Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-10-31

Litríocht agus Foclóir

Táim buíoch do Chrí ar Fóram Daltaí a tharraing m'aird ar an leabhar seo ar an Litríocht Cheilteach.

Leachtaí a tugadh ag comhdháil atá ann, ina measc léacht ag Alan Titley ar phrós na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá léacht thar a bheith spéisiúil ann le Seán Mac Corraidh - "Seiftiúlacht Sheosaimh Mhic Grianna Mar Aistritheoir".

Feictear dom an ceart a bheith aige, go bhfuil foinse téarmaíochta anseo nach bhfuil úsáid mar is ceart bainte as. Ní hamháin saothar an Ghriannaigh - ach na haistriúcháin uile, go háirithe iad siúd a rinneadh ag cainteoirí dúchasacha faoi scéim an Ghúm.

Tá Kevin Scannell ag obair ar togra ríomh aistriúcháin.

Ach an corpas aistriúcháin, móide na bunthéacsanna a aistríodh a bheith ar fáil don ríomhaire, shamhlóinn go mbeadh an-tairbhe le bhaint astu. Go hairithe sa chás go raibh teangacha seachas an Bhéarla i gceist.

Beidh orm greim a fháil ar leabhar Sheáin, ina chíorann sé an cheist níos doimhne.



Aguisín - tá roinnt obair ar seo déanta i dTobar na Gaedhilge, ina bhfuil roinnt leaganacha Béarla nó Fraincise de saothar atá ar fáil i nGaeilge Uladh.

2009-10-25

Ag réabadh Seanbhróg

D'fhreastail mé ar an dráma an tSean Bhróg aréir. Is san Cube in ionad ealaíona an Project a bhí sé. Sin spás measartha beag, a d'fhéil go maith don dráma seo ina raibh coirp, agus go háirithe dreacha na n-aisteoirí beagnach chomh lárnach leis na focail.

Thaitin an dearadh stáitse go mór liom, agus baineadh feidhm mhaith as fuaim agus solas.

Ach b'iad na haisteoirí croí an ruda. Thaitin carachtar Muiris - giolla ridire Normannaigh - go mór liom. Ba chliste an bealach an rinne sé idir a mháistir agus an Gael Tadhg a fuineadh agus a chasadh san treo inár mhian leis, agus ba chainteach a ghnúis lena linn. Bhí an bheirt eile ana mhaith freisin.

Fíodh nathanna seana chaite atá cloiste againn ar fad go glic tríd an téacs, agus chuir siad go mór leis an aoir. Aor a cheistíonn ár dtuiscint ar thús an concas, agus na ghaol chasta idir Gael agus Gall. Gan trácht ar an Éireannachas Galldaithe.

Beidh deis ag aoinne atá ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn freastal ar an ndráma. Molaim go mór díobh an deis sin a thapú! Éacht eile ó beirt Dharach - Ó Scolaí a scríobh, agus Mac Con Iomaire a léirigh. Tá an chliar trí chéile le moladh.

2009-10-23

Collaíocht agus Coiriúlacht

Is annamh mé ar aon tuairim le David Norris nuair atá collaíocht i gceist. Ach aontaím leis an méid a dúirt sé san Seanad ar na mallaibh.

Sa chás atá i gceist, bhí fear óg 19 bliana ag bualadh craiceann le cailín a bhí 16 - faoi aois na tola ag 17. Ach, más cruinn an tuairisc ar an gcás a bhí ag Carol Coulter san Times, b'é an fíric go raibh muintir an chailín i gcoinne an caidreamh an toisc gur cuireadh an coir ina leith in aon chor.

Anois, nílim i bhfabhar táth.

Ach tá ceisteanna le freagairt ag an SIP. Nuair a bhí ceist an fios collaí neamhdhleathach faoi chaibidil, in ndiaidh don Chúirt Uachtarach an dlí reatha a scoir de bharr é bheith ag teacht salach ar an mbunreacht, dúradh thar ceann Oifig an SIP go raibh i gcónaí bearna 8 mbliana i gceist i gcásanna a ionchúisíodh.

Seo anois áfach fear óg go bhfuil tréimhse 11 mí le cur isteach aige, agus doirse dúnta go buan air, toisc nár réitigh sé le muintir a chailín.

An coir é sin?

2009-10-22

An bhfuil muid san Domhan Nua Dána?

Tá dhá úrscéal cáiliúla a léiríonn frith-Útóipe.

1984 le George Orwell, agus Brave New World le Aldous Huxley. San alt seo maíonn Michael Kirke (iar oide liom, ach sin scéal eile) go bhfuil fís Orwell imithe as radharc don gcuid is mó den Domhan le titim an Réimeas Sóibhéadach. Ach go bhfuil muid píosa fada ar an mbóthar a chonaic Huxley.

Tá gné amháin atá rud beag difriúil, áfach. I bhfrith-Útóipe Huxley, tá rialtas cumhachtach Domhanda ann. Feictear dom go bhfuil rudaí níos casta ná sin.

Tá tionchar mhór ag oll-chomhlachtaí ar ár saol. Agus tá siad ag múnlú an sochaí ar mhaithe le brabach.

Féach, mar shampla, an alt seo a chíorann an feachtas chun vacsaín in aghaidh HPV a thabhairt do chailíní óga, ainneoin nach bhfuil fianaise ann go mairfidh an cosaint thar cúig bliana, agus go bhfuil an baol fo-iarmhairtí níos airde ná an baol ailse cheirbheacs, ar a laghad san Astráil. Agus nach dtéann an vacsaín i ngleci ach le cuid de na víreas ar féidir leo an galar a spreagadh.

Lón machnaimh.

2009-10-21

Athchóiriú Oireachtais

Tá athchóiriú Oireachtais faoi chaibidil arís, ó mhol Enda Kenny an Seanad a scor.

Is cinnte go bhfuil gá le hathchóiriú ó bhonn ar an Seanad. Seachas na Seanadóirí Ollscoile, is polaiteoirí a roghnaíonn an Seanad, fiú má bhíonn cead ainmniúchán ag grúpaí ar leith. Tá móramh buan ag an Rialtas, toisc gurbh é an Taoiseach a ainmníonn aonar déag as an seasca Seanadóir, agus gur minic móramh ag an Rialtas sa Dáil agus sna Comhairlí áitiúla arbh iad na toghthóirí.

Ach nílim i bhfabhar an Seanad a scor.

An chéad céim: tá sé thar am feidhm a thabhairt don Acht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht a ritheadh i 1979. Ceart Seanadóirí a thoghadh a leathnú amach chuig gach céimí.

Ba cheart feidhm cheart a thabhairt do na painéil, sa chaoi agus gurbh iad ceardchumannaithe, feirmeoirí agus rl a thoghann na Seanadóirí.

Ach tá níos mó práinn le athchóiriú Dála.

Táthar ag caint ar chóras liosta. Tá amhras orm faoi sin. Feictear dom ó shampla na Gearmáine gurbh iad na dea saighdiúirí páirtí a fhaigheann áit "sábháilte" ar an liosta.

Tá de bhuntáiste ag ár gcóras reatha gurbh iad na toghthóirí a roghnaíonn na teachtaí dála - mar dhaoine, seachas mar ball pháirtí. Faraor, tá an córas reatha lofa le cliantachas. Is é an fear is fearr a líonann poill sa bhóthair seachas an fear is fearr a dhéanfaidh leas an stáit.

Tá bóthar fada le dul sular mbíonn Oireachtas éifeachtach againn. Agus is faoi na toghthóirí dlús a chuir leis an athchóiriú sin.

2009-10-20

Gaeilge agus féiniúlacht

alt maith ag Aonghus Dwane san Irish Times inniu:

Na nithe is suntasaí atá le baint as scéal Gordon ná nach raibh timpeallacht fheiliúnach ann le blianta fada chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc phobal Phrotastúnach nó aontachtach (agus ní hionann an dá rud) na sé chontae ar bhealaí a d’fhreagair dá n-ionannas áite, dúchas agus cúlra creidimh agus nach raibh spásanna dóibh chun an teanga a shealbhú, dá mbeadh suim acu inti.
Ní mór a aithint go bhfuil cúinsí staire ag baint le seo. Rinne Gluaiseacht na Poblachta seilbh a ghlacadh ar Chonradh na Gaeilge, agus d'fhág Aontachtaithe an eagraíocht.

Agus ar theacht ann don stáit abhus, bhí an gné ar a dtugann Cailliomachas má-nuadachas i gceist freisin.(Féach Feasta na míosa seo) Leagan chúng den Chaitliceachas Rómhánach mar bhosca don Éireannachas, agus an Ghaeilge mar ornáid seachas mar gné lárnach. Ach í ina dhris chosáin dóibh siúd nach raibh sí acu.

Tá fhios agam go bhfuil daoine ann a bhfuil an Ghaeilge lárnach dá bhféiniúlacht náisiúnaíoch Éireannach. Agus glacaim leis gur seasamh bhailí atá ansin.

Ach is rud níos casta ná sin cultúr agus féiniúlacht dar liom, agus ní bhaineann an Ghaeilge le creideamh amháin, ná dearcadh polaitíochta amháin.

Is maith mar sin go bhfuil grúpa laistigh d'Eaglais na hÉireann a chuir chun cinn bealaí nua:

Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanann, an Bhreatnais agus an Choirnis bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin.
Ach caithfear na baic roimh aontachtaithe - agus go deimhin aoinne - ar mian leo an Ghaeilge a shealbhú a scoir. Agus ní laistigh dá bpobail féin amháin atá na baic seo.

Seachnaímis pacáistiú féiniúlacht! Aithnímis go bhfuil féiniúlacht an duine ilghnéitheacht, agus nach bhfuil aon ghné faoi leith faoi réir ag aon ghné eile.



Aguisín: In alt Ghabriel Rosentstock inniu tugann sé píosa ó fhile a scríobhann as Gearmáinís, ach nach Gearmánach í:

Tá teanga ar nós an ghrá, ar sí. Ní le héinne í. Tá sí saor, faoi mar atá an grá saor. Tá sí saor agus mór, ar nós an aigéin a gcothaíonn craobh-aibhneacha é agus nach mbeadh ann in aon chor murach iad.

2009-10-19

Drúchtín ballach agus Domhnaillín an Chlúimh

Ní bhíonn mórán fiadhúlra le feiscint amuigh ar na sléibhte in Éireann. Ach bhí an dís thuas fairsing go leor i gCorca Dhuibhne agus muid ann.

Is suimiúil an fheithid an Drúchtín ballach. Seachas i gCiarraí, is san Spáinn agus sa Phortaingéil atá an cineál seo le fáil. Dealraíonn sé gur i lasta báid a tháinig sé abhus, san uair sin go raibh trádáil idir Corca Dhuibhne agus an Spáinn chomh fairsing sin gurbh iad Spáinnis agus Gaeilge teangacha an Daingin. Deirtear gurbh iad na Spáinnigh a thóg Eaglais Naomh Séamas san Daingean. Bhíodh oilithreacht ón Daingean go Santiago de Compostela coitianta, agus b'é an eaglais sin Tús Scríbe dó. Ar ndóigh, cá bhfios nach le Clann Míle a tháinig an Drúchtín Ballach!

Maidir leis an bhfeithid eile, "Hairy Molly" atá agamsa air sa Bhéarla, ach fuair mé an leagan "Domhnaillín an Chlúimh" ó Mháire Ní Scannláin agus muid thiar. Deir Google liom gurbh larbha an Ruán Bhig atá i gceist leis.

Somers siúlach scéalach



B'é Dermot Somers a thug an príomhchaint ag Dinnéir na Sléibhteoirí san Daingean (mar a luaigh mé). Is iontach an reacaire é. D'inis sé scéalta faoin am nuair a bhí sé ag tosú amach ag dreapadh - ag am go raibh airgead gann agus trealamh trom. Bhí grianghraif aige ag léiriú an ocras a bhíodh orthu an uair sin, na rucsacanna móra troma (bhíodh ceann mar sin agam ar feadh seal agus mé sna déaga - sciobtha ó'm athair. Canbhás trom agus cruach). An chaoi go raibh siad beo sna hAlp ar an beatha a chaitheadh na turasóirí sa bhruscar. Tháinig siad sin suas ar an gcarr cábla, ach d'fhágadh an airde gan goile ansin iad. Bhain sléibhteoirí na hÉireann an súp as na lóin bhreátha a thug na hostáin dóibh!

Rinne sé ana chuir síos ar seal a chaith sé ag sclábhaíocht i monarcha buidéil i Londain, san teas agus sa chruatan. Chonaic sé alt nuachtáin faoi Bhile Ténéré - crann aonair i lár an Sahára, 400 km ó aon chrann eile. Níor raibh tuairim aige an uair úd go mbeadh deis riamh aige taisteal chuig áit chomh sceirdiúil sin. Ach, dar ndóigh, rinne. Thrasnaigh sé an Sahára leis na Tuareg mar chuid den srath Turais i mBaol. Tá cur síos ar a thuras i Rince ar na Ballaí freisin.

Bhí sé ag tnúth go mór leis an crann a feiceáil é fhéin. Ach monuar, bhí sé leagtha ag carr! Tá dealbh cruaiche ina áit, agus dhreap sé é sin!

Ach, gan amhras, sléibhteoirí a bhí i láthair, agus bhog sé ar aghaidh chuig scéal faoin bpobal Dolpo, a bhfuil clár déanta acu fúthu. (Thug sé níos mó eolais ná mar a rinne ar an ócáid a luaigh mé cheana).

Arís, turas le salann a bhí i gceist agus fánaithe ina bhun. Ach bhí gheacanna i gceist freisin, agus bhí sé barrúil agus é ag tarraingt na cosúlachtaí idir é a bheith a buachailleacht ba i Ros Comáin agus é Óg, agus é ag streachailt le gheac bradach ar taobh loch ghorm Phoksundo.

Ba léir a dhaonnacht agus a bháigh leis an bpobal seo. Bhí sé leis an teaghlach ar feadh an turas ar fad, inár bhuail tubaiste iad toisc go bhfuair an seanathair bás, agus go raibh ar a mhac a ionad a ghlacadh gan coinne. Bhí ana chuir síos aige ar spleodar na bpaistí, agus an slí a chuaigh an pobal ar fad i ngleic le cruatan. Ach ní raibh aon mhaoithneachas i gceist, agus ba léir dó - agus dóibh - go raibh deireadh ag teacht leis an tslí beatha de bharr foinsí eile salainn a bheith ag teacht chun cinn.

Rinne sé sár chuir síos ar baill an teaghlaigh, na paistí ach go hairithe, á léiriú le grianghraif ghrinn. Bheadh aithne éigin agat ar an dream arbh léir iad a bheith spraíúil, misniúl, ach éisteacht leis.

Luaigh sé freisin ceann de na comhtharlaithe sin a chuireann mearbhall ar theangeolaithe. Kagmara is ainm don bearnas is airde a thrasnaigh siad. Tá sé ainmnithe as na préacháin a fhaigheann bás agus iad ag iarraidh é thrasnú sa drochshíon. Mám Cág marbh?

Caithfidh mé greim a fháil ar an gclár!


Bile Ténéré, mar a bhí (i 1961) agus mar atá. Ó Wikimedia.

2009-10-18

Buille faoi Thuairim Ríomhchláraitheora

A bhuí le BorrowBooks fuair mé leabhar Johnny Chóil Mhaidhc - Buille faoi Thuairim Gabha - ón Leabharlann.

Leabhar filíochta atá ann, ach ní liric atá i gceist - ach filíocht phobail, cuir síos ar imeachtaí an Phobail. Do cathróir cosúil liomsa, bheadh feidhm le roinnt nodanna agus notaí! Ach bhain mé taitneamh astu, cé go raibh méid airithe nár thuig mé na tagairtí iontu.

Tá an réamhrá spéisiúil:

"Tá daoine ann inniu a thugann filí orthu fhéin, ach is daoine eile a thugann ormsa é"
Tá sé an ghéar ar filí an lae inniu:
"Tá siad ag rá go bhfuil siad nua-aimseartha, ach má tá bhí Ádhamh is Éabh nua-aimseartha. Craiceann uile é, agus gan aon chraiceann air."
"Cén mhaith dhomhsa véarsa a scríobh mura dtéann sé i gcló, agus cén mhaith é a bheith i gcló mura léitear é, agus cén mhaith é a léamh mura dtuigtear é? Cá bhfuil an léitheoir inniu a d'éireodh dhá thóin ag cuartú foclóir Dhuinnín le brí nó míniú na bhfocal a fháil? - amháin gur corr theach a bhfuil Duinnín ann"


Táimse, dar ndóigh, ar an mbeagán go bhfuil cóip de Dhuinnín agam, agus bainim feidhm as. Nílim go hiomlán ar aon fhocal leis, mar sin. Tá áit ann do na filí atá ag brú teorainn na teangain, agus ag athmhúscailt focla ón suain, ag cuir cló nua orthu. Ach tá leithéidí Johnny Chóil Mhaidhc, filí na bpobail bheo, cuimhne agus coinsias na bpobail sin, riachtanach. Ar dheis Dé, i measc filí na nGael go raibh sé.

(Tá an streachailt idir an file liteartha scoile, agus an file mar ghuth an phobail ag dul i bhfad siar. Ceann de théamaí an Cléireach a bhí ann)

Ite, Missa Est

Inniu Domhnach na Misean san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Agus dé hAoine bhí lá fhéile Naomh Gall ann. Bíonn an claonadh ionann na misean a cheangal le leithéidí Columbán agus Gall - fir láidre a thug an mairtíreacht bán orthu féin le grá do Chríost.1

Ach ní hé sin an scéal iomlán. Ag deiridh gach Aifreann, deirtear na focail thuas sa Laidin - níor tháinig siad slán sa ghnáth aistriú, faraor. "Imígí, tá sibh seolta" is brí leo - seolta chun an bronntanas luachmhar a thug Críost dúinn a thairiscint dár gcomharsan.

Thug an sagart inniu aitheasc fiúntach. Ag leagann béim ar an bhfíric seo, gur linn ar fad misean a dhéanamh. Ach bhí nath eile fite ina chuid cainte

Nemo dabet quod non habet
Ní thig leat an rud nach bhfuil agat a bhronnadh ar dhuine eile. Ní mór an creidimh a thuiscint chun í a roinnt. Staidéir, cíoradh agus scagadh a dhéanamh uirthi.

Agus, gan amhras, na focail a leagtar ar Naomh Proinsias a mheabhrú - Craol an soiscéal de shíor - i bhfocail nuair is gá. i. Is treise gníomh ná briathar.

Más duine creidmheach thú, bheadh sé mínádúrtha ar fad gan a bheith ag iarraidh an péarla luachmhar seo a roinnt le daoine eile. Mar sin, ní feidir geilleadh don tuairim gur rud pearsanta amháin an creideamh. Ach fós, is mithid meas a léiriú ar dhaoine eile. Níl ciall ar bith le bheith ag iarraidh creideamh - a bhronntar ag Dia - a bhrú ar dhaoine. Ach níl ciall ach chomh beag a bheith ag folú do chreideamh fhéin.


Aguisín - feicim anois nach bhfuil sé soiléir cad iad mo smaointe, agus cad é an méid a dúirt an sagart. Don gcuid is mó is mo smaointe atá thuas. Tá an mhír seo im cheann le tamaill, ach spreag an aitheasc mé lena chuid i bhfocail.


1 Tá cuid de Gaelscrínte i gCéin foilsithe anseo, agus plé ann orthu.

2009-10-17

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Aiste spéisiúil le Wolfgang Schäuble (Aire Intíre na Gearmáine) san Tagesspiegel:

Ní aonarán an duine. Tá sé spléach ar an gcomhphobal. Ní leor mar sin tuiscint ar an saoirse atá srianta do "cur suas lena laghad srianta agus is féidir"
Labhraíonn sé ar "fánaithe an 21ú aois", iad siúd atá ag obair go sealadach i dtír amháin, ach gan nasc acu le pobal na háite. Agus go bhfuil iarmhairtí aige sin don bpobal. Ach freisin nach d'inimircigh amháin atá seo srianta. Go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht agus luachanna, agus an cothromaíocht idir an Mhargadh agus an Stát.

An fhíor cheist córasach ná: Conas a éiríonn linn i Gheilleagair an Margadh, féachaint chuige go mbaintear feidhm go freagrach as Saoirse?

Béarla iodálach!


De ghnáth, bíonn an Ghaeilge i bhfógraí mar seo san cló iodálach. Mar sin, tharraing an comhartha seo mo shúil. Feictear dom an leagan i nGaeilge a bheith níos cairdiúla, freisin!

2009-10-16

Omós don bhFocal

Argóint in aghaidh na Blagadóireachta ag First Things.

Agus freasúra ón stábla céanna.

Tá pointí fiúntacha san dá alt.

Camchuairt Dhuibhneach

(Tiaracht, radharc ó Más an Tiompáin)

Bhíos fhéin agus Tiernán san Daingean ag freastal ar Thionóil Fómhair Sléibhteoireacht Éireann. Oíche Aoine, nuair a shroich muid an Daingean, bhí caint ar Sheandálaíocht na Leithinse ó Mhicheál Ó Coileáin. Is iontach an rud é éisteacht le duine go bhfuil idir eolas agus grá aige dá ghairm. Agus ba ullmhú mhaith a bhí ann don siúl - leag sé béim ar an bhfíric gur cuid den taobh tíre na hiarsmaí.

Chaith muid an oíche i mbrú i Bóthar an Dadhgaide, trasna ó gCafé Liteartha. Lána deas ciúin atá anseo i rith an lae. Ach, faraor, aicearra idir tábhairní atá ann istoíche! Ní chodlaím ró mhaith nuair nach bhfuilim i'm leabaigh fhéin - ach ba mheasa a chodail mé de bharr an challáin.

Maidin Satharn, thrasnaigh muid an Chonair i mbus agus tugadh go Srón Bhroin muid. Thart ar tríocha duine a bhí ar an siúlóid áirithe seo, agus Gaeilge ag thart ar leath - rud a d'fhág go raibh comhráití nádúrtha i nGaeilge ar siúl, agus tionchar dearfach aige ar idir cadhain aonair cosúil liomsa agus Bhéarlóirí. Ní minic a leithéid ag tarlú gan réamhullmhú!

Lean muid suas agus anuas na sléibhte fán gcósta ar feadh tamaill. (Agus tabhair suas agus anuas air - caol agus géar, duine i ndiaidh duine in áiteanna)

Lean muid líne an chósta go dlúth chomh fada leis an Sás. Bhí ceannairc bheag ann ansin. Ba duine é an treoraí a chreid nár cheart stopadh in aon chor, ach ithe "ar an gcrúb". Ach bhí bean láidir amháin a chuir stop leis. Bhí sí stiúgtha toisc go raibh sí tar éis tiomáint ó Tuaisceart Chiarraí an mhaidin sin, agus bhí a cuimhne ar leite na maidine ag maolú... Bhí lón bhreá againn i radharc an Sáis. (Is iontach an t-anlann an ocras. Ach is fearr fós aer úr sléibhe!)

Lean muid an cósta ar feadh seal, agus ansin bhuail muid le Slí Chorca Dhuibhne in Airghleann. Thrasnaigh muid an bearna idir Más an Tiompáin agus Piaras Mór. Bhí an fána sách géar, ach marcáilte go soiléir le cuallaí agus corr saighead bhuí ar chloch. Thuas ar bharr tá cloch oghaim - agus cros greanta air. (Ghlac mé grianghraf, ach bhí sé ceomhar, agus níl aon mhaith ann).

As sin chuaigh muid síos le fána i dtreo Cuas an Bhodaigh. Bhí an radharc aoibhinn thuas le feiscint againn, ó tharla gur ghlan an aimsir beagán. Thart ar sé uair a chloig san iomlán a thóg an siúlóid. Thart ar cúig uaire a thógfadh sé le grúpa níos lú, sílim. Ach bhí mé tuirseach go maith faoin am ar tháinig muid chomh fada leis an mbus.

Bhí dinnéar bhlasta eagraithe in Ostán Benners. B'éigin íoc as tré éisteacht leis an ghnáth cúpla focal ag na feidhmeannaigh, ach ina dhiaidh sin (agus ag druidim le meán oíche) thug Dermot Somers ana phíosa cainte uaidh. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Bhí debs na pobal scoile ar siúl, agus raic dá i mBóthar an Dadhgaide. Bhris diabhlán éigin fuinneog i lár na hoíche.



Tar éis Aifreann (Gaeilge) ar a naoi thug mé féin aghaidh ar Loch a' Dúin. Threoraigh Micheál Ó Coileáin siúlóid anseo. Tá an gleann lán d'iarsmaí ó gach aois - clocha maisithe, uaigh ciste agus ach go hairithe fallaí cosúil leis na cinn in Achaidh Chéide.

Bhí píosa airithe tochailte ag dream a raibh Micheál páirteach leo.



Bhí an siúlóid spéisiúil go maith, ainneoin gur fhliuch brádán go craiceann mé, geall leis. Bhí sé i gceist againn timpeall an locha a dhéanamh, ach bhí oiread uisce san eas nach bhfeadfaí an abhann a thrasnú, agus d'fhill muid ar an gconair chéanna.

Idir an dá linn bhí Tiernán ag dreapadh leis i mBaile na Buaille.

Bhain muid an taitneamh as an deireadh seachtaine.
Ana jab déanta ag Cumann Sléibhteoireachta Chorca Dhuibhne

2009-10-15

An Geal ina orlaí tríd an Dubh....

Cheannaigh mé leabhar Alex Hijmans, Favela, sa Chafé Liteartha agus mé sa Daingean. (Mar a tharlaíonn sé, ar turas go tír dúchais Alex a léigh mé é.)

Duine misniúil, spéisiúil é Alex. Duine a chíorann ceisteanna go doimhin, agus a scríobhann go cúramach. Duine díograiseach.

Tá - mar is dual dó - sár jab déanta aige leis an leabhar seo. Scéal a aistear phearsanta, de bharr grá, go croí pobal imeallaithe. Tá léargas ann ar shaol an phobail imeallaithe gorm sa Bhrasaíl. A stair. A slí beatha. A gcreideamh - an cumasc creidimh atá acu, agus eolas fíor spéisiúil ar an creideamh a d'eascair as creidimh na hAfraice - an Candomblé.

Ainneoin go ndeir Alex gur ainchreidmheach é féin, feictear dom bá agus tuiscint a bheith aige don gCandomblé. Agus daonnacht ina chaidreamh lena leannán agus lena phobal siúd.

Eachtra amháin a d'fhan liom ach go hairithe. Freastalaí gorm i dteach caifé a d'impigh air gan a leannán a bhreith leis chun na hEorpa - go raibh daoine éirimiúla cosúil le Nilton de dhíth. Fear gorm ón Favela atá ag freastal ar an Ollscoil. Ábhar ceannaire, amach anseo.

Guím gach ráth orthu, agus súil agam do dtiocfaidh borradh faoi chumas Nilton.

Saothar chúramach, fiúntach, snasta atá sa leabhar.

2009-10-14

Ródscéalta II

Busáras BhÁC
(Busáras. Íomhá ó Wikimedia)

Chaith mé dé hAoine ag dul aneas le mo mhac. Ar an mbus. Feiceann tú taobh eile den tír agus tú ar an mbus - seachnaíonn an bus na seachróid nua. Téann sé tríd lár na mbailte beaga.

D'fhág muid Baile an Chinnéidigh ar a hocht ar maidin. Ach b'é an gnáth turas comaitéireachta é sin. Lear mór d'aos léinn agus do daoir oifige ag dul isteach go COBÁC agus lár na cathrach fá seach.

Ó Bhusáras go Luimneach na Lann ansin. Tríd bailte bheaga le coilm imeachta an Tíogar Cheiltigh. Idir Bauruinen na heastáit folmha, agus siopaí tréigthe i lár na mbailte, scriosta ag na hionad ar na príomhbhóithre.

Bhí sé ag stealladh baistí, agus ceol feiliúnach ag fear an bus - fear catach, dorcha. Fado em mim le Mariza a bhí aige san seinnteoir CD. (Tá's agam toisc gur chuir mé ceist air!) Bhraith mé gur fheil an ceol uaigneach don aimsir ghruama agus an ród chasta tríd bailte beaga lár tíre.

Bhí briseadh i mBuiríos Mór Osraí, i dteach tábhairne. Seachas gurbh ó Oirthear na hEorpa an fhoireann, shílfeá go raibh an áit sioctha sna 1980í. Ceapairí leamha. Caife ar an toirt Nescafé. Gruama, dorcha, míshlachtmhar.

Téann an bus tríd cúlsráideanna go minic, de bharr nach mbíonn an stáisiúin traenach san ceantar mór le rá. Bhí sin sonrach i Luimneach go háirithe. Bhí rian streachailt an chathair sin le feiscint go soiléir - tithe dóite amach, le doirse agus fuinneoga dúnta le cruach meirgeach. Ach bhí comharthaí athnuachana ann, uaireanta béal doras leis na fothraigh. Tithe geala, deá dhaite. Súil agam go mbeidh an lámh in uachtar ag cosmhuintir Luimní ar na drongadóirí.

Bhí scata mic léinn ag filleadh abhaile as Luimneach go Ciarraí ar Bhus Trá Lí. Bean glórach ina measc, agus d'fhoghlaim mé faoi drabhlás aos léinn Luimní! Is cosúil go mbíonn cóisir bréigéide fairsing, ina measc cóisir le téama "Tamhlachta"

Géag deiridh an turais - bus an Daingin. Tharla gur bhuail muid i dTrá Lí le Diarmuid Ó Mathúna - fear dem cheird a chaith tréimhse fada le NASA. Chíor muid ceisteanna gairmiúla as Gaeilge. (Tá leabhar foilsithe ar na mallaibh aige. Bunaithe ar obair a rinne sé dhá scór bliain ó shin. Mór an trua nár bhláthaigh an ríomhaireacht mar ba cheart!). Ba gheall le bus scoile an bus seo, agus daltaí á scaipeadh aige idir Trá Lí agus Abhann an Scáil.

2009-10-08

Iarmhairtí

Alt fiúntach eile ag Alan Titley inniu.

Gan amhras, ní raibh mise ar aon fhocail leis maidir leis an gConradh.

Tá rud eile nach bhfuilim ar aon fhocal leis faoi - sé sin, nach raibh lámh ag Éireannaigh agus Gael i stair coilíneach na hEorpa.

Céard faoi - abair - Micheál Ó Duibhir? Nó Reginald Dyer? B'iad Éireannaigh agus Albanaigh cnámh droma na gcótaí dearga thar lear, ainneoin a d'fhulaing a gaolta sa bhaile ón airm chéanna.

Caithfidh muid an dubh agus an gheal inár stair chasta a ghlacadh le chéile.

Carcar na Leabhair

Luaigh mé ar na mallaibh go ndúradh liom "gach leabhar Gaeilge atá i gcló" a bheith ar fáil i gCartlann na Cathrach.

D'fhiosraigh mé an scéal níos doimhne, agus seo an fhreagra a fuair mé:
Tá a lán leabhar Gaeilge againn sa Leabharlann, go speisialta aon leabhar a bhfuil baint aige le Baile Átha Cliath nó le hÉireann. Caithfear na leabhair atá againn a léamh anseo sa leabharlann, mar nach bhfuil siad ar fáil ar iasacht. An bhfuil leabhar faoi leith a bhfuil suim agat ann? B'fhéidir go bhfuil sé againne, ach d'fhéadfadh go mbeadh cóip ar fáil ar iasacht i gceann eile de leabharlanna phoiblí na Cathrach.

Chun nithe a fheiscint anseo, is gá duit clárú le haghaidh cárta taighde ar dtús agus ina dhiaidh sin pé rud atá uait a iarraidh trí foirm iarratais a chomhlánú. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an suíomh idirlín. Is féidir an chatalóg a chuardach ar líne chomh maith.
Is maith an méid sin, ach fágann sé sin níos fusa é iasacht leabhair i nGearmáinis ná i nGaeilge a fháil i mBaile Átha Cliath.

Saoithíneacht agus Máistreacht

Dhá dhearcadh contrártha i leith riailacha is ea Saoithíneacht agus Máistreacht.

Saoithíneacht is ea riail a chuir i bhfeidhm de réir brí na litreach, go righin, gan cheist, i gcásanna ina n-oireann sé, agus i gcásanna nach n-oireann sé. Is trúain roinnt saoithíní. Níor thuig siad ariamh an riail atá a chuir i bhfeidhm acu go ró-chonsiasach agus lena laghad idirdhealú. Bíonn an rath ar roinnt saoithíní - thuig siad an riail ar dtúis (sular éirigh siad ina saoithíní), agus roghnaigh siad ceann a oireann go minic agus nach dteipeann air ach go hannamh.

Máistreacht is ea riail a chuir i bhfeidhm le saoráid nadúrtha, le breithúnas, ag tabhairt faoi ndeara na cásanna ina bhfeileann sé, agus gan ligean do focail an riail cuspóir an ghnímh ná deiseanna an stáid a fholú riamh.

Is féidir le idir lucht fadhbanna a leigheas agus oidí araon cabhair a fháil i moltaí agus ceisteanna ár liosta. Ach, ar dtús, ní mór iad a thuiscint, a gceart úsáid a fhoghlaim, agus a fhoghlaim trí bhithín modh na trialach agus éarráide, tríd teip agus bua, tríd taithí á gcur i bhfeidhm. Sa dara háit, ní ceart dá n-úsáid a bheith saoithíneach ariamh. Ní cheart duit aon cheist a chuir ná moladh a dhéanamh as éadan, ag leanacht nós righin ar bith. Bí ullamh do cheist ar bith nó moladh ar bith agus bain feidhm as d'acmhainn breithúnais. Tá ceist achrannach agus spreagúil idir lámha agat; ba cheart don chéim, a bhfuil tú ar tí triail a bhaint as, eascrú as tuiscint aireach aigne oscailte ar an fhadhb romhat. Is mian leat cabhrú le dalta - ba cheart do'd leid eascrú as tuiscint bháidhiúl dá dheacrachtaí.

Agus má tá claonadh chun na saoithíneachta ionat agus gá agat dá réir braith ar riail éigin, foghlaim an ceann seo

Bain feidhm i gcónaí as d'inchinn fhéin i dtosach.

(as Polya, How to Solve It. Saothar a fuair ard mholadh ó Edsger Wybe Dijkstra, rud a tharraing m'aird air. Tráchtas ar conas fadhbanna maitimaitice a réiteach go córasach. Tá acoimhre aon leathanaigh de mhodh ann - dó sin an tagairt thuas do "liosta")

2009-10-07

Gníomh is ea creideamh!


Spreagtha ag mír Dennis faoi amhras agus cinnteacht.

Chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí creidimh, is dóigh liom gur cirte Ferr astud amairis. Tá caidreamh - le Dia - i gceist le creideamh, agus is muinín i nDia a thugann cinnteacht. Scriosann amhras caidreamh.

Is fíor go bhfuil ró-chinnteacht baolach. Ach sa chás seo, is dóigh liom go bhfuil fiúntas le Geall Phascal - gur fearr maireachtáil amhail is go raibh Dia ann. Deir Pascal gur gá an nós a bheith againn, agus go leanann an creideamh an nós.

Pléann an Pápa (i Spe Salvi uimh 7) le sainmhíniú Phól ar Chreideamh "Est autem fides sperandarum substantia rerum, argumentum non apparentium" (Eabh 11:1 Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid).

Luann sé Tomás Acúin a chíor an ceist san Summa Theologica. Cuireann seisean toil agus intleacht san áireamh agus é ag cíoradh ráiteas Phól.

Scríobh C.S. Lewis aiste "On Obstinancy in Belief" ag léiriú an difríocht idir cinnteacht sa Chreideamh, agus an amhras is dual d'eolaí - agus arís, is croí na ceiste ná gur caidreamh le pearsan - le Dia - atá sa chreideamh.

Agus, sa ghrá, Ferr astud amairis!



Der Zweifler le Ernst Barlach. Aimsithe ar Wikimedia, curtha ar fáil ag an Deutsche Fotothek.

2009-10-05

Béarla is Béarlagar

Nuair a d'aimsigh an duine an focal céadraí,
Nuair a d'aimsigh gach ní de réir a chinéil:
Ainmhí, rud, is gach ball oirnéise,
D'fhás anall chugainn Béarla.

Nuair a d'aimsigh an duine téarma
Neamhdhuinigh é féin den léim sin,
Tháinig béarlagar ar áit an Bhéarla:
Mairg nár choill an feic sular fréamhaigh.


(Máirtín Ó Direáin, Crainn is Cairde, 1970)


Is é príomhuirlis an innealtóra agus an eolaí a theanga oibre. Go deimhin, is beag gairm daonna nach bhfuil an chaidreamh - an chaint - lárnach ann.

Dúirt Dijkstra tráth:
Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an t-acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.
Ach is minic muid gafa le noda agus téarmaí (a cheapann muid) go dtuigimid féin iad - ach a chuireann dris cosain idir an ábhar agus iad siúd lasmuigh de dhoirí na gairme. Ní hamháin sin, ach uaireanta ceileann siad tuiscint cheart ar an ábhar. Má tá an teibiú a dhéanann muid - an samhail simplí de cheist casta - ró shimplí, ní leigheasfear an cheist ceart. Agus seans nach dtabharfaidh muid é sin faoi ndeara!

Is cuimhin liom léamh uair amháin faoi ollamh a d'iarr ar mhac léinn dá chuid ábhar a thráchtais a mhíniú dó amhail is nach raibh seilbh ag an ollamh ar noda na matamaitice. Ar deireadh, b'éigean don mac léinn a admháil nach raibh a thuiscint féin cruinn go leor chun é sin a dhéanamh.

Rinne George Orwell grinn anailís ar an ngaol idir teanga agus ciall ina aiste "Politics and the English Language".

Caithfear cúram a dhéanamh de shoiléire san scríobh. I gcás na Gaeilge, tá baol ann go mbáfar muid faoi rabharta meamraiméise - béarlagar Bhéarla tiontaithe go Gaeilge, agus gan tuiscint ag aoinne ar chroí na ceiste!

Is maith ann an Coiste Téarmaíochta, agus Focal.ie. Ach fós is mithid scagadh, smaoineamh agus simpliú!

2009-10-02

A Aingeal ghil Dé


Bhí Hilary ag caint faoi "Aingeal na Faire" ar na mallaibh.

Inniu lá fhéile na nAingeal Coimhdeachta.

Luaitear go sonrach i soiscéal an lae inniu iad (Matha 18:1-5. 10):

Ach “Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n-aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.
Bhí a lán le rá ag an Dochtúir Ainglí faoi na hAingeal.

Maidir liom féin, is eagal liom go gcuireann m'easpa samhlaíochta bac orm. Ach deirim fós an paidir seo le m'iníon:

A Aingeal ghil Dé,
cuir mé faoi do smacht,
mar d'ordaigh Mac Dé ina reacht,
seas le mo thaobh gach am den lá,
Soilsigh, is cosain, is seol mé slán.



Der Geisteskämpfer, le Ernst Barlach, ó Wikipedia. Tá an dealbh seo gar don áit ina raibh cónaí orm thall.

Blag bhlag


Tá sé beagnach ceithre bliana ó chéad scríobh mé sa chrannóg baoise seo. Tá an bhlag a spreag mé an uair úd imithe, gafa ag turscairí. Ach tá tuilleadh tagtha ar an bhfód ó shin. Agus, mar is léir ó mhír Áine inniu, táimid ag spreagadh a chéile.

Blaganna ag cur le blag ar bhlag.... (Féach DIL faoi bhlag!)

Tréaslaím a bhua san Oireachtas le Tadhg - cuireann a Gharraí siúd go mór leis an gcúinne seo d'iothlainn na Gaeilge. Súil agam go spreagfar níos mó le cuir chun méarchláir!

Scór go leith bliain ó shin....


um an dtrátha seo a bhí Eoin Pól II - Eoin Pól Mór - inár measc in Éirinn. Saol eile, tír eile. Tús a réim a bhí ann, agus é lán de spleodar agus fuinneamh, gan aon rian de na galair a tháinig air ina dhiaidh sin. Bhí muid soineanta faoin Eaglais agus an saol an uair sin. Féach go raibh roinnt cléirigh a nochtadh mar fimínigh ina dhiaidh sin lárnach ina chuairt.

Bhí mórán le rá aige linn, cuid de fáidhiúil go maith. Dúirt sé linn go raibh muid ag gabhal sa bhóthair - agus mhol dúinn gan ró aird a thabhairt ar an ábharachas. Ní dhearna muid rud air, agus féach an toradh a bhí air sin!

Chonaic mé go ndúirt sagart airithe Aibhistíneach (a bhíonn in achrann leis an gcliarlathas go minic) nach raibh i gcúirt an Phápa ach "cealg deiridh foiche ag bású". Is fíor go bhfuil íonghlanadh de dhíth ar an Eaglais, ach ní ag bású atá sí.

Bhí ar chomharba i bPoblacht na Seice na laethanta seo, agus i gcuir síos a scríobh John Allen dúirt sé gurbh ana léiriú ar "ceartchreidmheacht dearfach" a bhí ann.

Tá breac chuimhne agam ar chuairt Eoin Pól - bhí mé i measc an ollslua i bPáirc an Fhionnuisce. Is fearr mo chuimhne ar a thuras go Beirlín i 1996, agus ar dhá thuras a thug mé féin ar an Róimh.

Ach tá a theagasc linn i gcónaí. Táthar ann a mhaíonn go mbeidh sé, de cheart, ina measc siúd a tugtar "Dochtúirí na hEaglaise" orthu - na mná agus fir sin a chuir go mór lenár dtuiscint. Más féidir linn, mar Eaglais, tarraingt as tobar a theagasc, ag dul níos faide ná na cinnlínte sna nuachtáin agus na conspóidí saorga, go dtí an teagasc dearfach - an soiscéal - beidh muid in ann ár leas fhéin agus leas an bpobal i gcoitinne a dhéanamh. Fiú muna mbíonn muid ach inár "mionlach chruthaitheach" - tá sé de dhualgas orainn a bheith inár salann. Ní maith an rud é an iomarca salainn!

Aguisín - Tuairim spéisiúil ag John Waters inniu: