as cluasán chun caidreamh a bhunú agus a bhuanú.

Mar a dúirt Kästner:
Es gibt nichts Gutes, Außer, man tut es.
Níl ní ar bith maith, seachas má déantar é.

Feicim go bhfuil leabhar Bhradbury féin ar fáil i leagan fuaime anois, fiú.

Éistimis, mar sin, ach ná dearmad ná líonraí soisialta!


Lipéid: