Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-05-28

Fuighle Loin na hInise


(Íomhá ó Wikimedia)

Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí le Séamas Mac Annaidh díreach críochnaithe agam. I ruathar seachtaine a léigh mé é - comhartha ar rud éigin é sin! Úrscéal le Flann O'Brien is mó a mheabhraigh sé dom, lena shnáitheanna éagsúla, osréalacha: agus an t-údar nó a athfhéin lárnach don scéal.

Tá sé breac le tagairtí liteartha, staire agus béaloidis; cuid acu a thuig mé agus níos mó (táim cinnte) a d'éalaigh orm. Bhí cúpla sáiteáin i dtreo lucht ró dháiríre na gluaisteachta ann chomh maith; tréith eile a bhí ag Myles.

Tá scéal Gilgamesh tábhachtach ann. Ar ábharaí an t-saoil, bhí leagan éigin den scéal sin léite agam cheana agus breac cuimhne agam air, nó bheinn ar strae ar fad.

Streachailt an ealaíontóra leis an síoraíocht, ag iarraidh an bás a chuir ar ceal, téama atá intuigthe fiú ag innealtóir cosúil liomsa!

Scríobh Séamas an leabhar seo agus é sna fichidí luaithe. Is trua nach bhfuair mé greim air agus mé san aois sin: is dóigh liom go bhfuil gnéithe de a mbaineadh an mise úd níos mó taitneamh astu ná mise anois.

Ach tríd is tríd, thaitin sé liom.

Is cosúil go bhfuil an leabhar as cló: Níl sé ag litriocht.com; ón leabharlann a fuair mise é.