Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-05-19

Fánaíocht Aonghusa: Ó Moinéar an Teorainn go dtí an Teile Ard

Agus mé thall, thapaigh mé an deis cuairt a thabhairt arís ar an Eilvéis Boihéimeach. Ceantar atá anseo ar chaith mé cuid mhaith ama ann agus mé ag cur aithne ar mo bhean - tá mo chuimhní báite i gceo órga na suirí mar sin. Mar sin féin ní raibh díomá orm faoi m'athchuairt. 
Thug mé féin agus mac liom aghaidh ó dheas ar an traein ón príomhstáisiún nua i mBeirlín - ábhar mír eile ansan - go cathair Děčín, díreach soir ón nGearmáin ar an Labe (Elbe). Turas thart ar trí uair a chloig. Tá an tSeic anois ina bhall de Chomhaontú Schengen, mar sin shleamhnaigh muid thar teorainn - ní rabhas fiú cinnte go rabhamar ann go dtí gur tháinig muid chomh fada leis an stáisiúin i Děčín. I gcónaí roimhe bhí orm pas a thaispeáint roimhe sin.
Ní raibh fúm mórán ama a chaitheamh ann, ach de bhrí go raibh orm airgead Seiceach a fháil don bhus, agus nach bhfuair mé ach nóta mhór amháin ón UMB, b'éigean dúinn dhá uair a chaitheamh ann sular éalaigh muid le bus. Bhí dearmad déanta agam go raibh an cuid is deise den gcathair ar an mbruach eile den Labe. An chéad uair eile, seans.
Thug an bus muid go Mezní Louka, thar Hřensko. Ceantar turasóireachta le breis agus céad bliain atá anseo, agus cosain siúlóide deá-mharcáilte gach áit. Shiúil muid ar an chonair ghorm ó Mezní Louka go dtí Vysoká Lípa. Siúlóid thart ar uair a chloig, síos isteach i ngleann coillteach agus suas arís.
Bhí sé i gceist agam cur fúm arís i Pod Lípou, mar a rinne cheana. Ach ní raibh aon socrú déanta agam, agus ní raibh aoinne ann romham. Bhí an cuma air go mbeadh muid ag codladh faoin spéir - bhí gach áit lán nó iata romhainn. Bhí muid stiúgtha leis an ocras, ach bhí cistineacha na tithe tábhairne dúnta má bhí na tábhairní féin oscailte - rud nach raibh i ngach cás. (Bhí sé 8 i.n ar Domhnach faoin dtráth seo). Buíochas le Dia fuair muid lóistín i mboth san Ionad Campála Mosquito. Níos fearr fós, bhí idir bia agus deoch fós ar fáil ann. Ba bhlasta an anraith gúlais agus ba mhilis an beoir!

Ar lean...

Táim ag dul sa tseans le mo logainmníocht Mezní Louka -> Moinéar an Teorainn; Táim measartha cinnte go bhfuilim ceart faoi Vysoká Lípa bheith ina Theile Ard áfach.