Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-10-15

Fuinneoga ar shiopaí liteartha na Gaeilge

Bhí mé i mo aoi ag Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge a bhí ann mar chuid de de fhéile IMRAM aréir, in éineacht le Máire Burns, Ali Ní Dhorchaidhe agus Alex Hijmans (a bhuí le Skype) - agus Scott de Buitléir ina fhear an tí ag cuir ceisteanna orainn. Bhí blagadóirí eile san lucht féachana (1, 2 mar shampla) agus tuairisc ag an gCnagaire cheana féin. Bhí sé go deas bualadh le daoine nach raibh agam roimhe seo ach ríomhaithne, nó níos lú fiú. Ní tuairisc a bheidh anseo, ó tharla go raibh mise i'm aoi agus ní ceadmhach do dhuine bheith ina bhreitheamh ar a chás féin!
Ach chuala mé roinnt smaointí fiúntacha aréir ar mithid iad a roinnt agus a spíonadh; agus bhí corr rud maidir le litríocht, blagadóireacht agus an idirlíon a bhí fúm a rá ach nach raibh an faill agam chuige.
Uaidh Alex a ghoid mé teideal an mhír seo - bhí sé ag trácht ar a bhlag (agus an feachtas gnúisleabhar a bhí aige do Aiséirí ). Bíonn Alex beo ar a chuid scríbhneoireachta, idir iriseoireacht agus ficsean, agus baineann sé feidhm as a bhlag ilteangach chun a chumas a léiriú. (Dúirt sé rudaí deasa faoi mo nós leabhair a mholadh sa chrannóg seo freisin). Agus is cinnte gur bealach amháin é sin a chuireann an Bhlagtacht le Litríocht na Gaeilge - tríd an scéal scaipeadh.
Bhí ana shuim agam san méid a bhí le rá ag Máire Burns faoi ngrúpa facebook "Gaeilge amháin"; pobal ar líne a bhíonn ag plé gach rud san spéir as Gaeilge, agus breis agus ocht gcéad duine cláraithe leo - agus idir caoga agus seasca duine ag scríobh ann gach lá. Ní bheidh mé féin ag dul ina measc - tá drogall orm éirí gafa le poll ama eile, ach is maith ann iad. Tá dornán beag daoine, Máire ina measc, ag feidhmiú mar riarthóirí ar an ngrúpa, agus ag cuir an t-aon riail atá acu i bhfeidhm - "Gaeilge amháin" - ar mhaithe le cur suas do bhrú uileláithreach an Bhéarla.
Fós sílim, ainneoin filíocht agus fiú úrscéalta de chuid Phanu a bheith á fhoilsiú ansiúd, gur le litearthacht sa Ghaeilge seachas le litríocht na Gaeilge atá siad ag cur. Tharlódh breall a bheith orm, ach sílim nach buan mórán ar líne. Ach is féidir fiosracht daoine a phriocadh, agus iad a stiúradh i dtreo na litríochta, ainneoin go bhfuil léamh leabhair ag titim i gcoitinne.
Ní shin le rá nach bhfuil litríocht ar bith á shaothrú ar líne - sílim go bhfeadfaí litríocht a thabhairt cinnte ar shaothar Míshásta, a tosaíodh ar chlár plé Chumasc, agus atá anois á shaothrú ó am go chéile ar bhlag. Agus bíonn filíocht ar bhlaganna eile. Feileann filíocht níos fearr don idirlíon, sílim, toisc gur annamh go léann daoine sleachta fada ar líne; ach tig le dán cúpla líne saibhreas a roinnt.
Tríd is tríd, sílim nár éirigh linn aréir ach screamh na ceist a scríobadh; tá súil agam gur bhain an lucht éisteachta tairbhe éigin as - bhí slua maith san amharclann.