Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-01-03

Dar mo choinsias!

Feicim go bhfuil briatharchath san Irish Times agus áiteanna eile maidir le saoirse coinsiasa agus umhlaíocht d'fhoirceadail na hEaglaise.

Ní hionann do choinsias a leanacht agus do rogha rud a dhéanamh.

Is beag duine ciallmhar nach rachadh i gcomhairle le duine níos ciallmhaire ná é agus sláinte a choirp nó a mheabhair faoi chaibidil. Tuige an drogall seo, mar sin, dul i gcomhairle le Magisterium na hEaglaise i gceisteanna Creidimh agus moráltachta?

Ní hionann sin agus an "umhlaíocht dall" is ansa le lucht cainte na hEaglaise trácht air.

Ní mian leis an Eaglais cosc a chuir ar smaoineamh - ní bheadh tairbhe leis sin. Is faoin duine féin atá sé slánú a bhaint amach.

Is foirceadal buan de chuid na hEaglaise é gur dualgas trom atá ann do choinsias a leanacht. (CnahEC, 1776 agus a leanann é, go háirithe 1790 agus 1800).

Ach ní mór an choinsias, cosúil le haon acmhainn eile de chuid an duine a fhorbairt.
Agus is baois a bheadh ann neamhaird a dhéanamh de theagasc na hEaglaise, a bhfuil barántas aici ó Chríost.

Ní fíor ach oiread go ndeir an Eaglais "Déan seo toisc go ndeir mise leat é". Bíonn bunús fréamhaithe san scrioptúir agus san traidisiún, agus le réasún taobh thiar de, le gach foirceadal; agus leagtar amach go soiléir iad.

Le teacht Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, tá teacht éasca ar an mbuneolas. Agus tá an chuid is mó de doiciméid na hEaglaise, ina measc saothar an Dara Chomhairle san Vatacáin, ar fáil ar líne.

Iad siúd nach bhfuil dall, feicidís!

Tá an Caiticiosma i nGaeilge ar fáil ó chúpla focal.