Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-10-12

An bogearra a scáirt "Faolchú!"

Bíonn cuinsí ann ina dtarlaíonn fabht i gcóras riailaithe ag bogearraí. Uaireanta, is féidir leis an mbogearra teacht timpeall ar an bhfabht. Ach is minicí gur gá teachtaireacht a chuir chuig an oibritheoir - chuig pé duine atá ag maoirsiú an chórais.

Ní mór do theachtaireacht mar seo a bheith
  1. Cruinn maidir leis an gcúis
  2. Tráthiúl
  3. Riachtanach
  4. Iomlán - an t-eolas atá de dhíth chun an fabht a thuiscint a bheith leis nó infhaighte dá bharr.

Caithfear cuir san áireamh gur minic go leanfaidh fabht as fabht eile - ní mór a bheith cúramach gur an bun fhabht a thuairiscítear don oibritheoir, agus nach gcuirtear ar mhíthreoir é de dheasca an iliomad teachtaireacht maidir le hiarmháirtí tánaisteacha.

Thar aon rud eile, ní ceart teachtaireacht a sheoladh nuair is gnáth iarmhairt ar ghnáth obráid atá i gceist - bíonn a léithéid ann. i. Rud ar fabht é i gcuinsí áirithe, bítear ag súil leis faoi chuinsí eile.

Níl aon rud níos measa ná sruth de theachtaireachtaí rabhaidh gan aon bhaol a bheith ann gur fíor eachtra atá i gceist. Tá an baol ann go ndéanfar neamhaird ar fíor fhabht dá bharr.

Scéal cogaidh: Agus an ICE III á phromhadh, bhíodh an t-iliomad solais rabhaidh ag lasadh i gcrannóg an tiománaí. Chuir siad seo isteach chomh mór sin ar thiománaí áirithe gur chuir sé lipéid tharstu ar fad chun nach ndallfaí é. Ach ansin níor thug sé faoi ndeara go raibh doras gan a bheith dúnta - agus sciob an ghaoth an doras leis nuair a schroich an traen 300 km/h!

Is ceart mar sin go mbeadh fáil ag an oibritheoir teachtaireachtaí áirithe a scagadh agus a bhrú faoi chois nuair is gá - agus ba cheart don dearadh a bheith soiléir maidir le cúis, fathchiall agus leigheas aon fhabht - agus an t-eolas sin a bheith ar fáil go soiléir don oibritheoir.