Píosaí liom in áiteanna eile:

2011-12-12

Gur arís eile

Bhí buaic eile i mo sheachtain drámaíochta oíche Satharn nuair a d'fhreastail mé ar an oíche deiridh de Gur Eile, an gheamaireacht a scríobh Aodh Ó Domhnaill do Aisteoirí Bulfin.
Baineann coinbhinsiúin drámaíochta le geamaireacht, agus tá siad go léir anseo - an deamhain, an buime sí, ceol, an laoch soineanta, an lucht féachana ag tacú le pearsa ar stáitse - ach baintear casadh as gach ceann acu chun súil grinn lán aoir a chaitheamh ar shaol na hÉireann san ré dhearóil iar-tíograch seo, agus muid bronnta ar maorlathaigh ón gcoigríoch ag mí-éifeacht ár rialtais fhéin agus buile na bainc.
Is amaitéaraigh sa chiall is dearfaí iad Aisteoirí Bulfin; ainneoin gur go páirtaimseartha agus gan íocaíocht a  shaothraínn siad an drámaíocht, léiríonn siad a ngrá dó san dóigh gairmiúil a chuireann siad chuige.
Chuaigh siad i gcomhair leis an léiritheoir Barry Barnes an babhta seo chun cabhrú leo beatha dhraíochtúil a thabhairt do fhocail Aoidh, focail atá bunaithe ar shúil ghrinn ar chúrsaí reatha agus cluas ghéar don fhocail cuí agus don imeartas focail.
Cnámha an scéil; cloistear do phéirí Goraille i sléibhte Uganda, atá bailithe de bheith ag déanamh feic saolta díbh fhéin do fhámairí Gearmánacha agus Seapánacha, go bhfuil obair le fáil in Éireann, agus fáilte roimh chách cuma dubh ban nó riabhach. Bhí an t-eolas rud beag as dáta, áfach, agus nuair a thagann siad anseo súitear isteach iad in imeachtaí an IMF agus na Roinne Airgeadais, agus an cos ar bholg atá á imirt acu ar an gcosmhuintir. Cuirtear corr eile sa scéal nuair a thagann Eilís de Bhindsor abhus at chuairt incognito; agus bíonn sí san iomaíocht le Mamaí na Málaí, iar shaighdiúir na cinniúna atá  cliseadh néaróige tar éis tarlú di, d'uachtaránacht na tíre. Puipéid - mar a léirítear dúinn atá sa Dáil - atá dhíth ó na maorlathaigh, ach ní sin go baileach a fhaigheann siad. Is deacair a cheart i mblagmhír a thabhairt do chorr in aghaidh an caim na scéalta ar fad a reictear sa dráma, iad treisithe ag ceol na Milseáin - focail glice nua curtha le sean fhoinn.
Is fearr mar sin blaiseadh a thabhairt daoibh den amhrán a chuir siad an slua ag canadh (le Fonn 'We're on the one road')
Éinne le vóta, bailigh do rópa
Ardaigh tóirse romhat sa tslí,
Táimid ar buile! Cuirimís tine
Le hAngla-Éireann is A-I-B!
Caimiléaraigh is lucht baincéir'
Iad crochta ós na lampaí, 'luascadh
thuas san aer
Turam mo rópa! Turam mo ghad!
Crochaim an Geaing ar fad!!
Bhí sé rud beag aisteach teacht as dráma spleodrach lán aoir go dtí an fíor saol dearóil - dream Occupy Dame Street thart ar bhun an Banc Ceannais - áit a raibh Aodh fostaithe tráth - lucht iarrtha deirce fairsing, ag sá a cupáin folmha páipéir i'd aghaidh; lucht gan dídean ga socrú síos don oíche....

Idéalaí maslaithe is ea an aorthóir. Is mian leis an Saol a bheith Maith; tá sé Olc, agus anois tugann sé fogha faoin Olc. Tucholsky

Aor spleodrach lán greann dóite curtha inár láthair arís ag Aisteoirí Bulfin. Treise leo!