Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-11-29

Futa fata féasta

Tá rudaí thar a bheith spéisiúil ar bun ag Tadhg le Futa Fata le blianta beag anuas. Is breá liom an cur chuige straitéiseach atá acu - ag cur tús le réimse nua le haistriúcháin chun tuiscint a fháil don margadh, agus ansin bunábhar as Gaeilge a chuir ar fáil. Agus margaí a aimsiú don ábhar sin thar lear - chomh fada soir leis an gCóiré
Braithim go bhfuil an t-ádh liom iníon a bheith agam atá ag fás aníos ag am go bhfuil an forbairt seo ar leabhair ar bun ag Futa Fata! Tá nóta nó dhó scríofa agam cheana orthu:
Ó thaobh an aistriúcháin de, tá Futa Fata fillte ar an nós ciallmhar a bhíodh ann; sé sin, aistriú ó theangacha seachas an Bhéarla. Anois agus iad ag druidim le aoisghrúpaí níos sine, agus leis an déagóirí gur beag freastal a dhéantar orthu, tá dóchas agam go gcloífí siad leis an nós seo agus go gcuirfear saothair thaitneamhacha ar fáil nach mbeidh sean léite cheana ag léitheoirí óga na Gaeilge rompu.
Bheadh sé dodhéanta léirmheas chuimsitheach a thabhairt fiú ar an sciar den saothar atá i mo sheilbh, gan trácht ar an saothar iomlán. Ba mhaith liom rud nó dhó a lua, áfach. I dtosach báire, an ceol agus na rannta; dlúthchuid dár fuaimriain is ea iad - Gugalaí Gug, Ceol na Mara, Bliain na nAmhrán agus Peigín Leitir Móir.Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinne atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge sa Ghalltacht go gcloiseadh ár gcúram guthanna eile Gaeilge seachas ár gcinn. Agus sna dlúthdhioscaí seo tá guthanna óga agus aosta ón nGaeltacht thiar, le rannta agus amhráin sean agus nua, ceolmhar so fhoghlama blasta. Taisce!
Ós ag caint ar ghuthanna muid, táim ana cheanúil freisin ar dhá scéal móide DD a chuir siad amach - Eileanór an Eilifint Éagsúil agus Frog sa Spéir. Scéalta le muinín a chothú atá i gceist leis an dá scéal seo, ach iad stuama ciallmhar freisin - i bhfad ón síolteagasc gur féidir le aoinne aon rud a dhéanamh beag beann ar chabhair ó dhaoine eile! Tá na fuaimrianta snasta, le meascán guthanna, ag cloí leis na luachanna a bheifí ag súil leo ó Futa Fata.
An fiontar is déanaí ná sraith úrscéalta go dhéagóirí óga agus páistí níos sine, aistrithe ón bhFraincis. Péire atá agam - "Oíche Mhaith a Bhanphrionsa" agus "An Lámh in Uachtar". Casadh chliste ar na finscéalta faoin prionsa a tharrthálainn an banphrionsa is ea an chéad ceann acu, le roinnt castaí glice ann agus léaráidí den scoth. (Ach deir m'iníon go bhfuil barraíocht gleo ann!).
Scéal iontach - ach d'aois ghrúpa rud beag níos sine -  "An Lámh in Uachtar". Pléann sé ar bhealach thar a bheith stuama agus réalaíoch le tromaíocht ar scoil, agus an imní agus pian a eascraíonn as. (Molta agam don príomhoide bunscoile - go deimhin is mithid dom mo chóip a fháil ar ais uaidh. Thaitin sé leis freisin)
suíomh breá snasta nua ag Futa Fata anois - bainigí sult as!