Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-04-25

Dhá cás K

Tá dhá cás K san nuacht.
Fear a rinne comhriachtain le cailín 13 bliana d'aois ceann acu. Coir gan cheist ab ea sin go dtí le déanaí - éigniú reachtúil. Ach rialaigh an Chuairt Uachtarach go raibh an dlí áirithe sin mí bhunreachtúil de bharr nár thug sé deis don cúisí a mhaíomh go ndearna sé botún ionraic, agus gur chreid sé go raibh an cailín in aois tola.

Sin a tharla sa chás seo. Tugadh fianaise, ní hamháin ón bhfear, ach ó phoitigéir agus ó mná eile, go raibh an chuma ar an gcailín go raibh sí 18. Bhí sí ag ól leis an bhfear agus scata eile ar Bheann Éadair nuair a bhuail siad craiceann. Dúirt sí gur thuig sí cad a bhí i gceist, agus gur lena toil a tharla.

Is dóigh liom, ainneoin an ghleo go léir ó Bharnados, an RCC agus Alan Shatter, gur breith cóir a bhí ann.

Ní hé gur dóigh liom go raibh an fear soineanta. Ná nach bhfuil ceisteanna le freagairt aige. Ach sa chás seo, ní éigniú a bhí ann. Bheinn i bhfách le dlí a d'fhágadh fear dá leithéid ciontach in oilghníomh. Ach ní bheadh sé tuilte aige a bheith brandáilte ina chiontóir gnéis, ar aon chéim le éigneoirí foréigneacha.

Is ag daoine eile atá ceisteanna le freagairt. Cén saghas cúram é ligean dod iníon faoi aois bheith ag ól le strainséirí agus í feistithe sa dóigh is gur chreid cách í bheith fásta? Tá ró-théisiulacht á dhéanamh ar ár n-aos óg, iad faoi bhrú cuma aibí a chuir orthu féin agus gníomhú amhail is dá mbeadh a dtoil chomh haibí lena gcoirp. Ar an sochaí i gcoitinne, sochaí atá ró thógtha le híomhá an choirp mealltach, foirfe, atá an locht.

Baineann an chás K eile leis an mbean a fuair aistriú fola in aghaidh a tola. Cás casta, aisteach. Is cosúil go ndúirt sí ar dtús gurbh caitliceach í, agus ar ball gur Finné Jehova í, dream atá in aghaidh aistriú fola ar bhonn morálta.

Ceist cigilteach atá ansin, agus nílim cinnte faoin mbreith.

Níor mhaith liom bheith i mo bhreitheamh in Éirinn inniu - tá an iomarca ceisteanna nach bhfuil réitithe ag an sochaí, agus ag an oireachtas arbh a dhualgas é, ag teacht ós comhair Breithiúna na hÉireann.