Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-07-28

Cérinnecháin inmholta Túdaraigh

Bhí leabhar de dhíth orainn agus muid ar saoire, agus phioc muid suas "Dissolution" le C. J. Sansom. Ó shin tá an dara leabhar, Dark Fire léite agam freisin.

Dlíodóir - Matthew Shardlake - atá ina bhleachtaire san scéalta seo atá lonnaithe le linn réimeas Anraí VIII. San céad dá leabhair is ar son Thomas Cromwell atá sé ag gníomhú.

Duine spéisiúil é Shardlake. Tá cruit air, rud a bhfuil tionchar an-mhór ar a chaidreamh le daoine eile. Baineann sé le faicsin an athnuachan creidimh - ach is faoi thionchar Erasmus atá sé - idéalaí ar mian leis comhlathas Críostaí a fheiscint i réim.

Tagann claochló tuairimíochta air de bharr eachtraí na scéalta; lofacht an chórais faoi Anrai VIII, a rinne rudaí níos measa arís ná mar a bhí roimhe (bhí an eaglais sách lofa ag deireadh na meánaoiseanna de bharr ró bhaint leis an chumhacht saolta, na manaigh ach go hairithe ag teacht i dtír ar aineolas agus dóchas an phobail, agus a gcuid ab ina dtiarnaí feodacha) - ach d'fhág díscaoileadh na mainistreacha an daoscar slua spléach ar lucht gaimbín agus craois. Ní tháinig an tuar faoin dtairngreacht do Shardlake agus a chomh idéalaithe. Ach fanann a dhóchas go dtig leis mar dlíodóir maitheas éigin a dhéanamh ach an fhírinne a lorg agus a thabhairt chun solais.

Tá carachtar spéisiúla eile sna scéalta - ina measc Múrach ó Granada ar iompaigh a mhuintir ar an gCríostaíocht agus a bhí ina Mhanach. Lia a rinne staidéir i Lobháin ab ea é, ach nuair a discaoileadh a mhainistir, ní raibh áit ann san sochaí ach mar phoitigéir. Pápaire, mó nós fhéin - ach d'fhán cairdeas idir é agus Shardlake.

Ní mian liom na scéalta a loit, mar sin ní deirfidh mé níos mó!

Feictear domh go bhfuil na scéalta fite go healaíonta i stair an ré chorraithe sin. Beidh mé ag léamh liom. Agus fonn orm anois saothar Erasmus do léamh - fear a bhí ina réiteoir bealaigh don Athrú Creidimh, ach a d'fhan dílis d'Eaglais na Róimhe. Tá leabhar agam sa mbaile - d'amharc lucht na Comharseilbhe san Oirghearmáin ar dhaoine mar é mar cuid dá sinsir polaitíochta, mar sin chur siad a shaothar i gcló agus bhí cóip i measc na leabhair a bhí ag mo bhean.