Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-02-08

Lón machnamh ó Matt Hussey


Tá an leabhar An Forthéamh Domhanda le Matt Hussey léite anois agam.

An cáineadh ar dtús: is trua nár déanadh cúram níos fearr de leagan amach an leabhar. Níl oiread agus léaráid amháin ann. Téacs reatha ar fad atá ann, le teideal an-fhada ar na codanna. Ní leagtar amach cothromóidí ar bhealach a shoiléiríonn iad.

Nílim iomlán cinnte gurbh gníomhartha daonna amháin is cionsiocair leis an athrú follasach aeráide atá ann. Tá curtha le'm amhras de bharr gníomhartha mí stuama cuid acu siúd atá ag craobhscaoileadh teagasc an "Téamh Domhanda Duine-ginte". Ach tá rud éigin ag tarlú. Agus fiú mura mbeadh, tá cúiseanna maithe caitheamh ar bhealach níos stuama leis na hacmhainní nádúrtha atá againn. Tá a leithéidí déanta cheana, agus léargas san leabhar orthu: chuaigh muid i ngleic san Eoraip leis an truailliú a bhí ag scrios ár gcathracha agus aibhneacha - agus is fearrde muid dá bharr. Monuar, chuir muid roinnt de na fadhbanna thar tonn - go háirithe go dtí an tSín agus an India mar a bhfuil borradh mór faoi déantúsaíocht - ar choinníollacha a bheadh doghlactha againne san Iarthar - ach go bhfuilimid breá sásta teacht i dtí ar na hearraí ar chostas íseal a ghintear dá réir.

Tá eolas sa leabhar faoi na cúinsí a fheictear a bheith leis an athrú aeráide, na tionchair éagsúla, agus na ceisteanna atá le réiteach. Tá plé - a shílim a bheith measartha ionraic - ar cheist chasta na bithbhreoslaí agus na hiarmhairtí neamhbheartaithe a bhí ag socraithe an Iarthar cuir leis na méid bithbhreosla a bhí in úsáid acu - ardú i bpraghsanna beatha, mar shampla.

Tá gné amháin den leabhar nach n-aontaím leis. Dar leis go bhfuil ceangal idir ardú daonra agus ardú astacháin. Ach níl an ceangal sin ann. Tá fás thar chuimse, mar shampla, ar astacháin na Síne - ainneoin polasaí docht "aon linbh" atá ag cothú fadhbanna dóibh. Tá titim ar dhaonra an Iarthair, go hairithe an daonra dúchasach san Eoraip - ach mar is léir ón léaráid thuas, is san Iarthar atá an fhadhb is mó le hastacháin.

Cinnte, mar a thagann forbairt chun cinn san gcuid eile den Domhan, beidh úsáid acmhainní níos mó ansiúd freisin - ach má thagann muid ar freagraí cliste ar na dúshláin, ba cheart go mbeadh muid in acmhainn cúinsí beatha a fheabhsú abhus agus thall, gan cur leis na deacrachtaí atá againn.

Agus tá dóchas agam gurbh amhlaidh a bheidh, cé go mbeidh sé mall agus is cinnte go mbeidh tubaistí ar an mbóthar ann.

Tríd is tríd is achoimre maith ar an gceist leabhar Matt, agus tagairtí ann do cáipéisí eile chun dul níos doimhne sa cheist. Is fiú é a léamh.



An Forthéamh Domhanda
Matt Hussey
Coiscéim 2009
136 lth.

Íomhá: Astacháin CO2 per capita. Beagán as dáta - tá an tSín agus an India ardaithe go mór le blianta beaga anuas, cé go bhfuil an ráta per capita fós i bhfad níos ísle ná san Iarthar.