Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-05-16

Spraoi sna Speiriní






Thug mé féin agus mo bheirt mhac ruathar ó thuaidh an deireadh seachtaine seo chaite, le teaghlach eile, chun páirt a ghlacadh in san deireadh seachtaine Gaelchónaí sna Speiriní atá á eagrú ag Gaelphobal agus Comhluadar le trí bliana anois.

Aneas linn mar sin, in am do chili chun carne a rinne Brídín agus Dolores - an dís a choinnigh bia linn an deireadh seachtaine ar fad. Murach iad agus Máirtín Ó Maolmhuaidh, eagraí éifeachtach Ghaelphobail, ní bheadh an deireadh seachtaine leath chomh sóúil, sochma.

Tráthnóna Aoine bhí oíche bhreá airneáin ann, ceol á mhealladh ó chách a raibh blas de ann.

Maidin Satharn bhí ard spórt san Halla Spóirt - a bhuaic i gcluiche iomána idir dornán
aithreacha agus scata gasúir. B'fhearr an teacht aniar a bhí sna paistí, agus b'iad a bhain ar deireadh. (Tá mo mhatáinse fós nimhneach...)

Tar éis lón flaithiúil, thug muid aghaidh ar
Pháirc Foraoise Ghleann an Ghoirtín.
Bhí meitheal faoi stiúir Mháirtín tar éis pictiúir d'ainmhithe a chuir i bhfolach sa choill, agus chuaigh muid sa tóir orthu. Ard smaoineamh a bhí ann; bíonn sé deacair freastal ar teaghlaigh a bhfuil paistí de gach aois acu, ó dhéagóirí go diúlcaigh - ach thug an seift seo dúshlán agus spraoi do chách. (Ní bhfuair muid an luchóg fós! Agus maidir leis an seangán...)

Thar nais arís go dtí an loistín sa Ghoirtín arís, agus babhta eile ceoil leis na hoirfidigh ón ngrúpa Craic. Arís, mheall siad ceol ón gcomhluadar go tiubh.

Maidin Domhnaigh, bhí an grian ag scoilteadh na gcloch, agus na paistí in ard ghiúmar ag innealtóireacht san sruthán.

Tar éis lón, scaipeamar. Ach beidh muid thar nais!
Mo mholadh agus mo bhuíochas ag Máirtin agus a dream a chuidigh leis, go mór mór Brídín agus Dolores.