Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-10-19

Somers siúlach scéalach



B'é Dermot Somers a thug an príomhchaint ag Dinnéir na Sléibhteoirí san Daingean (mar a luaigh mé). Is iontach an reacaire é. D'inis sé scéalta faoin am nuair a bhí sé ag tosú amach ag dreapadh - ag am go raibh airgead gann agus trealamh trom. Bhí grianghraif aige ag léiriú an ocras a bhíodh orthu an uair sin, na rucsacanna móra troma (bhíodh ceann mar sin agam ar feadh seal agus mé sna déaga - sciobtha ó'm athair. Canbhás trom agus cruach). An chaoi go raibh siad beo sna hAlp ar an beatha a chaitheadh na turasóirí sa bhruscar. Tháinig siad sin suas ar an gcarr cábla, ach d'fhágadh an airde gan goile ansin iad. Bhain sléibhteoirí na hÉireann an súp as na lóin bhreátha a thug na hostáin dóibh!

Rinne sé ana chuir síos ar seal a chaith sé ag sclábhaíocht i monarcha buidéil i Londain, san teas agus sa chruatan. Chonaic sé alt nuachtáin faoi Bhile Ténéré - crann aonair i lár an Sahára, 400 km ó aon chrann eile. Níor raibh tuairim aige an uair úd go mbeadh deis riamh aige taisteal chuig áit chomh sceirdiúil sin. Ach, dar ndóigh, rinne. Thrasnaigh sé an Sahára leis na Tuareg mar chuid den srath Turais i mBaol. Tá cur síos ar a thuras i Rince ar na Ballaí freisin.

Bhí sé ag tnúth go mór leis an crann a feiceáil é fhéin. Ach monuar, bhí sé leagtha ag carr! Tá dealbh cruaiche ina áit, agus dhreap sé é sin!

Ach, gan amhras, sléibhteoirí a bhí i láthair, agus bhog sé ar aghaidh chuig scéal faoin bpobal Dolpo, a bhfuil clár déanta acu fúthu. (Thug sé níos mó eolais ná mar a rinne ar an ócáid a luaigh mé cheana).

Arís, turas le salann a bhí i gceist agus fánaithe ina bhun. Ach bhí gheacanna i gceist freisin, agus bhí sé barrúil agus é ag tarraingt na cosúlachtaí idir é a bheith a buachailleacht ba i Ros Comáin agus é Óg, agus é ag streachailt le gheac bradach ar taobh loch ghorm Phoksundo.

Ba léir a dhaonnacht agus a bháigh leis an bpobal seo. Bhí sé leis an teaghlach ar feadh an turas ar fad, inár bhuail tubaiste iad toisc go bhfuair an seanathair bás, agus go raibh ar a mhac a ionad a ghlacadh gan coinne. Bhí ana chuir síos aige ar spleodar na bpaistí, agus an slí a chuaigh an pobal ar fad i ngleic le cruatan. Ach ní raibh aon mhaoithneachas i gceist, agus ba léir dó - agus dóibh - go raibh deireadh ag teacht leis an tslí beatha de bharr foinsí eile salainn a bheith ag teacht chun cinn.

Rinne sé sár chuir síos ar baill an teaghlaigh, na paistí ach go hairithe, á léiriú le grianghraif ghrinn. Bheadh aithne éigin agat ar an dream arbh léir iad a bheith spraíúil, misniúl, ach éisteacht leis.

Luaigh sé freisin ceann de na comhtharlaithe sin a chuireann mearbhall ar theangeolaithe. Kagmara is ainm don bearnas is airde a thrasnaigh siad. Tá sé ainmnithe as na préacháin a fhaigheann bás agus iad ag iarraidh é thrasnú sa drochshíon. Mám Cág marbh?

Caithfidh mé greim a fháil ar an gclár!


Bile Ténéré, mar a bhí (i 1961) agus mar atá. Ó Wikimedia.