Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-07-14

Baol siopaí leabhair don leabharbhách

Bhíos i mBré Dé Satharn (ar mo shlí go dtí an leabharlann, mar a tharlaíonn sé) nuair a chuaigh mé thar an siopa leabhair dara láimh. Bhuail leabhair san fhuinneog forrán orm agus mé ag dul thart.

"An Máirnéalach Dubh", le Joseph Conrad, aistrithe ag Seosamh Mac Grianna. Shlog mé an baoite agus chuaigh isteach ag cuir ceiste faoi. Dúirt fear an siopa go raibh breis aige i mbosca. Buíochas le Dia go raibh m'iníon liom - d'éalaigh mé gan ach ceithre leabhair a cheannach, ar €15.

Sa bhreis ar an Máirnéalach Dubh, fuair mé Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire, agus Imleabhar I de leagan Ghaeilge na linne seo ar rinne Pádraig De Barra "Agallamh na Seanóirí". Faraor, ní raibh aon imleabhar eile aige - dúirt sé go raibh scoth na leabhair imithe cheana féin.

Agus ansin leabhrán beag spéisiúil - "Lòchrann an Anma Leabhar-Ùrnaigh Caitliceach" - i nGaeilge na hAlbain, a foilsíodh i nDùneideann i 1906.

Croch mé liom é de bharr an tiomnú lámhscríofa a bhí ann - "Bronnadh é seo le fíor mheas ar Thomás Ó Deirig Aire an Oideachais ag Seaghan Mac Guaire C.S.S.R"

Go deimhin, níor thug mé faoi ndeara gur Gaeilge na hAlbain a bhí ann go dtí ar ball. Tá roinnt sleachta ana bhreá ann a bhfuil rún agam iad a roinnt libh amach anseo. Abair fileata!

Rud eile spéisiúil - ainneoin gurbh i 1933 a foilsíodh "An Máirnéalach Dubh", is sa chló Rómhánach atá sé.

Uaimh seodra seachas ladrainn ab ea an siopa an uair seo - tá na leabhair uilig i staid fíor mhaith.